Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Is é COVID-19 an deis dlús a chur leis an gclár oibre don chomhshaol  

​Dimtrios Karnavos​

San agallamh seo, freagraíonn Dimitrios Karnavos (EL/PPE) cúig cheist ar an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC) . Is é Karnavos, Méara Kallithea sa Ghréig, rapóirtéir dréacht-tuairime ina n-iarrtar acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha in ann beartais chomhshaoil a chur chun feidhme ina réigiúin féin. Déanfar an dréacht-tuairim sin a chur chun vóta sa chéad sheisiún iomlánach eile ar an 3-5 Feabhra, tar éis na réamhdhíospóireachta ginearálta a dhéanfar uirthi ag an gcruinniú den Choimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) an 1 Feabhra. D’ainneoin na mbuntáistí suntasacha a baineadh as beartais chomhshaoil de chuid an Aontais le blianta fada anuas, fós tá dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimh an Eoraip – dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht. Áirítear orthu sin cailliúint na bithéagsúlachta, an t - athrú aeráide, an úsáid acmhainní agus an truailliú. Is ríthábhachtach é an 8ú CGC sin chun, i ré iar-COVID - 19, dul i ngleic leis na dúshláin sin.

Ón taobh áitiúil agus réigiúnach de, cad iad na tosaíochtaí ar cheart díriú orthu san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol?

Leagtar fís fhadtéarmach straitéiseach agus treoir amach san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, rud a chabhróidh le geilleagar atá aeráidneodrach, inbhuanaithe agus tíosach ó thaobh acmhainní de a bhaint amach faoi 2050. Tá sé sin ag teacht leis an gComhaontú Glas don Eoraip, an straitéis nua de chuid an Aontais maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi lár na haoise. Tá an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, mar aon leis na sé chuspóir tosaíochta a shonraítear sa togra, ag coinneáil leis na cuspóirí agus leis na coinní atá ag na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha. Tá ceacht foghlamtha againn uile ó phaindéim COVID-19: Ní mór go gcuirfí cur chuige maireachtála sláintiúil i gcroílár gach beartais Eorpaigh lena gcuirtear sláinte an duine agus pláinéad sláintiúil chun cinn agus lena gcuirtear geilleagar agus sochaí shláintiúil ina bhfuil deiseanna ar fáil do chách chun cinn. Chuige sin, is bunúsach agus riachtanach é nasc níos fearr a chruthú idir an tsláinte agus an comhshaol. Ní mór dúinn a chinntiú go bhfágfaidh an 8ú CGC go gcuirfear le comhshaol saor ó thocsainí, go mbunófar caighdeáin mhaireachtála níos fearr do dhaoine agus go ndéanfar pobail a chruthú atá níos athléimní. Ní mór dúinn a chinntiú chomh maith go gcuirfear timpeallacht ghnó inbhuanaithe chun cinn faoin 8ú CGC agus go gcothófar infheistíochtaí glasa ar gach leibhéal (an tAontas, go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil). Ní mór na nithe sin uile a chur i gcrích má táimid chun Aontas níos láidre agus níos inbhuanaithe a bheith againn sa ré iar-COVID.

Conas is féidir le CGC nua a chinntiú go ndéanfar na sainchearta comhshaoil agus aeráide a chomhtháthú níos fearr le beartais earnálacha eile de chuid an Aontais? Cén chaoi a bhfuil an 8ú CGC nasctha leis an gComhaontú Glas don Eoraip?

Ní furasta i gcónaí é teacht ar bhealaí chun sainchearta comhshaoil agus aeráide a chomhtháthú níos mó le beartais de chuid earnálacha eile an Aontais, ós rud é go bhfuil a gcuid tosaíochtaí féin ag gach earnáil. Uaireanta, cheapfaí fiú gurb iad na beartais chomhshaoil agus aeráide féin atá ag cur i gcoinne a chéile. Mar shampla, faoi bheartais cosanta aeráide agus beartais um laghdú astaíochtaí carbóin, cuirtear chun cinn tionscadail maidir le córais fuinnimh in-athnuaite a shuiteáil agus a chur i bhfeidhm. Agus uaireanta eile, is i limistéir faoi chosaint a dhéantar iarracht na tionscadail sin a chur ar bun agus a chur i bhfeidhm. Níl sé sin ag teacht, go hiomlán, leis na beartais maidir le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus maidir le comhtháthú an líonra Natura 2000, ar beartais iad sin a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo. Dá bhrí sin, ní mór dúinn a bheith comhsheasmhach agus bogadh ar aon dul le chéile, ós iad na dúshláin cheannann chéanna atá os ár gcomhair amach. Tá sé tábhachtach go mbainfear an úsáid is mó is féidir as na huirlisí agus na modhanna atá ar fáil dúinn ionas gur féidir linn creat a chur ar bun lena ndéanfar faireachán leanúnach ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil, lena n-áiritear infheistíochtaí sa chomhshaol agus i gcosaint na haeráide, agus lena ndéanfar an fheidhmíocht sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Ba cheart dúinn freisin teacht ar chomhaontú maidir le treochlár soiléir i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. A mhéid a bhaineann le cathracha agus réigiúin, ní féidir linn neamhaird a dhéanamh den ról ar leith atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le gnólachtaí, institiúidí taighde agus an saol acadúil a thabhairt le chéile, ná den ról atá acu maidir le daoine aonair agus geallsealbhóirí áitiúla a spreagadh chun beartais chomhshaoil a cheapadh agus a chur chun feidhme.

Conas is féidir linn a chinntiú go ndéanfar na beartais chomhshaoil a chur chun feidhme ina n-iomláine i bpobail uile an Aontais?

Is díol mór sásaimh dom a fheiceáil go bhfuil sé sainaitheanta mar phríomhthosaíocht faoin 8ú CGC an gá atá le cur chun feidhme níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ó thaobh beartas comhshaoil de. D’fhonn an ráta cur chun feidhme a fheabhsú, ní mór go mbeadh na huirlisí cearta agus acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla. Táimid freagrach as 70 % de reachtaíocht an Aontais a chur chun feidhme, as 90 % de na bearta um oiriúnú don athrú aeráide agus as 70 % de na gníomhaíochtaí maidir le maolú ar an athrú aeráide. Ní mór dúinn cur chuige nuálach a ghlacadh lena ndéanfar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú réitigh shaincheaptha a chur ar fáil d’fhonn cur chun feidhme na mbeartas comhshaoil ina réigiúin féin a fheabhsú, bídís i limistéir uirbeacha, thuaithe, shléibhtiúla, oileánacha nó chósta. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chomhshaoil shonracha atá os ár gcomhair amach, tá gá le tuilleadh taighde, sonraí agus eolais agus, ós rud é go bhfuil a gcuid dúshlán, laigí agus láidreachtaí féin ag gach limistéar geografach, ní mór go ndéanfaimis deiseanna a thapú sna pobail áitiúla agus réigiúnacha éagsúla. Dá bhrí sin, sa tuairim a dhréachtaigh mé maidir leis an 8ú CGC, cuirim i dtreis gurb é cur chuige iomlánaíoch agus áit-bhunaithe an cur chuige is fearr má táimid ag iarraidh caighdeáin mhaireachtála shláintiúla a bhaint amach. Chuige sin, ní éireoidh linn mura ndéanfaimid creat rialachais il-leibhéil dea-fheidhmiúil a chur ar bun agus mura ndéanfaimid gach leibhéal rialachais a spreagadh chun comhar trasriaracháin, idir-réigiúnach, idirbhardasach agus trasteorann a chur chun cinn. Anuas air sin, ní mór dúinn ár mbonn eolais comhshaoil a neartú trí leas a bhaint as acmhainneacht teicneolaíochtaí digiteacha agus sonraí agus trí úsáid níos mó a bhaint as réitigh nádúr-bhunaithe agus nuálaíocht shóisialta chun feabhas a chur ar chur chun feidhme na gcuspóirí comhshaoil. Mar shampla, in Kallithea, an t-ochtú bardas is mó sa Ghréig agus an ceathrú bardas is mó i gceantar uirbeach na hAithne, tá tionscadal curtha chun feidhme againn bunaithe ar úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha (Teicneolaíocht iBeacons agus an Réaltacht Bhreisithe) chun cónaitheoirí agus cuairteoirí a spreagadh úsáid a bhaint as cineálacha inbhuanaithe iompair, amhail siúl agus rothaíocht, d’fhonn astaíochtaí carbóin a laghdú, cáilíocht an aeir a fheabhsú agus béim a leagan ar an ngá atá ann oidhreacht stairiúil agus chultúrtha na cathrach a chaomhnú.

Cén chaoi a gcabhróidh an 8ú CGC chun a chinntiú go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag na pobail áitiúla agus réigiúnacha san Aontas chun go mbeidh siad in ann beartais chomhshaoil agus aeráide an Aontais a chur chun feidhme, i gcomhthéacs an téarnaimh ghlais ó COVID-19?

Mar a luaigh mé cheana, is ríthábhachtach é acmhainní leordhóthanacha a bheith againn má táimid chun beartais chomhshaoil agus aeráide a chur chun feidhme go rathúil sna réigiúin féin. Ar na hacmhainní sin tá maoiniú spriocdhírithe agus creat dlíthiúil soiléir, mar aon le hacmhainní riaracháin amhail saineolas daonna, forbairt acmhainní, eolas agus comhroinnt dea-chleachtas. Ní mór go ndéanfaí creat comhtháite a fhorbairt faoin 8ú CGC chun go mbeidh na huirlisí cearta ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcomhréir leis an straitéis maidir leis an téarnamh glas ó COVID-19. Tá gá le dreasachtaí a chur san áireamh ann freisin chun dul i dtreo beartas comhshaoil níos uaillmhianaí, dreasachtaí dóibh siúd atá chun deiridh, go háirithe, ach freisin dóibh siúd a bhfuil ag éirí go maith leo le go spreagfar tuilleadh iad. Caithfidh mé a admháil gurb oth liom an neamhréir atá ann idir an comhaontú maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil do 2021-2027 agus an 8ú CGC. Ba cheart go ndéanfaí iad sin a chomhordú níos fearr. Ar an taobh dearfach de, is cúis áthais dom a fheiceáil go bhfuil an t-athrú aeráide agus an t-aistriú digiteach i gcroílár an chéad bhuiséid eile de chuid an Aontais agus go bhfuil 30 % de bhuiséad fadtéarmach an Aontais agus den phacáiste NextGenerationEU leithdháilte ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Ní hamháin sin, ach tugtar aird ar leith ann ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht. Tá súil agam go ndéanfar an creat ceart a chruthú faoin 8ú CGC le haghaidh infheistíochtaí glasa agus gorma agus le haghaidh na nuálaíochta ar gach leibhéal rialachais. Tá siad sin ríthábhachtach má táimid chun pobail bhuanseasmhacha a thógáil agus, ag an am céanna, fás agus poist a chruthú i sochaí atá cothrom, cuimsitheach agus bunaithe ar an dlúthpháirtíocht. Tá súil agam freisin go gcuirfear ar fáil faoin 8ú CGC uirlisí fothaithe acmhainneachta, bunachar eolais agus bunachar de dhea-chleachtais agus de dhreasachtaí ar mhaithe le comhar idir na cathracha d’fhonn dlús a chur leis an téarnamh glas. Samplaí den chomhar sin is ea athbhreithnithe piaraí agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, cuairteanna ar an láthair agus nascadh glas.

Maidir le tionchar COVID-19 ar an gclár oibre don chomhshaol, an bac nó deis é seo chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht?

Tá sé tábhachtach glacadh le COVID-19 mar dheis chun dlús a chur leis an gclár oibre don chomhshaol. Le cúpla mí anuas, chonaiceamar an feabhas atá tagtha ar cháilíocht an aeir, chonaiceamar athshlánú na bithéagsúlachta agus an feabhas ginearálta a tháinig ar ár n-éiceachórais trí chéile. Ní mór dúinn tógáil air sin. Is díol sásaimh dom a fheiceáil go bhfuil téarnamh COVID-19 beartaithe ag an Aontas, rud atá fite fuaite leis an aistriú glas agus digiteach. Tá téarnamh eacnamaíoch ag teastáil ónár bpobail áitiúla, ach is téarnamh inbhuanaithe agus athléimneach ba cheart a bheith sa téarnamh sin. Ós rud é nach féidir linn an cur chun feidhme a bhaint amach de cheal rannpháirtíocht an uile dhuine, is é an rud is tábhachtaí, dar liom féin, ná feabhas a chur ar ár gcumarsáid leis an duine aonair ionas go mbeidh na pobail áitiúla ar aon tuairim linn. Agus muid ag iarraidh geilleagair níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a dhéanamh as ár ngeilleagair áitiúla, ní mór dúinn feasacht a ardú maidir leis na buntáistí a bhaineann le beartais aeráide, chomhshaoil agus bhithéagsúlachta agus a léiriú cén chaoi a gcuirtear lenár sláinte agus lenár bhfolláine a bhuí leis na beartais sin.

Eolas cúlra:

Ó lár na 1970idí amach, eisítear Cláir Ghníomhaíochta thréimhsiúla don Chomhshaol (CGC) ina sainítear na cuspóirí tosaíochta atá le baint amach laistigh d’aon tréimhse ama ar leith, agus is faoi threoir na gclár sin atá beartais chomhshaoil an Aontais. Agus an 7ú CGC tar éis dul in éag in 2020, d’fhormheas an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh an 8ú CGC don tréimhse suas go dtí 2030 ina dírítear ar an gComhaontú Glas don Eoraip a thabhairt i gcrích.

Tá tuairimí reachtacha glactha ag CnaR maidir le CGCanna roimhe seo. In 2019, ghlac CnaR tuairim féintionscnaimh dar teideal I dTreo an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol leis an rapóirtéir Cor Lamers (NL/PPE) , Méara Schiedam san Ísiltír. Bhí staidéar tiomnaithe ag dul leis an tuairim sin.

Ag tógáil ar an gComhaontú Glas don Eoraip, tá sé chuspóir tosaíochta san 8ú CGC . D'fhonn a thomhas agus a chur in iúl an bhfuil ag éirí leis an Aontas na cuspóirí sin a shásamh, moltar creat faireacháin nua a chur ar bun faoin togra le haghaidh an 8ú CGC.

Oibríonn Coiste Eorpach na Réigiún agus an Coimisiún Eorpach i ndlúthchomhar le chéile chun a chinntiú go ndéanfar beartais chomhshaoil a chur chun feidhme agus a fhorbairt go héifeachtach tríd an Ardán Teicniúil le haghaidh Comhar maidir leis an gComhshaol .

Teagmháil phreasa: pressecdr@cor.europa.eu

Share: