Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Cuspóirí níos uaillmhianaí i leith na haeráide agus rochtain dhíreach ar chistí na hEorpa: is Comhaontú Glas ar an leibhéal áitiúil atá ó na ceannairí áitiúla  

Agus cruinniú mullaigh ríthábhachtach de chuid an Aontais Eorpaigh ar na bacáin, tá sraith tograí curtha síos ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) maidir leis an gComhaontú Glas a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil. Tá sé tugtha le fios i dtuairim an rapóirtéara Andries Gryffroy (BE/EA) , comhalta den Pharlaimint Phléimeannach, go bhfuil sé á éileamh ag na cathracha agus na réigiúin go mbeadh ról lárnach acu i dtionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais. Tá sé á éileamh acu freisin go mbeadh rochtain dhíreach acu ar chistí an Aontais agus go mbunófaí Scórchlár Réigiúnach Eorpach chun na gníomhaíochtaí dá gcuid ar son na haeráide, mar aon leis an tionchar atá acu, a mheas. Sa phreaseisiúint seo, luaitear cuid de na príomhthograí a chuirtear chun cinn sa tuairim “Tionchar an athraithe aeráide ar na réigiúin: measúnú ar an gComhaontú Glas don Eoraip” . Agus muid fós ag fanacht ar chomhaontú maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais, maidir leis an bpacáiste téarnaimh agus maidir le sprioc 2030 i dtaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tá rabhadh tugtha ag ceannairí áitiúla go gcuirfear plean téarnaimh eacnamaíoch COVID-19 i mbaol mura dtiocfar ar na comhaontuithe sin go luath, rud a chuirfeadh isteach go mór ar phobail áitiúla agus réigiúnacha ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh.

Tá an gníomhú ar son na haeráide agus an Comhaontú Glas don Eoraip, straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, tá siad fós ar bharr chlár oibre polaitiúil an Aontais. Rinne CnaR, le linn sheisiún iomlánach mhí na Nollag 2020 , tuairim ríthábhachtach maidir leis an gComhaontú Glas a ghlacadh ina dtugtar moltaí maidir le sásraí rialachais, maoinithe agus faireacháin.

Seo mar a labhair rapóirtéir na tuairime, agus comhalta den Pharlaimint Phléimeannach, Andries Gryffroy (BE/EA) : “Ní éireoidh leis an gComhaontú Glas mura bhfuil cur chuige ón mbun aníos ann. Iarraimid comhar níos dlúithe leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Ballstáit chun a chinntiú go gcuirfear na réigiúin agus na cathracha ag croílár an chomhaontaithe. Tá pleananna aistrithe fuinnimh agus comhaontuithe glasa áitiúla glactha cheana féin ag go leor réigiún agus cathracha. Mar sin féin, is annamh a thugtar suntas dóibh i bpleananna agus i straitéisí náisiúnta. Molaimid go mbeadh na rialtais fhonáisiúnta lánpháirteach i sainiú agus i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus go mbeadh rochtain níos mó agus níos éasca acu ar mhaoiniú. Táimid réidh le bheith ag obair i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde chun Scórchlár Réigiúnach Eorpach a chur ar bun, agus táimid réidh chun faireachán agus rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le reachtaíocht, beartais agus maoiniú a bhaineann leis an aeráid agus leis an gComhaontú Glas a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.”

Ó thaobh rialachais de, is oth leis an gCoiste gur annamh a thugtar suntas do ranníocaíochtaí aeráide na n-údaráis áitiúil agus réigiúnach i bpleananna náisiúnta a tharraingítear suas i bpríomhchathracha an Aontais. Tá na cathracha agus na réigiúin ag iarraidh páirt a ghlacadh ar bhealach struchtúrtha i gceapadh agus i gcur chun feidhme na bpleananna téarnaimh náisiúnta i leith COVID-19 agus na n-infheistíochtaí don Chomhaontú Glas. Chuige sin, molann siad na comhairliúcháin éigeantacha agus an t-idirphlé il-leibhéil a leathnú go dtí gach réimse den Chomhaontú Glas, lena n-áirítear an fuinneamh agus an aeráid, an t-iompar, an bhithéagsúlacht agus glasú na limistéar uirbeach.

Ó thaobh maoinithe de, tá rabhadh tugtha ag na comhaltaí faoi bhainistíocht láraithe chistí an Aontais. Sa tuairim ó CnaR maidir leis an gComhaontú Glas , iarrtar rochtain dhíreach a bheith ag cathracha agus ag réigiúin ar acmhainní an Aontais, ós iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na húdaráis a thugann faoin gcuid is mó de na bearta maolaithe agus na bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus ós iad is fearr atá ar an eolas faoin gcaoi a bhfuil rudaí dáiríre ar an leibhéal áitiúil.

Sna tograí reatha maidir le buiséad an Aontais, tiomnaítear 30 % den chaiteachas don ghníomhú ar son na haeráide. Is leis an aeráid a bhaineann ar a laghad 37 % den chaiteachas iomlán ar phacáiste téarnaimh COVID-19, Next Generation EU.

Ó thaobh faireacháin de, mheabhraigh na comhaltaí go bhfuil gá le sásraí agus le táscairí chun measúnú cruinn a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus freisin chun an méid atá bainte amach ag cathracha agus ag réigiúin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) dá gcuid a laghdú, maille leis an méid a chuireann siad leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, a dheimhniú.

Tá sé beartaithe ag an gCoiste go ndéanfar Scórchlár Réigiúnach Eorpach a sheoladh chun fianaise a sholáthar ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus na bpleananna téarnaimh ar an leibhéal áitiúil. Tá gá le táscairí d’fhonn bonnlíne gach réigiúin ó thaobh an athraithe aeráide de a aithint ón tús, d’fhonn na sainiúlachtaí, na dúshláin agus na riachtanais atá ag na réigiúin a shainaithint ar bhealach níos fearr, agus d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na gníomhaíochtaí dá gcuid ar son na haeráide.

Agus cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh a thionólfar an tseachtain seo ag druidim linn, d'eagraigh comhaltaí CnaR díospóireacht le Svenja Schulze , Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine. Déanfar iarracht sa chruinniú mullaigh teacht ar chomhaontú maidir le sprioc 2030 an Aontais Eorpaigh d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a nuashonrú agus déanfar iarracht, go háirithe, teacht ar chomhaontú maidir le buiséad fadtéarmach agus plean téarnaimh an Aontais. Agus tús á chur aige leis an díospóireacht sin, seo mar a labhair Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán an Choiste: “Ní mór do Bhallstáit an Aontais aontú faoina gcuid astaíochtaí carbóin a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus ní mór dóibh buiséad fadtéarmach agus pleananna téarnaimh an Aontais a fhormheas gan mhoill. Tá sé riachtanach go mbeadh cistí an Aontais ag feidhmiú faoin gcéad leath de 2021. Mura ndéanfar sin, beidh sé ródhéanach ag an Aontas Eorpach pobail áitiúla a chosaint agus beidh sé ródhéanach againne ár ngeilleagair a chaomhnú”.

Eolas cúlra

Is iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a dhéanann suas le 70 % den mhaolú ar an athrú aeráide agus a dhéanann suas le 90 % de na bearta oiriúnaithe don athrú aeráide, agus is iad na húdaráis chéanna atá freagrach freisin as níos mó ná 65 % den infheistíocht phoiblí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol san Aontas.

Tá an t-agallamh is déanaí leis an rapóirtéir Andries Gryffroy (BE/EA) le léamh anseo .

An 13 Deireadh Fómhair 2020, thug an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún gealltanas tús a chur le céim nua comhair chun dlús a chur le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais i réigiúin agus i gcathracha na hEorpa. Le linn díospóireacht le Frans Timmermans, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um an gComhaontú Glas don Eoraip, d’iarr Timmermans ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha úinéireacht a ghlacadh ar an gComhaontú Glas agus é a chur in oiriúint do réimsí a thagann faoi inniúlachtaí dá gcuid.  Tá an phreaseisiúint sin le léamh anseo .  

Tionscnamh nua de chuid Choiste Eorpach na Réigiún is ea ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ a bhfuil mar aidhm aige cathracha agus réigiúin a chur i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is é is aidhm dó freisin a chinntiú gur fíorthionscadail do gach limistéar a thiocfaidh as straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais agus as pleananna téarnaimh COVID-19 agus a chinntiú go gcuirfear maoiniú díreach ar fáil do chathracha agus réigiúin. Seoladh an tionscadal ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ tar éis do CnaR meitheal nua a chur ar bun ina bhfuil 13 chomhalta . Tá an phreaseisiúint le léamh anseo .

Tá 200 dea-chleachtas a bhaineann leis an gComhaontú Glas le haimsiú ar ár léarscáil ar líne .

Tuilleadh eolais:

Tá na grianghraif ón 141ú seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún ar fáil ar ghailearaí Flickr CnaR .

Teagmháil:

David Crous

david.crous@cor.europa.eu

+32 (0) 470 88 10 37

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREEN-DEAL-FUNDING-ALERT-AUGUST-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREATER-CLIMATE-AMBITION-AND-DIRECT-ACCESS-TO-EU-FUNDS.ASPX

Green Deal Funding Alert - August 2023
Green Deal Funding Alert - August 2023
31.08.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREEN-DEAL-FUNDING-ALERT-JULY-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREATER-CLIMATE-AMBITION-AND-DIRECT-ACCESS-TO-EU-FUNDS.ASPX

Green Deal Funding Alert – July 2023
Green Deal Funding Alert – July 2023
31.07.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CP83-PRESIDENT-VASCO-ALVES-CORDEIRO-MEETS-UN-SECRETARY-GENERAL-ANTONIO-GUTERRES.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREATER-CLIMATE-AMBITION-AND-DIRECT-ACCESS-TO-EU-FUNDS.ASPX

President Vasco Alves Cordeiro meets UN Secretary-General António Guterres to discuss regions' and cities' contribution to the Sustainable Development Goals
President Vasco Alves Cordeiro meets UN Secretary-General António Guterres to discuss regions' and cities' contribution to the Sustainable Development Goals
18.07.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REFORM-EU-ELECTRICITY-MARKET-BOOSTING-ENERGY-TRANSITION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREATER-CLIMATE-AMBITION-AND-DIRECT-ACCESS-TO-EU-FUNDS.ASPX

Reform of the EU electricity market: Local action for boosting the energy transition
Reform of the EU electricity market: Local action for boosting the energy transition
06.07.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REDUCE-POLLUTION-SAVE-LIVES-ENVIRONMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREATER-CLIMATE-AMBITION-AND-DIRECT-ACCESS-TO-EU-FUNDS.ASPX

Ambitious targets to reduce pollution will save lives and environment but regions and cities need support to deliver
Ambitious targets to reduce pollution will save lives and environment but regions and cities need support to deliver
06.07.2023