Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Is cúis imní é nach bhfuil gné réigiúnach struchtúrtha sa mhargadh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe  

Chuir ceannairí áitiúla agus réigiúnacha in iúl gur mhór an faoiseamh dóibh gur thángthas ar chomhaontú ach thug siad le fios go bhfuil caillteanais ollmhóra, éiginnteacht agus dúshláin fós le sárú ag na réigiúin agus na cathracha.

Le linn an chéad chruinnithe a bhí acu lena macasamhla sa Ríocht Aontaithe ó thángthas ar an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe an 24 Nollaig, chuir polaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha san Aontas in iúl an faoiseamh neamhbhuan a bhí orthu gur thángthas ar chomhaontú cé go bhfuil siad fós airdeallach agus buartha faoina bhfuil rompu san fhadtéarma. Chuir polaiteoirí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe béim air gur mian leo naisc nua le chéile a fhorbairt tar éis dóibh teacht ar chomhaontú lenar cuireadh deireadh leis an gcuid is mó de na cláir idir-réigiúnacha a bhí ann agus nach bhfuil sé beartaithe leis ról a thabhairt do na réigiúin chun an comhaontú a mhaoirsiú agus a fhorbairt.

Ag cruinniú den Ghrúpa Teagmhála idir Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus an Ríocht Aontaithe an 11 Eanáir, luaigh polaiteoirí ar an dá thaobh – Danuta Hübner (PL/PPE), comhalta de Ghrúpa Stiúrtha Brexit Pharlaimint na hEorpa ina measc – stoc-charnadh, COVID-19 agus éiginnteacht gnó mar chúiseanna gan breith thobann a thabhairt ar chúrsaí bunaithe ar 11 lá trádála ciúin ach measartha socair ó d’fhág an Ríocht Aontaithe margadh aonair an Aontais. I measc na n-ábhar imní don fhadtéarma a chuir polaiteoirí an Aontais in iúl, bhí cosaint sonraí, an tionchar ar phobail iascaireachta san Aontas agus ísliú na gcaighdeán comhshaoil sa Ríocht Aontaithe.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Loïg Chesnais-Girard  (FR/PSE), uachtarán réigiún na Briotáine agus cathaoirleach an Ghrúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe: “Ar a laghad tá comhaontú againn faoi dheireadh thiar thall agus, go nuige seo, níor tharla aon tubaiste go fóill – sin an méid atá á chur in iúl ag mo chomhghleacaithe sa Ghrúpa Teagmhála agus ó na calafoirt, na gnólachtaí agus na pobail i mo réigiún, an Bhriotáin, dom. Bíodh sin mar atá, tá sé pas luath fós sa chaidreamh nua seo agus tá na dlúthnaisc sheanbhunaithe atá ann idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ar an dá thaobh de Mhuir nIocht agus Muir Éireann fós i mbaol de dheasca na staide reatha; ar an gcúis sin, tá gach aon dealramh go dtiocfaidh roinnt mhaith fadhbanna praiticiúla agus polaitiúla chun cinn.”

Lena chois sin, dúirt sé “Ó thaobh na polaitíochta de, tá eagla orm go bhfágfaidh na hathbhreithnithe cúig bliana go mbeidh éiginnteacht ann don dá thaobh. Is cúis bhuartha dom freisin nach bhforáiltear sa chomhaontú atá ar an mbord do choimircí ná d’ionchais maidir le comhar éifeachtach a chothú idir réigiúin an Aontais agus na Ríochta Aontaithe. Ní mór don Ghrúpa Teagmhála a dhícheall a dhéanamh chun naisc nua, dhoimhne agus éifeachtacha a fhorbairt. Féachfaidh mé le gealltanais a fháil ó Michel Barnier – Príomh-Idirbheartaí an Aontais – agus ó Pharlaimint na hEorpa a chinnteoidh dúinn go gcuirfidh na cainteanna atá ar siúl faoi láthair le gné réigiúnach an chaidrimh an-tábhachtach seo.”

Chuir Antje Grotheer (DE/PSE), Leas-Uachtarán Pharlaimint Chathair Bremen, in iúl gur chúis bhuartha di “nach ndéantar foráil ar bith sa chomhaontú maidir le gné chríochach an chaidrimh sa todhchaí,” agus chuir sí béim ar an ngá atá ann an cás a chur ina cheart óir is é CnaR “an t-aon chomhlacht atá ann a dhéanann cúram den chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar an leibhéal críochach ach níl aon aitheantas foirmiúil tugtha dó dá bhrí sin in aon doiciméad ábhartha”. Dar léi, d’fhéadfaí a áireamh ar na roghanna sin comhlachas leis an Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta nua nó leis an ardán don tsochaí shibhialta nó comhlacht sonrach a bhunú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Dúirt an feisire, Danuta Maria Hübner (PL/PPE), iar-Choimisinéir Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach, gur “creatlach” nó “scafall” atá sa Chomhaontú Trádála agus Comhair agus d’áitigh sí ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha cuidiú a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla chun gur féidir leo tuiscint a fháil ar na constaicí éagsúla atá roimh an trádáil agus a tugadh isteach leis an gcomhaontú, amhail ceadúnais, ceadanna, deimhnithe sláinte agus foirmeacha cánach breisluacha. Dúirt Gwendoline Delbos-Corfield (FR/Na Glasaigh), comhalta de Ghrúpa Comhordúcháin Pharlaimint na hEorpa agus na Ríochta Aontaithe, go mbeadh “leordhóthanacht sonraí” – is é sin, comhroinnt sonraí agus cosaint sonraí pearsanta – ina hábhar imní sonrach do Pharlaimint na hEorpa le linn tréimhse grinnscrúdaithe a d’fhéadfadh leanúint ar aghaidh go dtí mí Aibreáin.

Ní mór formheas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa don chomhaontú .

Chuir polaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha roinnt ábhar imní in iúl a d’fhéadfadh a bheith ina ndeacrachtaí amach anseo agus measúnú á dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa ar an gcomhaontú. Dúirt Michiel Rijsberman  (NL/Renew Europe) comhalta de Chomhairle Chúigeach Flevoland, gur cúis áiféala dó lamháltais iascaireachta an Aontais, rud a chuirfeadh srian le rochtain iascairí na hÍsiltíre ar uiscí na Breataine agus a chuirfeadh leis an éagothroime a bhí ann cheana ó thaobh cuótaí de i bhfabhar iascairí na Breataine. Thug Una Power (IE/Na Glasaigh) ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin rabhadh, i bhfianaise an chinnidh a rinne rialtas na Ríochta Aontaithe le déanaí chun lotnaidicíd a údarú a bhfuil toirmeasc ar a húsáid san Aontas, go bhféadfadh “tionchar a bheith aige sin ar ithir agus ar sruthchúrsaí ar an taobh eile den teorainn”.

Dúirt Fabian Zuleeg , stiúrthóir Ionad Beartais na hEorpa, go raibh réimsí ann ina mbeadh níos mó caibidlíochta ag teastáil, réimsí eile “ina bhfuil deimhneacht [dhlíthiúil] gann” agus “roinnt réimsí ina bhfuil níos mó soiléireachta ag teastáil”. Bhí sé dóchasach faoi ghné lárnach amháin den trádáil agus dúirt sé an méid seo a leanas ina leith: “I dtaca le caighdeáin a leagan síos, sílim go bhfuil réimsí ann inar féidir linn leanúint de bheith ag obair i gcomhpháirt" leis an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ní raibh sé ródhóchasach faoi chláir amhail Eramus – an clár malartaithe do mhic léinn – ós rud é, dar leis, nach bhfuil aon toil pholaitiúil ann faoi láthair sa Ríocht Aontaithe comhar den chineál sin a dhéanamh agus, “ar bhealaí áirithe, go bhfuil iarracht á déanamh fiú amháin cosc a chur ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith rannpháirteach ann”. Cheistigh sé freisin an mbeadh an Ríocht Aontaithe sásta go leor airgid a íoc chun go ndéanfadh rannpháirtíocht i gclár eolaíoch Fís an Aontais “tairbhe phraiticiúil don dá thaobh”.

Bhí Erasmus agus an comhar eolaíoch – maille le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla – i measc na gcaillteanas mór do shaoránaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe sa chomhaontú a d’aithin ceannairí réigiúnacha agus bardasacha an Aontais agus na Ríochta Aontaithe.

Caillteanas eile a pléadh ag an gcruinniú ná tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as réimse leathan clár Interreg um chomhar réigiúnach , cé is moite de chlár PEACE idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Cruthaíodh clár PEACE chun tacú le Comhaontú Aoine an Chéasta, a chuir deireadh le beagnach tríocha bliain d’fhoréigean i dTuaisceart Éireann in 1998.

Dúirt Kieran McCarthy (IE/Comhghuaillíocht Eorpach), comhalta de Chomhairle Cathrach Chorcaí, go ndearna réigiúin sa Ríocht Aontaithe agus i dtíortha comharsanachta “obair shuntasach agus gur leag siad síos an bunús do Interreg”. De dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, tiocfaidh deireadh le roinnt clár anois. Dúirt sé “gur féidir linn breathnú ar an mbuidéal leathfholamh ach go bhfuil buidéal leathlán fós ann”. Mhol sé gur cheart don Aontas straitéis mhacrairéigiúnach a cheapadh don Mhuir Thuaidh lena dtabharfaí cuireadh do réigiúin na Ríochta Aontaithe a bheith rannpáirteach inti agus gur cheart do pholaiteoirí na Ríochta Aontaithe a iarraidh go gcaomhnófaí reachtaíocht trínar féidir grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach a bhunú a mbeadh réigiúin na Ríochta Aontaithe rannpháirteach iontu.

Is iad seo a leanas na comhaltaí eile de chuid CnaR atá sa Ghrúpa Teagmhála : Ellen Nauta-Van Moorsel   (NL/PPE), Ceannaire Thoscaireacht na hÍsiltíre agus Méara Hof van Twente; Michael Murphy  (IE/PPE), Ceannaire Thoscaireacht na hÉireann i gCoiste Eorpach na Réigiún agus Comhalta de Chomhairle Contae Thiobraid Árann ; Ximo Puig i Ferrer   (ES/PSE), Uachtarán réigiún Valencia; Aleksandra Dulkiewicz   (PL/PPE), Méara Gdańsk ; Erik Flyvholm  (DK/Renew Europe), Méara Lemvig ; Pehr Granfalk   (SE/PPE), Méara Solna ; Maria Gomes   (PT/PSE), Méara Portimão ; Karl Vanlouwe   (BE/Comhghuaillíocht Eorpach), Comhalta de Pharlaimint Fhlóndras agus Oldřich Vlasák   (CZ/ECR), Comhairleoir Cathrach ó Hradec Králové.

Sheol CnaR an Grúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríocht Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2020 , agus thionóil sé a chéad chruinniú le hionadaithe ón Ríocht Aontaithe i mí na Samhna 2020 .

Tá sainordú socraithe ag comhaltaí CnaR an Ghrúpa Teagmhála idir CnaR agus an Ríochta Aontaithe ach freastalóidh ionadaithe éagsúla de chuid na Ríochta Aontaithe ó údaráis áitiúla, ó pharlaimintí agus ó thionóil chineachta ar na cruinnithe ag brath ar na hábhair a bheidh á bplé.

Ag an gcruinniú ar an 11 Eanáir 2021 , bhí ionadaithe ó Shasana, ón mBreatain Bheag, ó Albain, ó Thuaisceart Éireann agus ó Ghiobráltar i láthair. Sheol an Cumann Rialtais Áitiúil, a dhéanann ionadaíocht thar ceann údaráis Shasana, an cathaoirleach ar a Thascfhórsa um Imeacht as an Aontas, an Comhairleoir, Kevin Bentley , agus Gillian Ford . Is iarchomhaltaí de chuid CnaR iad beirt. Chuir Mick Antoniw ó Thionól Náisiúnta na Breataine Bige, ar iar-chomhalta de chuid CnaR é, dearcadh na Breataine Bige in iúl agus rinne Steven Heddle , ó Chomhairle Inse Orc, ionadaíocht thar ceann Choinbhinsiún Údaráis Áitiúla na hAlban (COSLA). Labhair Robert Burgess thar ceann Chumann Rialtais Áitiúil Thuaisceart Éireann (NILGA) agus rinne Joseph Garcia , Leas-Phríomh-Aire Rialtas Ghiobráltar ionadaíocht thar ceann Pharlaimint Ghiobráltar.

Roinn :