Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An bhearna nuálaíochta san Eoraip a dhúnadh: ní leor leis féin an maoiniú ón gclár Fís Eorpach  

Cé gur díol sásaimh ag Coiste Eorpach na Réigiún an méadú a mheastar a thiocfaidh ar an maoiniú don chlár Fís Eorpach (an clár réime um thaighde agus nuálaíocht sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais Eorpaigh), tá sé athdhearbhaithe ag an gCoiste i dtuairim nua dá chuid nach mór do bheartas comhtháthaithe an Aontais an ról atá aige a chomhlíonadh maidir le tacaíocht a thabhairt don bhonneagar taighde i réigiúin uile an Aontais. Ina theannta sin, tá béim á cur ag na cathracha agus na réigiúin ar an tábhacht a bhaineann le líonraí Eorpacha d’éiceachórais réigiúnacha agus de mhoil nuálaíochta réigiúnacha a chruthú.

Sa tuairim réamhráite, a d'ullmhaigh Eamon Dooley (IE/Renew Europe), comhalta de Chomhairle Contae Uíbh Fhailí, cuirtear in iúl an tábhacht thar na bearta atá le bonneagair thaighde i dtaca le forbairt agus iomaíochas na réigiún, a fhad a bhaineann le haschur eolaíoch agus leis an tionchar ar éiceachórais oideachais araon, agus luaitear an tábhacht atá leo freisin chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de.

Níl aon mhéadú tagtha ar chion an mhaoiniúcháin a thugann earnáil an rialtais san Aontas don taighde, áfach, agus ráta beagán os cionn 2 % i gceist i gcónaí. Tá éagothroime ann ar an leibhéal réigiúnach freisin: thuairiscigh 31 as 281 réigiún NUTS 2 in 2015 infheistíochtaí T&F a bheith déanta iontu a sháraigh sprioc an Aontais (3 %). Tá braislí follasacha diantaighde ag teacht chun cinn, go príomha i dTuaisceart agus in Iarthar na hEorpa, ach, má tá féin, is ag titim chun deiridh atá réigiúin eile, mar a léirítear le Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnaí 2019 an Choimisiúin Eorpaigh.

"Tá an baol ann go dtiocfaidh méadú ar an neamhionannas idir na cathracha agus réigiúin sin atá ag fáil maoiniú breise i réimse an taighde agus na nuálaíochta ón gclár Fís Eorpach, ar thaobh amháin, agus cathracha agus réigiúin nach iad, ar an taobh eile, a bhuailfear go trom nuair a thiocfaidh titim ar bhuiséid an bheartais comhtháthaithe, mar atá tuartha. Is iad na Ballstáit nua is mó a bheidh thíos leis ós iad is mó a fuair maoiniú go dtí seo ó na cistí struchtúracha agus infheistíochta; os a choinne sin, is iad na réigiúin a bhfuil ag éirí thar barr leo is mó a thairbhíonn de mhaoiniú ó Fhís Eorpach", arsa an Rapóirtéir.

Sa tuairim a d’ullmhaigh an tUasal Dooley, luaitear an chaoi a bhfuil samhlacha sonracha maoiniúcháin de dhíth ar feadh shaolré uile an taighde agus na nuálaíochta d'fhonn aghaidh a thabhairt ar bhearnaí maoiniúcháin i gcás nach leor a bhfuil ann d'fhoinsí maoiniúcháin Eorpacha agus náisiúnta ná d'fhoinsí maoiniúcháin nach iad. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí leas a bhaint ar dhóigh chruthaitheach as na foinsí seo a leanas: cistí struchtúracha, Fís Eorpach agus iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta chomh maith le Erasmus, an Eoraip Dhigiteach, COSME, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, LIFE agus ionstraimí eile, trí dhul i muinín samhail chómhaoiniúcháin i gcomhar le cistí náisiúnta taighde, b’fhéidir.

Cé gur leagadh síos bunchlocha an Limistéir Eorpaigh Taighde in 2000, léiríonn an tuairim an imní atá ann faoi easnaimh éagsúla a bheith ar chreat an Limistéir maidir le bonneagar taighde, rud a laghdaíonn na buntáistí agus na héifeachtúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith leis.

Chuir an tUasal Dooley an méid seo a leanas i bhfios freisin: "má táthar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra ar nós an athraithe aeráide is gá a bheith in ann bonneagair thaighde a chomhtháthú lena macasamhail de bhonneagair sna réigiúin máguaird; ar an gcaoi sin is mó an chomhroinnt eolais a bheidh ann agus cuirfear leis an taighde idirdhisciplíneach. Caithfidh an beartas T&N a bheith nasctha le forbairt agus cur chun feidhme straitéisí um speisialtóireacht chliste, ós cineálacha cur chuige nuálacha iad seo atá dírithe ar bhorradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoi chruthú fostaíochta bunaithe ar riachtanais réigiúnacha shainaitheanta, agus atá dírithe ar réigiúin a nascadh le chéile i dtaca le gníomhaíochtaí T&N agus ról a thabhairt dóibh ina leith".

Glacfar tuairim an Uasail Dooley maidir le Bonneagair Thaighde – A bhfuil i nDán don Limistéar Eorpach Taighde i gComhthéacs Réigiúnach agus Trasteorann ag seisiún iomlánach Choiste na Réigiún, an 9 Deireadh Fómhair, áit a mbeidh díospóireacht ar siúl freisin le Günther Oettinger , an Coimisinéir um Buiséad an Aontais.

Teagmháil:

Lauri Ouvinen

Teil.: +32 22822063

lauri.ouvinen@cor.europa.eu

Roinn :