San agallamh seo, thug Guido Milana (IT/PSE) freagra ar chúig cheist a bhaineann leis an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” , arb í sin an straitéis nua le go mbeidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol againn san Aontas. Tá Milana, comhalta de bhardas Olevano Romano agus iar-fheisire de Pharlaimint na hEorpa, ag iarraidh go ndéanfaí athrú radacach ar an táirgeadh agus tomhaltas bia, ag tosú leis an aistriú chuig córais táirgthe níos glaise a urramaíonn prionsabail na bithéagsúlachta agus na héiceolaíochta. Is é Milana rapóirtéir na tuairime “Ón bhFéirm go dtí an Forc: an ghné áitiúil agus réigiúnach” agus chuir sé i bhfáth go bhfágann COVID-19 gur den phráinn anois é, murab ionann is riamh, tabhairt faoin aistriú chuig córas bia atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní. Glacfar an tuairim sin le linn sheisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún i mí na Nollag 2020 .
Tá spriocanna uaillmhianacha leagtha síos sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, spriocanna maidir le laghdú a dhéanamh ar úsáid lotnaidicídí, leasachán ceimiceach agus ábhar frithmhiocróbach, maille leis an gcuspóir 25 % de thalamh talmhaíochta a úsáid don fheirmeoireacht orgánach d’fhonn an t-aistriú chuig córais inbhuanaithe bhia a chur chun cinn. An bhfuil an méid sin indéanta i bhfianaise ráta fáis an daonra atá tuartha?
Is iad na córais bhia is cúis le thart ar aon trian de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an domhain, astaíochtaí a ghintear den chuid is mó i réimse an táirgthe talmhaíochta. Is cinnte nach mór tús áite a thabhairt do laghdú na n - astaíochtaí carbóin ón talmhaíocht. Mar sin féin, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag gach réimse eile den táirgeadh bia ar an aeráid, mar shampla pacáistiú, próiseáil agus dáileadh táirgí. Dá bhrí sin, is den riachtanas é go moltar spriocanna uaillmhianacha maidir le truailleáin a laghdú sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”. Is gá dúinn córais táirgthe a stiúradh ar bhealach éifeachtach i dtreo cineálacha córas níos glaise a urramaíonn prionsabail na bithéagsúlachta agus na héiceolaíochta. Ní mór athrú radacach a dhéanamh ar an táirgeadh agus tomhaltas bia agus comhghuaillíocht láidir a bheith ann idir táirgeoirí agus tomhaltóirí. Mar sin féin, ní féidir linn an t - aistriú sin a dhéanamh thar oíche, go háirithe mura dtugaimid dóthain cúnaimh do tháirgeoirí reatha chun gur féidir leo na cleachtais táirgthe atá ann faoi láthair a iompú ina gcleachtais níos inbhuanaithe a leanann cleachtais agraí - éiceolaíocha nua. Thar aon ní eile, ní mór dúinn leanúint de chistiú a thabhairt do shruthanna a thacaíonn leis an bhforbairt tuaithe ar mhaithe le haistriú inbhuanaithe a chinntiú. San am céanna, is gá dúinn díriú go straitéiseach ar an taighde agus ar an bhforbairt. Go bunúsach, ní hamháin go bhfuil pionóis agus srianta ag teastáil, tá pacáiste de bheartais chomhordaithe ag teastáil freisin chun cineálacha táirgthe a chur chun cinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de agus a bhfuil luach saothair iomchuí ag dul leo.
Cén chaoi ar cheart don chomhbheartas talmhaíochta tacú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil na straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus na straitéise bithéagsúlachta?
Is príomhuirlis é an comhbheartas talmhaíochta (CBT) chun an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus an straitéis bhithéagsúlachta a chur chun feidhme. Is é atá beartaithe le CBT a chinntiú go dtabharfar cosaint eacnamaíoch do tháirgeoirí agus go n-éascófar rochtain shábháilte ar thalamh talmhaíochta, go háirithe do tháirgeoirí beaga agus meánmhéide níos leochailí. Ba cheart dó freisin scéimeanna dreasachta iomchuí a chur ar fáil d’fhonn feirmeoirí a spreagadh chun cleachtais níos glaise a ghlacadh. Is cúis aiféala an easpa uaillmhéine san athchóiriú ar CBT, go háirithe i bhfianaise chuspóirí comhshaoil na straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc”. Ní féidir na cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach gan acmhainní leordhóthanacha agus infheistíocht mhór sa táirgeadh inbhuanaithe. Ní mór CBT a chur ag luí ar bhealach níos fearr leis an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, ní hamháin ó thaobh an chomhshaoil de ach freisin ó thaobh na trádála idirnáisiúnta de agus ó thaobh beartais agus ionstraimí earnála. Sa bhreis air sin, ní mór dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar chuspóirí an chomhbheartais iascaigh (CBI) chun athrú a dhéanamh ar an gcóras tobhaigh agus tosú ag breathnú ar an bhfarraige mar limistéar mór a d’fhéadfaí a shaothrú seachas breathnú uirthi mar mhianach óna mbaintear acmhainní iascaigh.
Cén chaoi ar féidir le rialtais áitiúla agus réigiúnacha cuidiú le córais níos inbhuanaithe bhia a fhorbairt? Ar mhiste leat a insint dúinn faoi aon samplaí de thionscnaimh a seoladh ar an leibhéal áitiúil?
Is iad na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha rialtais an áit is fearr chun tionscnaimh nua a thástáil. Bíonn siad i gcónaí chun tosaigh ar straitéisí uile-Eorpacha agus ba cheart dóibh a bheith níos rannpháirtí anois. Le blianta fada anuas, tá beartais bia áitiúil á gcur i gcrích ag comhlachtaí áitiúla nó réigiúnacha san Aontas agus go hidirnáisiúnta araon agus, mar aon leis sin, tá comhairlí um beartas bia nó fiú bithréigiúin curtha ar bun acu freisin. Tá sé léirithe ag na cathracha agus na réigiúin gur féidir leo leas a bhaint as uirlisí pleanála áitiúla agus réigiúnacha agus beartais áitiúla chomhtháite chun leaganacha den talmhaíocht uirbeach, slabhraí gearra soláthair agus margaí réigiúnacha a spreagadh, chun tús a chur le soláthar bia inbhuanaithe le haghaidh bia áitiúil, séasúrach agus orgánach i gceaintíní áitiúla, maille le tionscnaimh oideachais agus feasachta poiblí chun córais áitiúla bhia a fheabhsú. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas a sampla siúd a leanúint agus oibriú i gcomhar leis na cathracha agus na réigiúin chun dea-chleachtais atá ag teacht chun cinn ar an leibhéal áitiúil a scaipeadh. Tá gá anois, murab ionann is riamh, le cumarsáid, tacaíocht agus foghlaim fhrithpháirteach ar gach leibhéal rialtais. Mar shampla, b’iontach dá mbainfeadh an straitéis atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach leas as an sampla de shamhlacha rannpháirtíochta, amhail na comhairlí um beartas bia atá curtha ar bun ag roinnt mhaith údarás áitiúil agus réigiúnach.
Tá na patrúin de thomhaltas bia atá ann faoi láthair neamh-inbhuanaithe, ó thaobh na sláinte agus an chomhshaoil de. Conas is féidir an fhadhb sin a leigheas? An iad na tomhaltóirí amháin atá freagrach as a n - aistí bia a athrú?
Tá cleachtais tomhaltais ina spreagadh tábhachtach san aistriú chuig córais inbhuanaithe bhia. Is léir go bhfuil athruithe á ndéanamh cheana féin. Is iomaí duine anois atá níos airdeallaí agus níos criticiúla faoina roghanna tomhaltais. Mar sin féin, is den tábhacht go n-imeofar ó riachtanais sciar beag den phobal a shásamh agus a chinntiú gur féidir le gach duine teacht ar roghanna bia atá folláin agus oiriúnach ó thaobh cultúir de. Níl sé ceart nach féidir le daoine nach bhfuil sé d’acmhainn acu bia “folláin” a cheannach a ndóthain bia a fháil nó nach féidir leo ach bia ardphróiseáilte a cheannach. Ní mór dúinn an ceart atá ag gach duine chun bia folláin agus inbhuanaithe a fháil a chosaint. Tá tacaíocht de dhíth ar thomhaltóirí, lena n-áirítear na glúine is leochailí agus na glúine óga, i bhfoirm oideachais agus faisnéis chruinn thrédhearcach, maille le dreasachtaí chun patrúin tomhaltais a athrú. Mar sin féin, ní mór dúinn an t-athrú a spreagadh agus tacú leis trí dhearcadh iomlánach a ghlacadh i ndáil leis an gcóras táirgthe bia agus, ar an dóigh sin, táirgeadh an bhia fholláin agus inacmhainne, agus an soláthar de ar an margadh, a spreagadh. Tá gá freisin le bearta cosanta sóisialta ionas gur féidir leis na grúpaí is leochailí roghanna bia folláine a dhéanamh as a stuaim féin.
Cén sórt tionchair atá ag an bpaindéim ar chórais áitiúla agus réigiúnacha bhia? Cad iad na tionscnaimh agus na bearta lárnacha atá curtha i bhfeidhm chun córais áitiúla agus réigiúnacha bhia a neartú mar fhreagairt ar an ngéarchéim seo?
Go deimhin, de dheasca na paindéime, tá deighiltí agus athruithe gearrthéarmacha agus fadtéarmacha le feiceáil i gcórais áitiúla agus dhomhanda an bhia. Is féidir neart a rá faoi éifeachtaí na géarchéime. I measc na n-iarmhairtí is suntasaí lena mbaineann, tá an méadú ar na héagothromaíochtaí atá ann ó thaobh bia a fháil agus an méadú ollmhór atá tagtha ar líon na saoránach atá i ngreim ag an mbochtaineacht eacnamaíoch. I bhfianaise an méid sin, tá gá le bearta práinneacha, lena n-áirítear gníomhaíocht ó na húdaráis áitiúla agus ón tríú hearnáil má táthar chun slándáil bia a chinntiú. Mar a chonacthas le linn ghéarchéim airgeadais 2008, bíonn ar chórais bhia dul i ngleic le géarchéimeanna timthriallacha a chuireann brú ar a gcuid athléimneachta. I bhfianaise ghéarchéim COVID-19, is den phráinn anois é, murab ionann is riamh, féachaint le córas bia níos inbhuanaithe agus níos athléimní a fhorbairt. Sa ghearrthéarma, ní mór dúinn cistiú agus tacaíocht a chur ar fáil chun gur féidir teacht slán as an ngéarchéim ar dhóigh spriocdhírithe agus straitéiseach ach ní mór dúinn cuimhneamh ar an ngá atá le fís fhadtéarmach chun athruithe a dhéanamh. Táimid suite de go bhfuil ceachtanna luachmhara le foghlaim ó ghéarchéim COVID-19. Tá sé tugtha le fios ag na húdaráis áitiúla gur bhain roinnt mhaith saoránach leas as slabhraí gearra soláthair agus as bia folláin agus gur chaith siad níos mó ama le linn na tréimse coraintín ag cócaireacht agus ag ullmhú béilí sa bhaile. Tá súil againn go leanfar de na cleachtais fholláine sin agus go dtiocfaidh méadú ar a líon tar éis ghéarchéim COVID-19.
Teagmháil Phreasa: pressecdr@cor.europa.eu