Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tacaíocht níos uaillmhianaí á lorg ag na réigiúin agus na cathracha le haghaidh earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta chun dul i ngleic le caillteanais mhóra eacnamaíocha  

Ba cheart breathnú ar an ealaín agus ar an gcultúr mar ‘tráchtearra bunúsach’ agus níor cheart pionós a ghearradh ar na hearnálacha sin de dheasca na dianghlasála

Tá na réigiúin agus na cathracha ag iarraidh tacaíocht chomhordaithe ón Aontas agus ó na Ballstáit chun earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chur ar a mboinn athuair ós rud é go bhfuil siad ar na hearnálacha is mó atá thíos le géarchéim COVID-19 agus leis na horduithe dianghlasála náisiúnta. I ndíospóireacht le Mariya Gabriel, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, léirigh comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a thábhachtaí atá rannchuidiú mór an chultúir agus na hoidhreachta cultúrtha i dtaca le forbairt áitiúil agus réigiúnach agus i dtaca le luachanna, féiniúlachtaí agus saoránacht na hEorpa. D’áitigh siad gur cheart ról níos lárnaí a bheith ag an ealaín agus ag cúrsaí cultúrtha sa phlé maidir le todhchaí an Aontais Eorpaigh.

Dúirt Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán CnaR agus Gobharnóir réigiún na Macadóine Láir sa Ghréig, an méid seo a leanas: “D'éirigh caillteanais airgeadais suas le 70 % in 2020 amháin d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Ní hamháin go bhfuil poist agus gnólachtaí á gcur i mbaol leis sin, ach tá ár n-oidhreacht agus ár bhféiniúlacht féin i mbaol freisin. Neartaíonn an cultúr agus an chruthaitheacht comhtháthú sóisialta ár bpobal; is iadsan atá i gcroílár ár bhféiniúlachta agus ár dtraidisiún. Is ionann infheistiú sa chultúr agus infheistiú ionainn féin mar shaoránaigh na hEorpa. Sin an fáth nach mór dúinn tacaíocht níos uaillmhianaí agus níos láidre a chur ar fáil do na hearnálacha sin ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil.”

Ag labhairt di ag seisiún iomlánach CnaR inniu, bhí an méid seo a leanas le rá ag an g Coimisinéir Mariya Gabriel : “Agus iad buailte go dona ag an bpaindéim, tá sé de dhíth ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, agus é tuillte acu, go ndéanfaimis ár seacht ndícheall ar a son. Is comhghuaillithe ríthábhachtacha iad na cathracha agus na réigiúin san iarracht sin. Le tacaíocht chomhpháirteach uainn, cinnteoimid go mbeidh an deis ann ról lárnach a bheith ag an gcultúr maidir le hEoraip níos glaise, níos bríomhaire agus níos athléimní a chothú.”

Tar éis na díospóireachta, chuir rapóirtéir CnaR Giuseppe Varacalli (IT/Renew E.) a thuairim maidir le hEarnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta a Athdhúiseacht i láthair. Moltar sa tuairim go n-áiritheofaí go gcuirfí cistí an Aontais ar fáil d’earnálacha uile an chultúir agus na cruthaitheachta agus dóibh siúd ar fad a bhfuil baint acu lena gcruthú.

“Ba cheart do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leas a bhaint as cistiú AE agus as na cláir agus na bearta éagsúla atá ann chun ealaíontóirí aonair a chur chun cinn agus deiseanna a fhorbairt le haghaidh imeachtaí agus malartuithe, lena n-áirítear imeachtaí agus malartuithe fíorúla. Leis an méid sin, féadfar cabhrú le saibhreas na hacmhainneachta cruthaithí atá faoi cheilt sna réigiúin a thabhairt chun solais, agus dá bhrí sin ambasadóirí agus tionscnóirí a dhéanamh d’ealaíontóirí ar son a gcultúr féin. Tá tarraingt sna cathracha agus na réigiúin sin atá in ann leas a bhaint as a stair, a gcuid scéalta a insint agus iad féin a athnuachan agus a athshamhlú, ní hamháin do thurasóirí agus do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a ghintear leis sin, ach do ghnólachtaí a chuirtear ar bun sna háiteanna sin freisin ”, a dúirt an tUasal Varacalli, Comhalta de Chomhairle Bardais Gerace in Reggio Calabria.

Dúirt rapóirtéir Pharlaimint na hEorpa maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’ , FPE Laurence Farreng (FR/Renew E), an méid seo a leanas: “Tar éis bliain ar stad, is léir anois go mbeidh an Eoraip de dhíth ar earnáil an chultúir d'fhonn í a athsheoladh, ach is léir agus is ríléir go mbeidh an earnáil chéanna de dhíth ar an Eoraip ó thaobh an téarnaimh de. Ní mór an téarnamh sin sa todhchaí a bheith chomh gar do na saoránaigh agus is féidir, ar an leibhéal áitiúil, ach teastaíonn iarracht Eorpach freisin chun a chinntiú nach ligfear aon ealaíontóir, údar, ceoltóir, aisteoir ná stiúrthóir i ndearmad. Is cúis áthais dom mar sin gur chuir CnaR a ghuth le hiarraidh na Parlaiminte 2 % ar a laghad de na cistí téarnaimh a leithdháileadh ar na príomhghníomhaithe seo dár ngeilleagar agus, níos tábhachtaí fós, dár bhféiniúlacht Eorpach.”

Tuilleadh eolais:

Tugtar aird ar leith ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta sa Phlean Gníomhaíochta Comhpháirteach a síníodh idir Coiste Eorpach na Réigiún agus na ranna sin de chuid an Choimisiúin atá faoi chúram an Choimisinéara Gabriel (DG EAC, DG RTD agus JRC) i mí na Samhna 2020. Déantar foráil ann do chomhar neartaithe agus do mhalartuithe beartais, mar shampla, maidir leis an tionscnamh a bhaineann le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, comhdhálacha agus imeachtaí ardleibhéil, tionscadail phiarfhoghlama agus dearadh agus cur chun feidhme an tionscnaimh nua "Bauhaus Eorpach".

Áitítear sa tuairim seo ó CnaR gur cheart caitheamh le hearnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta amhail táirgeoirí tráchtearraí bunúsacha, ionas nach ngearrfar pionós orthu de dheasca dianghlasála i gcás imeachtaí urghnácha eile amhail paindéim COVID-19. Molann an Coiste treoirlínte comhchoiteanna a dhréachtú chun go mbeidh siad in ann leanúint de bheith ag feidhmiú, cé go mbeadh srianta ann ó thaobh inrochtaineachta de. Is díol sásaimh dó an comhaontú a rinneadh le déanaí maidir leis an gclár Eoraip na Cruthaitheachta, lena n-áirithítear tacaíocht EUR 2.2 billiún a chur ar fáil d'ealaíontóirí agus lena n-éascaítear rannpháirtíocht na dtionscadal cultúrtha ar mhionscála. Tá an Coiste ag iarraidh, áfach, go ndéanfar an infheistíocht ó chistí éagsúla an Aontais a chomhtháthú sa chultúr ar bhealach níos fearr agus an fhéidearthacht atá ann cómhaoiniú a dhéanamh a mhéadú go dtí suas le 80 % do thionscadail arna ndéanamh ag gníomhaithe beaga. Aontaíonn na réigiúin agus na cathracha le Parlaimint na hEorpa gur gá 2 % ar a laghad de chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar leataobh d’earnálacha agus do thionscail an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá siad ag iarraidh freisin go mbainfear leas as cistiú ó na hionstraimí REACT-EU agus SURE chun tacú leis na hearnálacha sin ar an leibhéal náisiúnta.

Teagmháil:

Lauri Ouvinen

Teil.: +32 473536887

lauri.ouvinen@cor.europa.eu

Roinn :