Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Beidh Brexit á phlé ag Michel Barnier agus Méara Londan le ceannairí réigiúnacha agus áitiúla an Aontais Eorpaigh  

Ábhair eile ar chlár #CoRplenary : Aire Rialtais as an nGearmáin agus ceathrar Coimisinéirí Eorpacha le plé a dhéanamh ar na spriocanna aeráide, an comhtháthú, an talmhaíocht, méadú an Aontais agus smaointeoireacht straitéiseach an Aontais.

Labhróidh Príomh-Idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, Michel Barnier, Méara Londan, Sadiq Kh a n, agus Uachtarán na Briotáine , Loïg Chesnais-Girard, sa seisiún iomlánach a bheidh ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an 9 Nollaig. Is é seo an chéad seisiún de chuid an Choiste a thionólfar go hiomlán ar líne. Níl ach beagán le cois trí seachtaine le dul sula dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse atá ann roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus tá comhaontú trádála fós le socrú. Ina fhianaise sin, díreoidh an díospóireacht faoi Brexit ar an tionchar críochach a bheidh aige ar réigiúin agus ar chathracha sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach agus ar na tionóil chineachta sa Ríocht Aontaithe féin, maille leis an gcaidreamh a bheidh eatarthu sin uile tar éis Brexit.

Is féidir an seisiún iomlánach a fheiceáil ar shuíomh gréasáin CnaR

8 Nollaig, Cur leis an ngníomhú ar son na haeráide le linn COVID-19

Dhá lá sula ndéanfar plé sa Chomhairle Eorpach ar sprioc nua aeráide atá le cur i gcrích faoi 2030, beidh Svenja Schulze – Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine – i láthair ag an seisiún iomlánach a bheidh ag CnaR. Measfaidh an tAire go grinn an dul chun cinn a rinneadh le linn Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach maidir leis an aeráid agus fuinneamh, agus labhróidh sí faoi na tograí a d’ullmhaigh réigiúin agus cathracha chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun téarnamh glas a chinntiú san Eoraip – ar tosaíocht é atá ag an gCoiste.

9 Nollaig, A bhfuil i ndán do mhéadú an Aontais

Labhróidh Olivér Várhelyi , an Coimisinéir Eorpach um an gComharsanacht agus um Méadú, faoin gcaidreamh atá ag an Aontas le tíortha comharsanacha, lena n-áirítear tíortha sna Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina mBallstáit amach anseo.

10 Nollaig, Téarnamh trí Fhadbhreathnaitheacht Eorpach

Déanfaidh Maroš Šefčovič , Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, cur síos ar an gcéad tuarascáil maidir le fadbhreathnaitheacht ina ndírítear ar an athléimneacht agus ar chlár oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh – lena n-áirítear an méid atá á dhéanamh ag an Aontas chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19.

10 Nollaig, An Imirce: Plean Gníomhaíochta le seoladh ag Coiste na Réigiún agus ag an gCoimisiún Eorpach

Déanfaidh Ylva Johansson , an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile, plé ar an g Comhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann , agus ar cholún lárnach den Chomhaontú sin, mar atá an plean gníomhaíochta maidir le cuimsiú agus lánpháirtiú . Mar bhreis ar an Tionscnamh ar son na Lánpháirtíochta a seoladh in 2019, cuirfidh an Coimisiún Eorpach agus an Coiste tús le comhpháirtíocht shaincheaptha chun tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha beartais a chur chun feidhme maidir le lánpháirtiú imirceach ina bpobail.

10 Nollaig, Ag tacú leis an téarnamh i gceantair thuaithe na hEorpa

Labhróidh Janusz Wojciechowski , an Coimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht, faoin gcaoi le borradh a chur faoin téarnamh i gceantair thuaithe na hEorpa. Díreofar sa díospóireacht ar an gcaoi a bhféadfar an Comhbheartas Talmhaíochta, na cistí struchtúracha agus an tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta a chomhordú chun tacú le táirgeoirí áitiúla, chun borradh a chur faoi ghlasú an tionscail agraibhia, chun comhtháthú a neartú agus chun deiseanna fáis i bpobail tuaithe a éagsúlú.

Ina theannta sin, déanfaidh comhaltaí CnaR naoi dtuairim a phlé agus a ghlacadh maille le moltaí a léiríonn na tosaíochtaí polaitiúla sin atá ag réigiúin agus cathracha an Aontais. Agus glacfaidh siad Rún maidir le Clár Oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh.

NA PRÍOMHDHÍOSPÓIREACHTAÍ

8 Nollaig, 4.15 p.m.: Ráiteas agus díospóireacht faoin gcaoi le cur leis an ngníomhú ar son na haeráide le linn COVID-19, le Svenja Schulze , Aire Cónaidhme Comhshaoil, Caomhnaithe Dúlra agus Sábháilteachta Núicléiche na Gearmáine

9 Nollaig, 2.30 p.m.: Díospóireacht faoin gComhaontú idir AE agus an Ríocht Aontaithe agus faoi iarmhairtí críochacha Brexit, le Michel Barnier , Ceann an Tascfhórsa um an gCaidreamh leis an Ríocht Aontaithe (an Coimisiún Eorpach), Méara Londan, Sadiq Kahn, agus Uachtarán na Briotáine, Loïg Chesnais-Girard

9 Nollaig, 5.00 p.m.: Díospóireacht faoin bPacáiste um Méadú agus faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, le Olivér Várhelyi , an Coimisinéir Eorpach um an gComharsanacht agus um Méadú

10 Nollaig, 11 a.m.: Díospóireacht faoin gComhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, le Ylva Johansson , an Coimisinéir Eorpach um Ghnóthaí Baile

10 Nollaig, 2.30 p.m.: Díospóireacht faoin téarnamh agus athléimneacht sna ceantair thuaithe, le Janusz Wojciechowski , an Coimisinéir um Thalmhaíocht

10 Nollaig, 3.30 p.m.: Díospóireacht faoi Chlár Oibre 2021 an Choimisiúin Eorpaigh agus faoin gcéad Tuarascáil AE maidir le Fadbhreathnaitheacht Straitéiseach, le Maroš Šefčovič , Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht

NA TUAIRIMÍ ATÁ LE GLACADH

  • Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch. Rapóirtéir: Elio Di Rupo (BE/PSE), Céad-Aire Rialtas na Vallúine.
  • An rialachas áitiúil agus an daonlathas ionadaíoch a neartú trí uirlisí nua i réimse na teicneolaíochta digití. Rapóirtéir: Rait Pihelgas (EE/Renew Europe), Comhairle Bardais Tuaithe Järva.
  • Tionchar an athraithe aeráide ar na réigiúin: measúnú ar an gComhaontú Glas don Eoraip. Rapóirtéir: Andries Gryffroy (BE/EA), Parlaimint Fhlóndras.
  • Deiseanna agus sineirgí i leith oiriúnú réamhchúramach don athrú aeráide d’fhonn an inbhuanaitheacht agus an cháilíocht saoil a chur chun cinn sna réigiúin agus sna bardais. Rapóirtéir: Markku Markkula (FI/PPE), Comhairle Cathrach Espoo.
  • Dúshláin don iompar poiblí i gcathracha agus i réigiúin uirbeacha. Rapóirtéir: Adam Struzik (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Mazovia.
  • Ón bhFeirm go dtí an Forc – an ghné áitiúil agus réigiúnach. Rapóirtéir: Guido Milana (IT/PSE), Comhairle Bardais Olevano Romano.
  • Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hAthbheochan na Tuaithe. Rapóirtéir: Enda Stenson (IE/EA), Comhairle Contae Liatroma.
  • Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme na comhpháirtíochta straitéisí athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas. Rapóirtéir: Ángel Víctor Torres Pérez (ES/PSE), Uachtarán Rialtas na nOileán Canárach.
  • I dtreo na turasóireachta níos inbhuanaithe do chathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh . Rapóirtéir: Manuel Alejandro Cardenete Flores (ES/Renew Europe), Leas-Aire na Turasóireachta, na hAthnuachana, an Dlí agus Cirt, agus an Riaracháin Áitiúil i Rialtas Réigiúnach na hAndalúise.

Eolas praiticiúil:

Suíomh : ar líne

Dátaí : Dé Máirt, 8 Nollaig – Déardaoin, 10 Nollaig 2020.

Ábhar cúlra : clár oibre móide tuairimí agus leasuithe .

Sruthú gréasáin : ar shuíomh gréasáin CnaR.

Teagmháil :

PresseCdr@cor.europa.eu

Roinn :