An gá duit a bheith in ann téacsanna agus doiciméid a aistriú ar an toirt? Ar mhaith leat rochtain a bheith agat ar uirlis aistriúcháin Eorpach atá sábháilte agus slán agus léargas ginearálta a bheith agat ar do chuid aistriúchán am ar bith agus áit ar bith?
Réiteach na faidhbe: uirlis mheaisínaistriúcháin. Leis an meaisínaistriúchán, cuirtear bogearraí nó líonraí saorga néarachain in ionad daoine chun téacsanna nó doiciméid a aistriú ó theanga amháin go teanga eile.
Is éard atá sa mheaisínaistriúchán uirlis áisiúil agus phraiticiúil a chabhraíonn leat éirim téacs a thuiscint am ar bith agus áit ar bith. Cé go bhfuil feabhas ollmhór tagtha ar an teicneolaíocht seo thar na blianta, ní mór a bheith ar an eolas go gcuirtear ar fáil léi aistriúcháin gharbha. Féadfaidh cáilíocht agus cruinneas na n-aistriúchán a bheith éagsúil, ag brath ar an gcineál téacs agus ar an bpéire teangacha atá i gceist.
Tá roinnt réiteach den sórt seo ar an margadh cheana féin. Roghnaigh Coiste Eorpach na Réigiún eTranslation, an aip atá oiriúnaithe don Aontas, agus tá úsáid rathúil á baint aige as ó shin chun meaisínaistriúcháin ar Nuacht agus Imeachtaí a chur ar fáil nuair nach ann d’aistriúchán oifigiúil.
Téigh chuig ár leathanach gréasáin eTranslation a cruthaíodh le déanaí agus faigh amach conas is féidir leat eTranslation a úsáid go héasca agus go sábháilte agus tú ag obair go laethúil.