Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá toscaireacht CnaR réidh le hionadaíocht a dhéanamh ar aon mhilliún polaiteoir tofa réigiúnach agus áitiúil ag seisiún iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa  

Beidh 18 bpolaiteoir a toghadh go réigiúnach agus go háitiúil, naonúr ban agus naonúr fear, páirteach sa chéad chruinniú iomlánach den Chomhdháil chun ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bhfeidhmiú daonlathach an Aontais a neartú agus chun gné réigiúnach bheartais an Aontais a léiriú

Tháinig na toscairí as Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a fhreastalóidh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa le chéile inniu chun ullmhú don pháirt a ghlacfaidh siad sa chéad chruinniú iomlánach den Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bheidh ar siúl an 19 Meitheamh in Strasbourg. Is mian leis na toscairí an leas is fearr is féidir a bhaint as an gComhdháil ós rud é gur deis atá inti gné dhaonlathach an Aontais Eorpaigh a neartú agus muinín na saoránach as an tionscadal Eorpach a athbhunú. Toisc CnaR a bheith ar an gcomhlacht Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar an leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh, tá sé tiomanta do ghuthanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a thabhairt os comhair na Comhdhála.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún atá i gceannas ar thoscaireacht CnaR: “Is é Coiste Eorpach na Réigiún an tionól polaitiúil Eorpach a dhéanann ionadaíocht ar aon mhilliún polaiteoir tofa áitiúil ar fud na hEorpa. Is é an tosaíocht atá againn a chinntiú go gcloisfear guthanna phobail ár réigiún, ár gcathracha agus ár sráidbhailte. Cinnteoimid go ndéanfar na moltaí a dhéanfaidh saoránaigh le linn an chomhphlé ar an leibhéal áitiúil agus an t-ionchur polaitiúil a bhaileofar trí na seisiúin iomlánacha, trí ghníomhaíochtaí ár gcomhaltaí agus trínár bpríomhimeachtaí a chur san áireamh sa tuarascáil deiridh”.

Seo mar a labhair an chéad Leas-Uachtarán ar CnaR, Vasco Alves Cordeiro , atá ina chomhalta freisin de thoscaireacht CnaR: “Mar pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha, glacaimid leis an dúshlán atá ann Eoraip níos fearr a chruthú. Ní leor é díreach éisteacht leis na saoránaigh. Ós rud é go n-iarrtar ar dhaoine a dtuairimí a chur in iúl faoina dtodhchaí, beidh ar cheannairí an Aontais, ar gach leibhéal, beart a dhéanamh de réir a mbriathair. Is é an rud a bhfuil súil againn go léir leis ón gComhdháil athruithe nithiúla chun an Eoraip a thabhairt níos cóngaraí dá saoránaigh. Déanfaidh CnaR an líon is mó polaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha a shlógadh chun go gcloisfear le linn na Comhdhála guthanna phobail ár réigiún. Agus cuirfimid tograí nithiúla chun cinn maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an tAontas agus maidir le beartais, ar mhaithe le hEoraip chothrom”.

Kieran McCarthy, ball do Comhairle Cathrach Chorcaí agus Uachtarán Ghrúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí “Is í an chomhdháil an t-aon uair amháin i nglúin go bhfuil deis cúrsa an Aontais Eorpaigh a oscailt agus a mhapáil, i slí a dheineann míd machnamhach agus frithghníomhach dóibh siúd a mhaireann inár réigiúin agus inár gcathracha. Is cuma más i gceantair thuaithe nó uirbeacha atá cónaí orainn go léir, agus is gá don pheirspictíocht seo ár n-Eoraip de chultúir, de theangacha agus de réigiúin éagsúla a mhúnlú. I rith na bliana atá ag teacht, geallann ár ngrúpa éisteacht lei, agus teachtaireachtaí na saoránach, a thabhairt ar ais chuig an bord idirbheartaíochta”.

Agus páirt á glacadh acu i bhformáidí uile sheisiún iomlánach na Comhdhála, déanfaidh toscaireacht CnaR an méid seo a leanas:

- aighneachtaí i scríbhinn a chur ar fáil le tacaíocht ón nGrúpa Ardleibhéil um an Daonlathas Eorpach , comhlacht comhairleach neamhspleách de sheachtar fear agus ban saoi, faoi chathaoirleacht iarUachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, a bhfuil sé mar mhisean aige tacú le ról polaitiúil agus institiúideach CnaR trí anailís pholaitiúil straitéiseach a chur ar fáil ina ndíreofar ar ghnéithe áitiúla agus réigiúnacha .

- comhphlé agus díospóireachtaí a eagrú ina dtoghcheantair agus tuairisc a thabhairt ar an gcomhphlé sin.

- comhghuaillíochtaí de thoscairí atá ar aon intinn sa Chomhdháil a chothú chun moltaí atá ábhartha do réigiúin, do chathracha agus do shráidbhailte ar fud an Aontais a chur chun cinn go comhpháirteach.

- leas a bhaint as a chuid líonraí amhail comhlachais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud an Aontais, an líonra d’iarchomhaltaí CnaR agus an líonra de chomhairleoirí áitiúla an Aontais Eorpaigh a seoladh le déanaí chun polaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha a spreagadh díospóireachtaí leis na saoránaigh a eagrú. Tabharfar tuairisc ar thorthaí na gcomhairliúchán sin ag seisiún iomlánach na Comhdhála.

Labhróidh toscaireacht CnaR den uair dheiridh os comhair na Comhdhála le linn an 9ú Cruinniú Mullaigh Eorpach de chuid na Réigiún agus na gCathracha , a thionólfar le linn Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle an 3 - 4 Márta 2022.

Toscaireacht CnaR sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa:

Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir, an Ghréig, Uachtarán Chomhlachas Réigiúin na Gréige)

Grúpa PPE in CnaR

Olgierd Geblewicz , Uachtarán Ghrúpa PPE (Uachtarán Réigiún na Pomaráine Thiar, an Pholainn, Uachtarán Chomhlachas Réigiúin na Polainne)

Jelena Drenjanin , an chéad Leas-Uachtarán ar Ghrúpa PPE (Leasmhéara Huddinge, an tSualainn, Cathaoirleach an Choiste Rialachais, an Chomhdháil um Údaráis Áitiúla agus Réigiúnacha, Comhairle na hEorpa)

Mark Speich , Cathaoirleach an Choimisiúin um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha in CnaR (Rúnaí Stáit, Stát Nordrhein-Westfalen, an Ghearmáin)

Isabel Díaz Ayuso , Uachtarán Réigiún Mhaidrid, an Spáinn

Ilse Aigner , Uachtarán Pharlaimint Stáit na Baváire agus Toscaire CnaR thar ceann na bParlaimintí Réigiúnacha, an Ghearmáin

Grúpa PSE in CnaR

Vasco Alves Cordeiro , an chéad Leas-Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún (Comhalta de Pharlaimint Réigiúnach na nAsór, an Phortaingéil)

Yoomi Renström , an chéad Leas-Uachtarán ar Ghrúpa PSE (Comhalta de Chomhairle Bardais Ovanåker, an tSualainn)

Concepción Andreu Rodríguez , Leas-Uachtarán Ghrúpa PSE (Uachtarán Rialtas Réigiúnach La Rioja, an Spáinn)

Kata Tüttő , Leas-Uachtarán Ghrúpa PSE (Leasmhéara Bhúdaipeist, an Ungáir)

Karl-Heinz Lambertz , Cathaoirleach an Ghrúpa Stiúrtha um Choimhdeacht in CnaR (Uachtarán Pharlaimint Phobal Labhartha na Gearmáinise, an Bheilg)

Grúpa ‘Renew Europe’ in CnaR

Paula Fernández , an tAire Gnóthaí Baile, Ceartais agus Gnóthaí AE, Réigiún Cantabria, an Spáinn

Mirja Vehkapera , Méara Chathair Oulu, an Fhionlainn

François Decoster , Uachtarán Ghrúpa Renew Europe (Méara Saint Omer, an Fhrainc)

Grúpa ECR in CnaR

Władysław Ortyl , Uachtarán Ghrúpa ECR (Marascal Réigiún Podkarpackie, an Pholainn)

Roberto Ciambetti , Uachtarán Pharlaimint Réigiúnach Veneto, an Iodáil

Grúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí in CnaR

Kieran McCarthy , Uachtarán Ghrúpa na Comhghuaillíochta Eorpaí (Comhalta de Chomhairle Cathrach Chorcaí, Éire)

Na Glasaigh in CnaR

Muhterem Aras , Uachtarán Pharlaimint Stáit Baden-Württemberg, an Ghearmáin

Ba iad na critéir maidir le 18 gcomhalta de thoscaireacht CnaR a roghnú ionadaíochas na cleamhnachta polaitiúla, an chothromaíocht gheografach, ionadaíochas na leibhéal éagsúil de na húdaráis fhonáisiúnta agus an chothromaíocht inscne.

Cúlra:

Tá seisiún iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa comhdhéanta de 433 chomhalta: 108 n-ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa, 54 ionadaí ón gComhairle, triúr ón gCoimisiún Eorpach, 108 n-ionadaí ó pharlaimintí náisiúnta, 80 ionadaí ó Phainéil Saoránach Eorpach (aon trian díobh atá faoi bhun 25 bliana d’aois), Uachtarán Fhóram Eorpach na nÓg, 27 n-ionadaí ó Phainéil Saoránach Náisiúnta, 18 n-ionadaí ó CnaR agus 18 n-ionadaí ó CESE, ochtar ionadaithe thar ceann na gcomhpháirtithe sóisialta agus ochtar ionadaithe thar ceann na sochaí sibhialta.

Suirbhé ar na saoránaigh maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Rannpháirt CnaR sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Ardán digiteach ilteangach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa

Teagmháil:

Marie-Pierre Jouglain

Teil. +32 (0)473 52 41 15

mariepierre.jouglain@cor.europa.eu

Roinn :