Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Rabhadh tugtha ag Uachtarán CnaR agus Méara Londan: seachnaítear Brexit gan mhargadh mar nach mbeidh de thoradh air ach cor chun donais do réigiúin agus do chathracha an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe  

Grúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe faoi chathaoirleacht Uachtarán Réigiún na Briotáine chun dlús a chur le comhpháirtíochtaí áitiúla agus réigiúnacha agus féachaint chuige go mbeidh tacaíocht airgeadais leordhóthanach ón Aontas ann do réigiúin a bheidh buailte go dona

Le linn díospóireacht ar líne sa Bhruiséil, d’iarr Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) – Apostolos Tzitzikostas – agus Méara Londan – Sadiq Khan – ar idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe leanúint den phlé go dtí go dtiocfar ar chomhaontú trádála. Thug siad rabhadh go mbeadh tionchar tubaisteach ag an gcás dá mba rud é nach ndéanfaí margadh agus nach mbeadh de thoradh air ach cor chun donais do go leor réigiún agus cathracha san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe. D’iarr Méara Londan go gcuirfí fadú láithreach leis an idirthréimhse mura bhféadfaí teacht ar chomhaontú trádála mar chuid den chaibidlíocht atá ar siúl. Chomh maith leis sin, gheall rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe go gcuirfidís dlús leis na hiarrachtaí comhpháirteacha chun iarmhairtí Brexit a mhaolú agus go gcomhoibreoidís amach anseo ar shaincheisteanna amhail an t-athrú aeráide agus an imirce.

Agus níos lú ná trí seachtaine fágtha sula dtiocfaidh deireadh le hidirthréimhse na Ríochta Aontaithe agus an comhaontú trádála a bheidh ann amach anseo idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach fós idir dhá cheann na meá, chuir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus Méara Londan in iúl go raibh imní orthu faoi na himpleachtaí tromchúiseacha a bheidh ann mura ndéanfar margadh. Gheall siad go n-oibreoidís go dlúth le chéile lena chinntiú go ndéanfar measúnú rialta ar thionchar Brexit ar a gcríocha agus go n-oibreoidís le chéile ar réimsí leasa fhrithpháirtigh amach anseo.

Thug Uachtarán CnaR agus Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir sa Ghréig, Apostolos Tzitzikostas , an rabhadh seo a leanas: “Mura ndéanfar margadh, beidh sé tubaisteach do go leor réigiún agus is suaitheadh díobhálach a bheidh ann do na geilleagair réigiúnacha le linn na paindéime. Is iad na rialtais áitiúla agus réigiúnacha is túisce a fheicfidh tionchar na caibidlíochta deiridh seo faoi Brexit ar shaol an phobail. Beidh na blianta fada ann sula mbunófar teorainneacha nua an chaidrimh eadrainn agus sula mbeidh tuiscint againn ar na himpleachtaí a bheidh ag an gcolscaradh seo dúinn go léir. I gcomhar le cathair Londan, oibreoidh cathracha agus réigiúin na Ríochta Aontaithe agus réigiúin agus cathracha an Aontais Eorpaigh as lámha a chéile chun teacht ar bhealaí chun an tionchar ar ár bpobail faoi seach a mhaolú”.

Ag labhairt dó le linn na díospóireachta, dúirt Méara Londan, Sadiq Khan , an méid seo a leanas: “ Tá Brexit linn anois agus tá sé de dhualgas orainn féachaint romhainn, seachas ar an am atá thart. Ní mór dúinn oibriú as lámha a chéile ar dhúshláin atá i gcoiteann againn – i gcathracha, i réigiúin agus i dtíortha éagsúla. Is mian liom a chinntiú go mbeidh Londain ina comhpháirtí lárnach ag an mBruiséil agus ag gach cathair, réigiún agus náisiún de chuid na hEorpa. Mura féidir teacht ar chomhaontú trádála sna laethanta amach romhainn, d’áiteoinn ar Boris Johnson agus ar an Aontas fadú a chur leis an idirthréimhse. Níor cheart go nglacfaí ar chor ar bith le Brexit gan mhargadh. Ní bheadh buntáiste ar bith ann don Ríocht Aontaithe ná don Aontas Eorpach – chuirfí poist i mbaol, chuirfí bac ar an bhfás agus thabharfaí buille do chaighdeáin mhaireachtála ar fud na hEorpa díreach agus uair na cinniúna druidte linn sa chomhrac i gcoinne na paindéime.”

Phléigh comhaltaí CnaR bealaí chun caidreamh a chothú agus a fhorbairt le húdaráis riaracháin chineachta na Ríochta Aontaithe agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i Sasana, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart Éireann agus i nGiobráltar. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Loïg Chesnais-Girard (FR/PSE), Uachtarán Réigiún na Briotáine atá ina Chathaoirleach ar an nGrúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe a cruthaíodh le déanaí: “ Is é leas na bpolaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha ar dhá thaobh Mhuir nIocht gur lú an dochar a dhéanfar dá ngeilleagair réigiúnacha agus áitiúla. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór dúinn an comhar trasteorann a chur chun cinn inár dteagmhálacha leis na rialtais náisiúnta agus leis an Aontas. Laistigh den Aontas, tugann Cúlchiste Coigeartaithe Brexit cosaint do na limistéir is mó atá buailte. Iarraim ar an Aontas a bheith réidh le tuilleadh airgid a chur ar fáil má sháraíonn iarmhairtí Brexit €5 bhilliún – agus gach seans go sáróidh. Tá an manglam Covid-Brexit seo thar a bheith dainséarach, agus ní mór dúinn seasamh le chéile, ó thaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta de.”

Mar chuid den chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, sheol Michel Barnier , Ceann an Tascfhórsa don Chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe , teachtaireacht freisin: “ Táimid ag obair i gcónaí ar chomhpháirtíocht uaillmhianach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, comhpháirtíocht a chabhródh le daoine, le pobail áitiúla, agus le gnólachtaí agus réigiúin freisin, leanúint den chomhar atá eatarthu ar an mbealach is fearr is féidir amach anseo. Cé go bhfuilimid fós toilteanach, áfach, teacht ar réitigh a théann chun tairbhe don dá thaobh, mar a bhí i gcónaí, ní dhéanfaidh an tAontas margadh ar nós cuma liom. Is cuma cén sórt comhaontaithe a bheadh ann, bheadh gá ár margadh aonair agus leasanna eacnamaíocha fadtéarmacha shaoránaigh, ghnólachtaí agus réigiúin an Aontais a chaomhnú ann. Tá éagsúlachtaí móra fós eadrainn maidir leis na saincheisteanna atá i mbéal an phobail faoi seo, is iad sin cothrom na féinne, an rialachas agus an t-iascach. Beidh an-tábhacht leis na laethanta atá romhainn amach. Ar chaoi ar bith, ba cheart dúinn ar fad leanúint de na hullmhúcháin do gach cás a d'fhéadfadh a bheith ann, Brexit gan mhargadh ar an 1 Eanáir 2021 san áireamh.”

Eolas cúlra

In 2018, rinne CnaR suirbhéanna ar a chomhaltaí agus ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar chomhlachais áitiúla tráchtála eile maidir le himpleachtaí Brexit, agus foilsíodh iad i dtuarascáil chomhdhlúite. Áirítear sa tuarascáil sin torthaí staidéir a rinneadh ar na hearnálacha agus na réigiúin is mó atá neamhchosanta ar athruithe ar na naisc eacnamaíocha leis an Ríocht Aontaithe. Ar na hearnálacha sin, bhí bia, feithiclí iompair, innealra, leictreonaic, teicstílí agus troscán. I measc na réigiún is mó a bheidh i mbaol, tá gach réigiún in Éirinn, Hauts-de-France agus an Bhriotáin sa Fhrainc, cúigí Małopolskie agus Lublin sa Pholainn, Stát Hesse sa Ghearmáin, Flóndras sa Bheilg agus an Andalúis sa Spáinn. Aithníodh go bhfuil earnálacha tionsclaíocha áirithe go mór i mbaol i réigiúin Emilia Romagna, an Tuscáin agus Marche san Iodáil, Midi-Pyrénées agus Auvergne sa Fhrainc, agus i réigiúin sa Ghearmáin, san Ísiltír, sa Phortaingéil, sa tSlóvaic, sa tSeicia, sa Rómáin, sa Bhulgáir agus sa Ghréig.

Teagmháil:

Michele Cercone

Urlabhraí an Uachtaráin

Teil. +32 (0)498 98 23 49

Michele.Cercone@cor.europa.eu

David French

Teil. +32 473 85 47 59

David.French@cor.europa.eu

Roinn :