Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An tArdán 'Fit for Future (Réidh don Todhchaí)’: is gá athmhacnamh a dhéanamh ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais chun freagairt ar bhealach níos fearr do dhúshláin a bheidh ann amach anseo  

Tabharfar cluas éisteachta do ghuth an mhilliúin polaiteoirí tofa réigiúnacha agus áitiúla agus reachtaíocht an Aontais a dréachtú agus á meas agus cuideoidh siad le freagraí nithiúla a fháil ar na hábhair is imní do na saoránaigh

Tionóladh an chéad chruinniú iomlánach den Ardán 'Fit for Future (F4F, Réidh don Todhchaí)’ , faoi chathaoirleacht Maroš Šefčovič, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus Fadbhreathnaitheacht, agus bhí triúr comhaltaí de chuid CnaR i láthair, mar atá, Mark Speich (DE/PPE), Anne Karjalainen (FI/PSE) agus Ulrika Landergren (SE/Renew Europe). Is é an t-ardán F4F an phríomhionstraim de Chlár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh um Rialáil Níos Fearr , arb é is cuspóir dó laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin neamhriachtanach ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí d’fhonn a chinntiú go mbeidh reachtaíocht an Aontais slán i bhfad na haimsire, níos digití agus gur fearr is féidir dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo a bhuí léi. Déantar ionadaíocht ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach rialtais, arb é an leibhéal is gaire do na saoránaigh é, i gcruinnithe den Ardán 'Réidh don Todhchaí’ sna céimeanna luatha dréachtaithe agus meastóireachta de reachtaíocht an Aontais. Tá sé sin ar ceann de na héachtaí atá bainte amach a bhuí le hobair CnaR sa Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht agus Comhréireacht .

Tá trí cinn de na sé chathaoirleach ar choimisiúin CnaR ag déanamh ionadaíocht thar ceann an Choiste i ngrúpa rialtais an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’, in éineacht le 27 n-ionadaí rialtais ó Bhallstáit an Aontais. Tá líonra na Mol Réigiúnach de chuid CnaR, trína ndéantar faisnéis a bhailiú ó chathracha agus ó réigiúin trí chomhairliúcháin spriocdhírithe agus í a chur le chéile i dtuarascálacha cur chun feidhme a bhaineann le beartais áirithe de chuid an Aontais, ar ceann de na fo-ghrúpaí den ardán.

Deis a bhí sa chéad chruinniú iomlánach den ardán réamhphlé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an gClár Oibre Bliantúil do 2021, a thabharfar chun críche faoi dheireadh na bliana. Rinneadh tuilleadh plé freisin maidir leis an gcaoi a n-oibreoidh an t-ardán i gcleachtas agus maidir lena rialacha nós imeachta.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Mark Speich (DE/PPE) , Státrúnaí um Ghnóthaí Cónaidhme, Eorpacha agus Idirnáisiúnta Réigiún na Réine Thuaidh-Viostfáile agus cathaoirleach ar an gCoimisiún um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha ( CIVEX ) in CESE faoin ardán F4F nua ‘Réidh don Todhchaí’: Ní mór ról lárnach a bheith ag an taithí agus an saineolas atá ag réigiúin agus cathracha na hEorpa maidir le feabhas leanúnach a chur ar reachtaíocht an Aontais. Is cúis áthais dom go gcuirtear deis ar fáil leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ chun tuairimí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil a chur san áireamh. Tá ionchais na saoránach maidir leis an Ardán ‘Réidh don Todhchaí’ an-ard. Is mian le daoine a fheiceáil go bhfuil torthaí iarbhír ar an iliomad fógraí polaitiúla. Is é sin an fáth a bhfuil suim mhór acu sa mhéid a dhéantar agus sa mhéid a bhaintear amach. Ní mór dúinn beart a dhéanamh de réir ár mbriathair faoi dheireadh ár dtréimhse oifige. Tá réigiúin na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún ag déanamh a ndícheall chun freastal ar na hionchais sin.”

Is iad seo a leanas na hábhair a pléadh maidir leis an gClár Oibre Bliantúil do 2021, ar féidir le taithí dhíreach na n - údarás áitiúil agus réigiúnach baic a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, mar aon le fadhbanna sonracha a bhaineann le cur chun feidhme dhlí an Aontais: laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin i ndáil le nósanna imeachta um lipéadú, um údarú agus um cheadú, mar shampla, i réimse na talmhaíochta nó na sláinte, na státchabhrach nó an bhonneagair; rialacha an Aontais lena gcruthaítear neamhleanúnachas, castacht agus forluí nach bhfuil gá leo a shainaithint; oibleagáidí tuairiscithe ar thairbhithe tionscadail a shimpliú i gcás ina bhféadfadh feidhm a bheith ag prionsabal “na haonuaire”; tacú le gnólachtaí réitigh dhigiteacha a bhunú agus an earnáil phoiblí a nuachóiriú.

Gheall Ulrika Landergren (SE/RE) , c omhairleoir i mbardas Sualannach Kungsbacka agus cathaoirleach ar an gcoimisiún um Acmhainní Nádúrtha (NAT) in CnaR rannchuidiú leis na hábhair a phléigh an Coimisiún Eorpach agus dúirt sí: “Tá na réigiúin agus na cathracha ar thús cadhnaíochta agus iad ag cur rialacha an Aontais chun feidhme. Dá bhrí sin, is maith is féidir le CnaR cuidiú leis an Ardán reachtaíocht a shainaithint a bheadh níos fearr dá ndéanfaí í a dhigitiú agus shimpliú. Is amhlaidh an cás ó thaobh aird a tharraingt ar rialacha an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann le nósanna imeachta um thuairisciú, um lipéadú, um údarú agus um cheadú”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Anne Karjalainen (FI/PSE) , Comhairleoir Cathrach Kerava, cathaoirleach ar an gCoimisiún um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr (SEDEC): “Is mór ag daoine an cur chuige praiticiúil atá glactha ag an gCoimisiún Eorpach, cur chuige a léiríonn a thiomanta atá sé cur chuige maidir leis an gcoimhdeacht ghníomhach a chur chun cinn. Slógfaidh CnaR a líonraí, ag tosú dó leis leis an ardán RegHub, d'fhonn dlisteanacht chríochach agus saineolas ar an láthair a chur ar fáil don phróiseas ‘Réidh don Todhchaí’. Anuas air sin, ba cheart dúinn a bheith cúramach agus plé á dhéanamh ar an reachtaíocht mhionsonraithe go dtugtar aird chuí ar an bpróiseas cuimsitheach as a dtagann reachtaíocht atá oiriúnach chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin atá roimh an Aontas maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha atá cóir go sóisialta.

Tar éis an chruinnithe den ardán ‘Réidh don Todhchaí’ caithfear vóta ar an rún maidir le Clár Oibre an Choimisiúin do 2021 agus beidh díospóireacht ann ina ndéanfaidh an Leas-Uachtarán, Maroš Šefčovič, Clár Oibre an Choimisiúin do 2021 agus an chéad Tuarascáil Réamhamhairc Straitéisigh de chuid an Aontais a chur i láthair i seisiún iomlánach CnaR an 10 Nollaig.

Cúlra:

Seoladh an tArdán ‘Fit for Future (Réidh don Todhchaí)’ an 11 Bealtaine 2020. Is é atá ann ná grúpa ardleibhéil saineolaithe a chuidíonn leis an gCoimisiún Eorpach ina chuid iarrachtaí chun dlíthe a shimpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin agus ar chostais riaracháin ghaolmhara nach bhfuil gá leo. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach san áireamh tuairimí an Ardáin lena chinntiú go gcuidíonn dlíthe an Aontais le daoine agus le gnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, seachas bac a chur orthu. Beidh obair an Ardáin dírithe ar ábhair a shonraítear i gclár oibre bliantúil. I gcás gach ábhair, baileoidh an tArdán sonraí, fianaise agus ionchur maidir leis na costais neamhriachtanacha a bhaineann le dlíthe sonracha de chuid an Aontais a d'fhéadfaí a shimpliú agus a laghdú gan an bonn a bhaint de ghnóthú a gcuspóirí. Ansin, eiseoidh an tArdán tuairimí ina gcuirfear san áireamh na deiseanna a bhaineann leis an digitiú agus an dlús reachtach. Tá na hiarrachtaí sin ina gcuid de Chlár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh um Rialáil Níos Fearr.

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach an Tascfhórsa um Choimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos lú a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla” in CnaR i mí na Samhna 2017, agus is iad seo a leanas na cuspóirí atá aige:

- moltaí a dhéanamh faoin gcaoi le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr

- réimsí beartais a shainaithint ina bhféadfaí obair a atarmligean nó a thabhairt ar ais do na Ballstáit ar bhonn cinntitheach

- bealaí a aimsiú chun páirt níos mó a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla i gceapadh agus cur i bhfeidhm bheartais an Aontais

Bhí an Tascfhórsa faoi chathaoirleacht Franz Timmermans, an chéad Leas-Uachtarán ar an gCoimisiúin agus bhí sé comhdhéanta de thriúr ionadaithe ó CnaR agus de thriúr fheisirí ó Pharlaimint na hEorpa.

Thíolaic an Tascfhórsa a thuarascáil deiridh in 2018 dar teideal "An bealach nua oibre", lena gcuirtear le coincheap na “ coimhdeachta gníomhaí ” a bhfuil sé mar aidhm leis a chinntiú go gcuirfear tuairimí na leibhéal áitiúil agus réigiúnach san áireamh go hiomlán ar mhaithe lena chinntiú go bhfuil breisluach AE leordhóthanach ann ag gach céim agus reachtaíocht an Aontais á forbairt, á glacadh agus á cur chun feidhme.

Is é atá i Líonra na Mol Réigiúnach (RegHub) de chuid CnaR líonra de réigiúin agus de chathracha san Eoraip a dhéanann measúnú ar chur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh. Tá 36 “phointe teagmhála” tiomnaithe sa líonra faoi láthair. Is iad sin baill foirne ó riarachán áitiúil nó réigiúnach a bhailíonn aiseolas teicniúil ó pháirtithe leasmhara faoin taithí a fuair siad “ar an láthair” agus beartais reatha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme acu. Fágann sin go gcinntíonn an líonra go gcuimsítear an dearcadh áitiúil agus réigiúnach i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais agus go gcuirtear leis an mbonn fianaise.

Teagmháil:

Marie-Pierre Jouglain

Fón póca: +32 (0)473 52 41 15

mariepierre.jouglain@cor.europa.eu

Roinn :