Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Rabhadh as Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais: seirbhísí poiblí i mbaol de thoradh titim suas le 10 % ar theacht isteach na réigiún agus na gcathracha  

Chuir an tUachtarán Apostolos Tzitzikostas an Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil faoi bhráid an Uachtaráin Ursula von der Leyen agus thug sé rabhadh faoi “ghlúin atá curtha ar fán ag COVID” agus faoi éagothromaíochtaí atá ag méadú idir na réigiúin.

Tugtar le fios sa chéad Bharaiméadar Réigiúnach agus Áitiúil Eorpach – arna chur le chéile ag Coiste Eorpach na Réigiún – go bhfuil paindéim an choróinvíris ag cur isteach go mór ar theacht isteach na n-údarás fonáisiúnta: d’fhéadfadh caillteanas €30 billiún a bheith i gceist in 2020 san Iodáil, sa Ghearmáin agus sa Fhrainc amháin. Tá an ghéarchéim ag cur freisin leis na héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha atá ann i réigiúin éagsúla an Aontais. Tugtar rabhadh sa Tuarascáil go bhfuil an baol ann go mbeidh glúin de dhaoine óga curtha ar fán ag COVID agus tugtar chun suntais na difríochtaí móra atá ann idir chórais cúraim sláinte na réigiún éagsúil. Is bagairt fhollasach do chomhtháthú an Aontais Eorpaigh an bhearna atá a mhéadú idir ceantair thuaithe agus ceantair uirbeacha.

Agus torthaí an Bharaiméadair Bhliantúil Réigiúnaigh agus Áitiúil á gcur i láthair ag Apostolos Tzitzikostas (EL/PPE), Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir sa Ghréig, dúirt sé an méid seo a leanas: “ Tá an Baraiméadar dírithe ar thuiscint níos fearr a fháil ar na riachtanais atá ag daoine, le gur féidir na freagraí cearta a thabhairt. Mura bhfaighimid léargas ar mheon an phobail, ní thuigfimid cé chomh héifeachtach agus atá an tAontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil ná an méid is gá don Aontas a dhéanamh chun cabhrú leis na réigiúin, na cathracha agus na sráidbhailte. Tá sé léirithe sa Tuarascáil seo gur ghoill an phaindéim orainn go léir. Tá 90 % de réigiúin agus de chathracha an Aontais Eorpaigh den tuairim go mbeidh titim mhór ar a dteacht isteach.”

“Tá an baol ann” – arsa an tUachtarán Tzitzikostas – “go mbeidh glúin de dhaoine óga curtha ar fán ag COVID-19, toisc gur poist daoine óga is mó atá i mbaol agus nach bhfuil ach sé Bhallstát in acmhainn oideachas digiteach a chur ar fáil do 80 % nó níos mó dá gcuid mac léinn. An 67 % de phobal na hEorpa a dteastaíonn uathu go mbeadh tionchar níos mó ag na cathracha agus na réigiúin ar na cinntí a dhéantar san Aontas Eorpach, thug siad le fios dúinn go bhfuil sé in am athmhachnamh a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas san Aontas le gur fearr a nascfar é le daoine sna réigiúin. Mar cheannairí réigiúnacha agus áitiúla, táimid tiomanta oibriú le chéile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun teacht slán as an bpaindéim agus chun pobail inbhuanaithe a bhfuil teacht aniar iontu a thógáil.”

Seo a bhí le rá ag an Uachtarán von der Leyen a labhair os comhair thionól pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa den chéad uair ó ceapadh ina hUachtarán í: “Ba iad na húdaráis áitiúla a bhí i mbrollach an chatha nuair a thosaigh an ghéarchéim. Agus tá a fhios ag muintir na hEorpa go maith an méid atá déanta ag a méaraí, a ngobharnóirí agus a gcomhairleoirí áitiúla ar a son. Beidh siadsan ag croílár an téarnaimh. Díreofar acmhainní an tionscnaimh “NextGenerationEU”, dá bhrí sin, ar an teacht aniar atá inár gcórais sláinte. Cabhróidh na cistí Eorpacha le hinfheistíocht a dhéanamh in ospidéil nua, i dtrealamh níos fearr agus i gcórais cúraim sláinte níos láidre. Agus is iad na húdaráis áitiúla ba cheart a bheith á stiúradh sin.”

Ina cáil mar cheannaire ar an tír ag a bhfuil uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh faoi láthair, tabharfaidh Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel , aitheasc freisin do Choiste Eorpach na Réigiún an 13Deireadh Fómhair.

CÚLRA

Tugann an Baraiméadar léargas ar an tionchar atá ag an ngéarchéim shóisialta, eacnamaíoch agus sláinte ar réigiúin agus ar chathracha na hEorpa. Sa bhreis ar fhíricí agus ar thorthaí an Bharaiméadair, baintear leas freisin as suirbhé ar chistí fonáisiúnta arna dhéanamh i gcomhpháirt leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus as pobalbhreith ar ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil i bpróiseas cinnteoireachta na hEorpa agus ar an tionchar atá acu ar an bpróiseas sin.

De réir na pobalbhreithe a rinne Kantar ar os cionn 26,000 duine sa chéad dá sheachtain de Mheán Fómhair, tugadh le fios go bhfuil níos mó muiníne ag pobal na hEorpa as na rialtais áitiúla agus réigiúnacha ná mar atá acu as na rialtais náisiúnta agus as AE, sin ar bhonn ginearálta agus maidir leis an gcaoi ar dhéileáil siad leis an bpaindéim. Ba mhaith leo go mbeadh tionchar níos mó ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha ar na cinntí a dhéantar ar an leibhéal Eorpach maidir le sláinte, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas, oiliúint agus cultúr.

Baineadh leas as torthaí an Bharaiméadair Bhliantúil Réigiúnaigh agus Áitiúil (#EURegionalBarometer) mar ionchur don rún “ Na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ag tabhairt aghaidh ar COVID-19 agus ag cothú an téarnaimh ” a ghlacfaidh na 329 gcomhalta de CnaR – tionól polaitiúil Eorpach na rialtas áitiúil agus réigiúnach – an 13 Deireadh Fómhair.

Torthaí as an mBaraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil:

Teagmháil:

Michele Cercone

Urlabhraí an Uachtaráin

Teil. +32 (0)498 9823 49

michele.cercone@cor.europa.eu

Óráid an Uachtaráin Tzitzikostas : Ar fáil ar leathanach gréasáin Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún.

An Díospóireacht : Ar shuíomh gréasáin CnaR.

An Seisiún Iomlánach : Ar ár m Blag beo ar líne .

Ceisteanna eile: Is féidir eolas tírshonrach, tacaíocht chlosamhairc agus gach eolas eile a fháil ag: PresseCdr@cor.europa.eu

Roinn :