Sheol Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) Grúpa Teagmhála idir an Coiste agus an Ríocht Aontaithe a bhfuil sé mar aidhm aige línte cumarsáide a choinneáil idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach agus cathracha, réigiúin agus riaracháin chineachta na Ríochta Aontaithe. Is toradh é an tionscnamh seo ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar an 31 Eanáir 2020.
Cruinniú ullmhúcháin a bhí sa chéad chruinniú den Ghrúpa Teagmhála, a reáchtáladh trí fhíschomhdháil an 22 Meán Fómhair, a bhí teoranta do pholaiteoirí ó 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh. Ba iad Michel Barnier , Príomh - Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, agus Kati Piri (NL/PSE), Comhrapóirtéir Pharlaimint na hEorpa faoin gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua leis an Ríocht Aontaithe, a labhair leis na gobharnóirí, na méara agus na comhairleoirí áitiúla.
Tá an tAontas ag obair chun comhaontú a bhaint amach faoin 31 Deireadh Fómhair maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo leis an Ríocht Aontaithe. Níor mhór do Pharlaimint na hEorpa comhaontú a dhaingniú ina dhiaidh sin. Gan chomhaontú, rachaidh na naisc dhlíthiúla atá ann cheana idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe in éag ar an 31 Nollaig 2020.
Tá Loïg Chesnais-Girard (FR/PSE), Uachtarán Chomhairle Réigiúnach na Briotáine, ina chathaoirleach ar an nGrúpa Teagmhála . Dúirt an tUasal Chesnais-Girard: “Níor cheart go bhfágfadh an tsáinn reatha idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe nach leanfaí den chomhar ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, toisc – beag beann ar thoradh na caibidlíochta – go mbeidh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha oibriú le chéile tar éis 2020. Is díol áthais dúinn go bhfuil sé léirithe ag baill de na rialtais áitiúla, parlaimintí agus tionóil chineachta ar fud na Ríochta Aontaithe go bhfuil suim mhór acu nasc a choinneáil linn. Beidh tionchar mór ag Brexit ar go leor réigiún agus cathracha san Eoraip, amhail an Bhriotáin. Ní mór aird a thabhairt ar ár nglór agus caithfear na scéimeanna tacaíochta atá ar fáil do réigiúin, amhail cúlchiste coigeartaithe Brexit, a chur i bhfeidhm anois.”
Dúirt Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún – Apostolos Tzitzikostas (EL/PPE), gobharnóir na Macadóine Láir sa Ghréig – an méid seo a leanas: “Is iad na rialtais áitiúla agus réigiúnacha is túisce a fheicfidh iarmhairtí na caibidlíochta deiridh maidir le Brexit ar shaol na ndaoine. Tráth atá cobhsaíocht de dhíth ar phobail, fágfaidh Brexit gan mhargadh, a bheadh bunaithe ar an idé-eolaíocht agus ar an bpolaitíocht, go gcuirfear bac ar an téarnamh agus go gcuirfear an tsíocháin ar oileán na hÉireann i mbaol. Féachann an Grúpa Teagmhála idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach leis an dlúthcheangal a cruthaíodh thar na blianta idir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha a chosaint ionas gur féidir leo a n-ábhair imní a roinnt, tionchar Brexit a mhaolú, agus comhar a chosaint ar mhaithe lena saoránaigh.”
Tiocfaidh an Grúpa Teagmhála le chéile suas le trí huaire sa bhliain chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le trádáil, le gluaiseacht earraí, daoine agus seirbhísí, agus le modhanna chun leanúint leis an gcomhar trasteorann.
Comhlacht aontaobhach is ea é ina bhfuil 12 lánchomhaltaí ó CnaR, mar aon le breathnóir ó Ghrúpa Glas nuabhunaithe CnaR. Tabharfaidh an Grúpa Teagmhála idir an Coiste agus an Ríocht Aontaithe cuireadh d’ionadaithe ó chóras rialtais áitiúil na Ríochta Aontaithe agus ó pharlaimintí agus tionóil chineachta chuig a chruinniú, bunaithe ar an gclár oibre do gach cruinniú ar leith. Féadfaidh an Grúpa Teagmhála glacadh le cuirí ó chóras rialtais áitiúil na Ríochta Aontaithe, parlaimintí agus tionóil chineachta chun cruinnithe a óstáil sa Ríocht Aontaithe.
Roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, mhol toscaireacht na Ríochta Aontaithe a bhí ag imeacht ó CnaR go gcruthófaí comhlacht chun dea-chaidreamh a chothú agus a chothabháil idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe.
Comh maith leis an Uasal Chesnais-Girard, is iad Ellen Nauta-Van Moorsel (NL/PPE), Ceannaire Thoscaireacht na hÍsiltíre agus Méara Hof van Twente; Michael Murphy (IE/PPE), Ceannaire Thoscaireacht na hÉireann i gCoiste Eorpach na Réigiún agus Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann, Ximo Puig i Ferrer (ES/PSE), Uachtarán réigiún Valencia; Aleksandra Dulkiewicz (PL/PPE), Méara Gdańsk; Erik Flyvholm (DK/Renew Europe), Méara Lemvig; Pehr Granfalk (SE/PPE), Méara Solna; Antje Grotheer (DE/PSE), Leas-Uachtarán Pharlaimint Chathair Bremen; Michiel Rijsberman (NL/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Chúigeach Flevoland; Maria Gomes (PT/PSE), Méara Portimão; Karl Vanlouwe (BE/Comhghuaillíocht Eorpach), Comhalta den Pharlaimint Phléimeannach; agus Oldřich Vlasák (CZ/ECR), Comhairleoir Cathrach ó Hradec Králové. Henrike Müller (DE), Comhalta de Pharlaimint Chathair Bremen, is breathnóir é don Ghrúpa Glas.
Teagmháil:
Andrew Gardner
Teil. +32 473 843 981
andrew.gardner@cor.europa.eu