Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste a mhéadú ar mhaithe le cathracha agus ceantair chathrach  

Ag an seisiún iomlánach a bhí ag Coiste Eorpach na Réigiún i mí na Nollag, ghlac na cathracha agus na réigiúin a gcuid moltaí maidir le hiompar poiblí níos fearr i gcathracha agus i réigiúin chathrach. Sa tuairim a dhréachtaigh Adam Struzik (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Mazowieckie, leagtar béim ar na dúshláin a bhaineann leis an mótarthrácht atá ag dul i méid i gcathracha agus i gceantair chathrach agus éilítear réitigh soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste.

Is é an t-iompar is cúis le thart ar an gceathrú cuid d'astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais agus bíonn tionchar diúltach ag modhanna áirithe iompair ar cháilíocht saoil agus sláinte daoine i ngeall ar thruailliú aeir, brú tráchta, torann, timpistí agus an chaoi ina n-úsáidtear an spás poiblí. Os a choinne sin, de bharr leagan amach na réigiún cathrach, bíonn ar shaoránaigh taisteal ó cheantair pheirea-uirbeacha go dtí lár na gcathracha. Ar an gcúis sin, is gá athrú a dhéanamh i dtreo soghluaisteacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ní mór iompar poiblí atá éifeachtach ó thaobh costais de a bheith i gcroílár an athraithe sin.

“Tá cathracha nua-aimseartha bunaithe ar iompar poiblí dea-eagraithe atá bainistithe go héifeachtúil, rud atá an - tábhachtach dá bhforbairt. Tá réitigh mhalartacha agus inbhuanaithe ar mhótariompar aonair de dhíth orainn agus tá gannmheastachán suntasach á dhéanamh faoi láthair ar na costais iarbhír lena mbaineann. San am céanna, ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil a mhalairt de threocht le feiceáil anois i dtaca leis an úsáid a bhaintear as an iompar poiblí de dheasca phaindéim COVID-19. Dá bhrí sin, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i réitigh nuálacha agus ceacht a fhoghlaim ón staid reatha d’fhonn córais iompair phoiblí athléimneacha a fhorbairt lena gcuirtear roghanna malartacha sábháilte agus cothroma ar fáil a fhónann dúinn le linn na géarchéime atá ann faoi láthair agus le linn aon ghéarchéim eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo ”, a dúirt Adam Struzik , Uachtarán Réigiún Mazowieckie.

Tá an rapóirtéir á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacaíocht agus cistiú a áirithiú, ní hamháin d’fhonn infheistíocht nua a dhéanamh in iompar poiblí uirbeach agus i mbonneagar soghluaisteachta gan inneall, ach freisin d’fhonn feidhm nua a bhaint as réitigh smolchaite neamhéifeachtúla. Ní mór don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, don Chiste don Nuachóiriú agus don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar aon leis an gCiste um Aistriú Cóir, a sciar den infheistíocht a dhéanamh i soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe, rud a chuideoidh le cathracha agus le ceantair chathrach gach modh iompair a dhícharbónú agus, ar an gcaoi sin, cion módach níos inbhuanaithe a áirithiú.

Leagann an rapóirtéir béim freisin ar a thábhachtaí atá sé bealaí a aimsiú chun freastal ar riachtanais iompair na saoránach agus, san am céanna, laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le taisteal agus ar na tionchair dhiúltacha lena mbaineann. Trí dhlúthchomhar a dhéanamh maidir leis an iompar agus an phleanáil spáis, is féidir a áirithiú gur féidir leis na saoránaigh rochtain a fháil, trí líonra ionad de mhéid iomchuí, ar gach cineál earra agus seirbhíse, go háirithe i réimsí na sláinte, an oideachais, an spóirt, an chultúir agus na tacaíochta sóisialta. Tá an rapóirtéir á iarraidh freisin go mbeadh córais iompair phoiblí ann atá iontaofa agus comhtháite, ar córais iad a nascann ceantair thuaithe, pheirea - uirbeacha agus uirbeacha le chéile, go háirithe ar mhaithe le comaitéirí, daoine scothaosta agus daoine óga.

Tá ról ar leith ag na húdaráis réigiúnacha maidir le héifeachtúlacht an iompair phoiblí agus le comhtháthú na gcathracha agus na gceantar cathrach le ceantair thuaithe, trí phleanáil nua-aimseartha agus trí iompar poiblí a mhaoiniú. D’fhéadfadh ról lárnach a bheith ag maoiniú seachtrach ó chistí comhtháthaithe an Aontais i ndáil leis sin freisin, maille le hionstraimí eile lena maoinítear infheistíochtaí san iompar, go háirithe an Ciste um Aistriú Cóir, atá ina chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip ”, a dúirt Adam Struzik .

De réir Adam Struzik , beidh cinntí beartais ag teastáil ó chathracha agus ó cheantair chathrach atá bunaithe ar choincheapa, eagrúchán agus oideachas agus ní mór acmhainní airgeadais leordhóthanacha a bheith ag gabháil leo ionas gur féidir na cuspóirí maidir leis an dícharbónú a bhaint amach. Má táthar chun nósanna sóisialta a athrú chun go mbeidh sciar níos mó d’iompar ann atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, ní mór d’úsáideoirí a bheith ar an eolas ina leith agus, thar aon rud eile, ní mór fíor-rogha a thabhairt dóibh.

Tuilleadh faisnéise:

Agallamh le Adam Struzik : An t-iompar poiblí tar éis COVID-19 - an gá atá le réitigh nuálacha agus shábháilte don ghéarchéim atá ann faoi láthair agus do ghéarchéimeanna a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)494 735787

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ACTION-PLAN-WITH-ICLEI.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INCREASING-SUSTAINABLE-AND-SMART-MOBILITY.ASPX

Action Plan with ICLEI
Action Plan with ICLEI
29.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREENING-OF-PEST-MANAGEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INCREASING-SUSTAINABLE-AND-SMART-MOBILITY.ASPX

Local and regional authorities demand a fund for the greening of pest management
Local and regional authorities demand a fund for the greening of pest management
16.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BOOSTING-GREEN-INVESTMENTS-INCREASING-FUNDS-KEY-PRIORITY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INCREASING-SUSTAINABLE-AND-SMART-MOBILITY.ASPX

Boosting green investments and increasing direct funds for cities and regions remains a key priority for local leaders in 2023
Boosting green investments and increasing direct funds for cities and regions remains a key priority for local leaders in 2023
08.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ENVE-14-FEB-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INCREASING-SUSTAINABLE-AND-SMART-MOBILITY.ASPX

Tackling pollution and the energy crisis amongst EU local leaders 2023 key priorities
Tackling pollution and the energy crisis amongst EU local leaders 2023 key priorities
15.02.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EP-VOTE-AUTOMOTIVE-REGIONS-ALLIANCE-.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INCREASING-SUSTAINABLE-AND-SMART-MOBILITY.ASPX

Vehicle emissions: new EU regulation mobilises the Automotive Regions Alliance to make the industry green transition socially fair
Vehicle emissions: new EU regulation mobilises the Automotive Regions Alliance to make the industry green transition socially fair
14.02.2023