Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Laghdaigh cistiú ón Aontas do na rialtais sin a chuireann beartais fhrith-LGBTIQ chun cinn, a deir na réigiúin agus na cathracha  

I dtuairim a glacadh ag an seisiún iomlánach inniu, chuir Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) in iúl gur díol sásaimh dó Straitéis an Aontais um Chomhionannas LGBTIQ ach tugann sé le fios go bhfuilimid ag dul ar gcúl san am céanna maidir le luachanna an Aontais, agus údaráis áirithe ag baint úsáid as reitric fhrith - LGBTIQ ar bhonn leanúnach agus beartais agus reachtaíocht idirdhealaitheach á nglacadh acu fiú. Áitíonn tionól réigiúin agus chathracha an Aontais nár cheart cistí ón Eoraip a dheonú do na rialtais sin a chuireann sásraí idirdhealaithe struchtúracha chun cinn in aghaidh daoine LGBTIQ agus molann sé níos mó tacaíochta airgeadais a chur ar fáil do chláir chomhionannais agus éagsúlachta ar an leibhéal áitiúil.

Sa chéad Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ de chuid an Aontais a thíolaic an Coimisiún Eorpach, iarrtar go sainráite ar CnaR idirphlé a chur chun cinn leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, chun comhionannas LGBTIQ a chur chun tosaigh. Agus an cás i mBúdaipeist á lua inti mar shampla, cuirtear in iúl sa tuairim ó CnaR gur féidir le cathracha agus réigiúin a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an idirdhealú a chomhrac agus beartais a leagan síos atá fabhrach do dhaoine LGBTIQ i gcásanna ina bhfuil na rialtais náisiúnta ag titim ar gcúl.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an rapóirtéir, Kate Feeney (IE/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin: ‘Is céim chun tosaigh a rabhthas ag súil léi le fada í an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ de chuid an Aontais chun Eoraip a fhorbairt a mbeidh fíormheas aici ar chearta bunúsacha. Bíonn comhairleoirí agus méaraí réigiúnacha agus áitiúla ag idirghníomhú go laethúil le saoránaigh agus dá réir sin, is féidir ról lárnach a bheith acu maidir le cuimsiú gach duine a ráthú agus maidir le hathrú a bhaint amach ón mbun aníos. Is cuma cé acu trí aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú iomadúil atá os comhair an phobail LGBTIQ nó trí fhreastal ar a riachtanais le beartais nua nó beartais atá ann cheana, is féidir le cathracha agus réigiúin rannchuidiú go gníomhach le comhionannas agus tionscnaimh lena léirítear éagsúlacht á chur chun cinn ar bhealach níos fearr.’

Is oth leis an Rapóirtéir nár éirigh leis an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile teacht ar chomhaontú, an 7 Deireadh Fómhair, i dtaca le straitéis nua an Aontais maidir le cearta an linbh , mar gheall ar chur i gcoinne roinnt Ballstát don tagairt do chearta daoine óga LGBTIQ agus leanaí.

‘Is mór an baol atá ann do dhaoine óga LGBTIQ san Eoraip go ndéanfar idirdhealú, íospairt, stiogmatú nó mí-úsáid orthu. Ní mór do gach leanbh a bheith in ann a bpearsantacht a fhorbairt gan bhac agus a bheith cosanta ó theiripí tiontaithe agus ó idirghabhálacha éigeantacha leighis. Cuirimid i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an ngnéasoideachas uilíoch maidir le steiréitíopaí agus idirdhealú a chomhrac, maidir le híomhá dhearfach a fhorbairt de bhaill an phobail LGBTIQ agus maidir le hatmaisféar an ghlactha a chothú’, a dúirt Feeney.

Sa tuairim, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú nach ndeonófar cistí Eorpacha i gcás ina bhfuil sásraí idirdhealaithe struchtúracha ann. Ina ionad sin, ní mór tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’eagraíochtaí LGBTIQ na sochaí sibhialta agus do chláir chomhionannais agus éagsúlachta i mbardais agus i réigiúin ina bhfuil an pobal LGBTIQ ag tabhairt aghaidh ar dhearcthaí atá thar a bheith naimhdeach ó na rialtais. Ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith lánpháirteach freisin i ndearadh agus i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta maidir le comhionannas LGBTIQ agus i bhfaireachán a dhéanamh orthu.

Ghlac an FPE  Pierre Karleskind (FR/Renew Europe), a thionscain rún Pharlaimint na hEorpa inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse do LGBTIQ atá san Aontas Eorpach, páirt sa díospóireacht freisin ag an seisiún iomlánach. Chuir sé in iúl go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag na cathracha agus ag na réigiúin maidir le comhionannas ceart a bhaint amach ar an leibhéal áitiúil. I gcomhréir leis an achainí a rinne Parlaimint na hEorpa, cuireann CnaR glao chuig gach bardas iad féin a dhearbhú mar ‘chathair saoirse do LGBTIQ’. Comhshíníonn sé freisin an iarraidh a rinne an Pharlaimint ina Rún maidir le cearta LGBTIQ san Aontas i dtaca le teaghlaigh bogha báistí agus lánúineacha comhghnéis, inar iarradh go gcuirfí dlí teaghlaigh trasteorann i bhfeidhm go dian agus go mbeadh idirphlé neartaithe ann.

Teagmháil:

Lauri Ouvinen

Teil.: +32 473536887

lauri.ouvinen@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COR-UNICEF-JOIN-FORCES-SUPPORT-INCLUSION-CHILDREN-UKRAINE-.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CUT-FUNDING-GOVERNMENTS-PROMOTING-ANTI-LGBTIQ-POLICIES.ASPX

European Committee of the Regions and UNICEF join forces to support the inclusion of children from Ukraine
European Committee of the Regions and UNICEF join forces to support the inclusion of children from Ukraine
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/FOSTERING-DIVERSITY-AND-INCLUSION-ON-THE-GROUND.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CUT-FUNDING-GOVERNMENTS-PROMOTING-ANTI-LGBTIQ-POLICIES.ASPX

Local and regional leaders welcome Commissioner Dalli's support for their work in fostering diversity and inclusion on the ground
Local and regional leaders welcome Commissioner Dalli's support for their work in fostering diversity and inclusion on the ground
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/155-PLENARY-ANNOUNCEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CUT-FUNDING-GOVERNMENTS-PROMOTING-ANTI-LGBTIQ-POLICIES.ASPX

On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
23.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COR-JOINS-HIGH-LEVEL-POLITICAL-CONFERENCE-EMBEDDING-HUMAN-RIGHTS-GRASSROOTS-LEVEL.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CUT-FUNDING-GOVERNMENTS-PROMOTING-ANTI-LGBTIQ-POLICIES.ASPX

CoR joins the High-level political conference on embedding human rights at grassroots level
CoR joins the High-level political conference on embedding human rights at grassroots level
22.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/8TH-ENLARGEMENT-DAY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CUT-FUNDING-GOVERNMENTS-PROMOTING-ANTI-LGBTIQ-POLICIES.ASPX

The 8th Enlargement Day, 4-5 May 2023
The 8th Enlargement Day, 4-5 May 2023
18.04.2023