Phléigh Coiste na Réigiún (CnaR) agus Aire Comhshaoil na Gearmáine conas téarnamh glas, athléimneach agus cóir a bhaint amach
Chuir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha i bhfios go láidir inniu nach mór don Eoraip na ceachtanna cearta a fhoghlaim ó ghéarchéim COVID-19 agus an bealach a réiteach do théarnamh glas trína chur ar chumas chathracha agus réigiúin na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. B’in í an teachtaireacht a tháinig chun cinn de thoradh na díospóireachta a rinne Comhaltaí CnaR le Svenja Schulze, Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine. D’iarr CnaR freisin ar Chinn Stáit agus Rialtais AE27 na huaillmhianta atá acu ó thaobh na haeráide a ardú agus aontú le chéile an tseachtain seo faoi sprioc laghdaithe astaíochtaí carbóin 55 % ar a laghad do 2030.
Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach atá beartaithe don tseachtain seo, féachfaidh ceannairí na 27 mBallstát le teacht ar chomhaontú faoi sprioc nua laghdaithe astaíochtaí AE do 2030. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990, agus tacaíonn CnaR leis an aidhm sin. Le linn dhíospóireacht fhíorúil iomlánach an Choiste, chuir ceannairí réigiúin, chathracha agus shráidbhailte an Aontais i bhfios go tréan nár cheart do ghéarchéim COVID-19 cur isteach ar thiomantas an Aontais dul i ngleic le géarchéimeanna na haeráide agus na bithéagsúlachta trí sprioc nua níos uaillmhianaí do 2030 a leagan síos. Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtiocfaidh tionscadail nithiúla áitiúla den Chomhaontú Glas don Eoraip (arb é straitéis nua fáis an Aontais é), rud a tharlóidh má chuirtear chur feidhme mar is ceart é, agus is den tábhacht freisin an Comhaontú a bhunú ar chur chuige díláraithe.
Dúirt Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán CnaR agus Gobharnóir na Macadóine Láir sa Ghréig, an méid seo a leanas: "I dtaca leis an ngeilleagar agus an aeráid de, táimid i sáinn cheart; is éard atá de dhíth orainn téarnamh cothrom, cóir agus glas i ngach réigiún, cathair agus sráidbhaile san Eoraip. Ní mór do Bhallstáit an Aontais aontú le chéile faoi astaíochtaí carbóin a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 chomh maith le buiséad fadtéarmach agus pleananna téarnaimh an Aontais a fhormheas gan mhoill. Tá tábhacht thar meán leis sin má táimid chun an bealach a réiteach d’fhonn Eoraip a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach faoi 2050 agus chun aistriú tapa i dtreo geilleagair níos inbhuanaithe a ráthú, chun poist a chosaint agus chun deiseanna nua a chruthú."
Ag labhairt di ag seisiún iomlánach CnaR an 8 Nollaig, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Cónaidhme, Svenja Schulze : "Faoi mar is fíor sin i gcás an chomhraic i gcoinne COVID-19, is eol dúinn nach mbeidh rath ar an mbeartas comhshaoil agus aeráide ach oiread mura mbeidh dea-chomhar ann idir na leibhéil pholaitiúla uile, mar atá an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Is é an Comhaontú Glas an straitéis atá againn chun geilleagar na hEorpa a sheoladh ar a leas athuair, rud a fhágfaidh é níos athléimní, níos iomaíche agus níos inbhuaine. Is den riachtanas é go dtiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú go luath maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bhfuil caiteachas ollmhór ar chosaint aeráide agus ar bhithéagsúlacht beartaithe mar chuid di."
Is éard a dúirt Juan Espadas (ES/PSE) , Méara Sevilla agus cathaoirleach Choimisiún ENVE agus na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil i gCoiste na Réigiún: "Agus sinn ag téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 tá deis againn an Eoraip a atógáil ar bhealach inbhuanaithe agus dlús a chur leis an aistriú éiceolaíoch, rud atá ag teastáil go géar. Ní healaín dúinn am a chur amú ar shlí ar bith agus sinn ag iarraidh ár ngeilleagair a shábháil a bhuí le buiséad láidir Eorpach nó ag iarraidh gníomhaíochtaí misniúla ar son na haeráide a chur chun feidhme. Is féidir leis an bPlean maidir le Sprioc Aeráide 2030 a bheith ar cheann de mhóréachtaí na hUachtaránachta an tseachtain seo. Tá na cathracha agus na réigiúin réidh le dul i mbun gnímh."
Mar léiriú ar a thiomanta atá rialtas na Gearmáine do rannpháirtíocht láidir áitiúil agus réigiúnach sna beartais aeráide, d’iarr Uachtaránacht reatha na Comhairle (a dtiocfaidh deireadh lena hUachtaránacht 6 mhí ar an 31 Nollaig) ar CnaR dhá thuairim ina leith sin a eisiúint. Sa chéad tuairim díobh sin, déantar measúnú ar na deiseanna a bhaineann le hoiriúnú réamhchúramach don athrú aeráide agus áitítear ar an gCoimisiún Eorpach Straitéis nua AE um Oiriúnú a fhorbairt a mbeadh spriocanna agus táscairí soiléire aici i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta gníomhaí agus na comhréireachta.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an rapóirtéir Markku Markkula (FI/PPE) , Cathaoirleach Chomhairle Cathrach Espoo agus iar-Uachtarán CnaR (2015-2017): "Ba cheart do na ceannairí polaitiúla caitheamh leis an athrú aeráide mar éigeandáil nach mór dóibh aghaidh a thabhairt uirthi i dteannta a chéile trí bhearta nuálacha atá dírithe ar dheireadh a chur leis an smaointeoireacht neamh-chomhtháite agus le bacainní agus atá dírithe freisin ar bheartais maolaithe agus oiriúnúcháin a chomhtháthú. Leanann de sin go gcaithfidh an tAontas Eorpach spriocanna i bhfad níos uaillmhianaí a bheith aige i dtaca leis an aeráid i gcomórtas leis na spriocanna atá faoi chaibidil inniu agus go gcaithfidh sé na huirlisí is gá a chur ar fáil do na cathracha agus do na réigiúin chun réitigh a aimsiú a oireann don uile chríoch. Ní éireoidh le haon bheartas oiriúnúcháin ach amháin má chuirtear san áireamh ann riachtanais, tuairimí agus saineolas na réigiún agus na gcathracha."
Cuirfidh an rapóirtéir Andries Gryffroy (BE/Comhghuaillíocht Eorpach) an dara tuairim i láthair Dé Céadaoin; dírítear inti ar thionchar an athraithe aeráide ar na réigiúin agus déantar measúnú tosaigh ar an gComhaontú Glas. Is éard a dúirt Andries Gryffroy, ar comhalta de Pharlaimint Fhlóndras é: "Ní éireoidh leis an gComhaontú Glas mura mbeidh sé bunaithe ar chur chuige ón mbun aníos. Is éard atá á iarraidh againn ná go mbeadh comhar níos dlúithe ann leis an gCoimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh na réigiúin agus na cathracha i gcroílár an Chomhaontaithe. Tá pleananna maidir le haistriú fuinnimh nó Comhaontuithe Glasa Áitiúla glactha ag roinnt réigiún agus cathracha. Is annamh, áfach, a chuirtear san áireamh iad i bpleananna náisiúnta agus i straitéisí náisiúnta. Molaimid go mbeadh na rialtais fhonáisiúnta páirteach go hiomlán i sainiú agus i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus go dtabharfaí rochtain níos mó agus níos éasca ar mhaoiniú dóibh. Táimid réidh chun oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún agus lena Airmheán Comhpháirteach Taighde chun Scórchlár réigiúnach Eorpach a chur ar bun d’fhonn faireachán agus rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht, beartais agus maoiniú a bhaineann leis an aeráid agus leis an gComhaontú Glas a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach."
Eolas cúlra
Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach atá beartaithe don tseachtain seo (10-11 Nollaig), féachfaidh ceannairí na 27 mBallstát le teacht ar chomhaontú faoi sprioc nua laghdaithe astaíochtaí AE do 2030. Cuirfidh sin ar chumas an Aontais a rannchuidiú nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta a chur faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide roimh dheireadh 2020. Moltar i bPlean an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Sprioc Aeráide 2030 astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoin tráth sin i gcomparáid le leibhéil 1990, agus tacaíonn CnaR leis an aidhm sin.
Teagmháil:
Lauri Ouvinen
Teil.: +32 473536887
lauri.ouvinen@cor.europa.eu
David Crous
Teil. +32 470 881 037
david.crous@cor.europa.eu