Tá CnaR ag iarraidh go mbeadh straitéis an Aontais go hiomlán comhsheasmhach leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais
Léirigh paindéim COVID-19 an dlúthbhaint atá ag an tsláinte phoiblí, na héiceachórais agus na córais bhia le chéile. I dtuairim a dhréachtaigh Guido Milana (IT/PSE) agus a glacadh i seisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), is díol sásaimh do na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” ach teastaíonn uathu go gcuirfí tuilleadh béime ar shlabhraí soláthair gairide agus ar chineálacha táirgthe áitiúla agus réigiúnacha, atá bunaithe ar dhea-bhail ainmhithe agus an chomhshaoil, agus ar cháilíocht chothaitheach an bhia.
Tá ina colún den Chomhaontú Glas don Eoraip – tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais – agus de phlean téarnaimh an Aontais. Thíolaic an Coimisiún Eorpach an straitéis an 20 Bealtaine 2020 agus clúdóidh sí gach nasc sa bhiashlabhra, ó chéim an táirgthe go céim an tomhaltais. Is é atá beartaithe sa straitéis sin córas bia inbhuanaithe a chur ar bun san Aontas lena ndéanfar slándáil an tsoláthair bia, agus sláinte daoine agus an comhshaol, a chosaint.
Tríd an tuairim “Ón bhFeirm go dtí an Forc” – an ghné áitiúil agus réigiúnach , arna dréachtú ag Guido Milana (IT/PSE), comhalta de Chomhairle Bardais Olevano Romano (an Róimh) agus iar-Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, cuireann CnaR i bhfios go láidir gur den ríthábhacht é go mbeadh an Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus an Comhbheartas Iascaigh (CBI) tar éis 2020 ag luí go hiomlán le cuspóirí na straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus spriocanna na Straitéise Bithéagsúlachta 2030 .
“Is féidir leis an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” cuidiú chun an tsaincheist maidir le rochtain ar bhia – ceist bhunúsach ach riachtanach – a ardú arís i gcroílár na díospóireachta polaitiúla. Go deimhin, tá méadú tagtha ar éagothromaíochtaí de dheasca na paindéime agus ní mór dúinn córais bhia a dhéanamh níos cothroime agus níos inbhuanaithe. Mar sin féin, mar gheall ar an easpa uaillmhéine san athbhreithniú ar CBT, tá seans ann go gcuirfear gach rud i mbaol agus is oth linn an easpa comhleanúnachais sin, ” a dúirt an rapóirtéir Milana.
Tacaíonn CnaR leis an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus leis na spriocanna a chuir an Coimisiún chun cinn maidir le lotnaidicídí, leasacháin cheimiceacha agus frithmhiocróbaigh a laghdú, mar aon le feirmeoireacht orgánach a mhéadú. Ina theannta sin, tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair críochnúil ar na spriocanna cainníochtaithe agus go ndéanfaí faireachán ar an dul chun cinn atá déanta.
Chun tábhacht na gné áitiúla agus réigiúnaí a shoiléiriú, thug CnaR le fios go bhfuil an soláthar poiblí bia ar cheann de na príomhghnéithe a chabhróidh leis an athrú go dtí córas bia inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Is ionann cumhacht ceannaigh na n-údarás poiblí agus 14 % de OTI an Aontais. Dá bhrí sin, féadfaidh go gcuirfidh an soláthar poiblí go mór leis an éileamh ar tháirgí inbhuanaithe. Tá an t-éileamh institiúideach tábhachtach chun cur le húsáid bia inbhuanaithe agus chun deiseanna margaidh a chur ar fáil do sholáthraithe beaga.
Is féidir leis na réigiúin agus na cathracha a bheith ina bpríomhghníomhaithe san aistriú chuig córas bia níos inbhuanaithe. Mar sin, ní mór dóibh a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na Straitéise agus san fhaireachán a dhéanfar uirthi. Le go bhféadfaidh na húdaráis réigiúnacha a riachtanais a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint dá ról mar údaráis bhainistíochta agus a bheith rannpháirteach i gceapadh na n - éiciscéimeanna ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon.
Nasc leis an agallamh le Guido Milana, rapóirtéir na tuairime maidir leis an straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”
Teagmháil:
Matteo Miglietta
Teil. +32 470 895 382
Gailearaí Flickr CnaR