Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Geall tugtha ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na cathracha agus na réigiúin comhar níos dlúithe a dhéanamh le chéile i dtreo go rachfaí i muinín comhaontuithe saorthrádála níos minice  

Bhuail an Coimisinéir um Thrádáil, Phil Hogan, le comhaltaí an Choimisiúin um Beartas Eacnamaíoch (ECON) i gCoiste Eorpach na Réigiún (an Coiste), an 2 Márta d’fhonn plé a dhéanamh ar na deiseanna agus na bacainní a bhaineann le comhaontuithe saorthrádála AE a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Ghlac comhaltaí ECON sraith moltaí freisin maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, maidir leis an ionstraim bhuiséadach um chóineasú agus um iomaíochas agus maidir leis an bpacáiste seirbhísí.

Na comhaontuithe trádála atá ag an Aontas Eorpach le tríú tíortha, cumhdaíonn siad breis agus 70 margadh agus thart ar 41 % de thrádáil earraí an Aontais ar fud an domhain. I láthair na huaire, tá thart ar 36 mhilliún post san Aontas ag brath ar onnmhairí chuig an gcuid eile den domhan. In ainneoin na ndeiseanna tábhachtacha ó thaobh fáis, fostaíochta, cruthú post agus infheistíochta san Aontas a chuireann an trádáil ar fáil dúinn de shíor, is gá tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh ionas go rachfar i muinín comhaontuithe saorthrádála ar an leibhéal áitiúil.

“Is mór an tábhacht a bheidh le guth na réigiún más mian linn a chinntiú go mbeidh beartais AE éifeachtach agus go mbeidh glacadh leo. Fágann sin go bhfuil breisluach ollmhór i gceist le Coiste Eorpach na Réigiún. Tuigeann comhaltaí an Choiste go feillmhaith an chaoi a bhfuil cúrsaí go háitiúil fud fad na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, cuireann siad dlisteanacht dhaonlathach le beartais an Aontais ”, a dúirt an Coimisinéir um Thrádáil, Phil Hogan , ina ráiteas tosaigh.

Léirítear i suirbhé (2019) a rinne an Coiste le déanaí i gcomhar le Eurochambres gurb é is gá a dhéanamh d’fhonn trádáil éifeachtach a chur chun feidhme ná aghaidh a thabhairt ar an mbearna eolais atá ann faoi chomhaontuithe saorthrádála AE trí fhaisnéis phraiticiúil a chur ar fáil faoin gcaoi ar féidir le FBManna úsáid a bhaint as na comhaontuithe sin i ndáiríre.

Is mór an díol sásaimh dúinn na tuarascálacha cur chun feidhme maidir le comhaontuithe saorthrádála óir is céim ríthábhachtach iad le go mbeidh níos mó trédhearcachta ann agus is ionstraim éifeachtach iad freisin chun deiseanna fáis a eascraíonn as comhaontuithe trádála a chur in iúl. Ós rud é nach minic a théitear i muinín comhaontuithe trádála, creidimid go láidir gur cheart comhaontuithe saorthrádála a chur in oiriúint do FBManna faoi mar is ceart FBManna a chur in oiriúint do chomhaontuithe saorthrádála. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha ina leith sin ós maith is féidir leo faisnéis a scaipeadh faoi na buntáistí a bhaineann le comhaontuithe saorthrádála óir tá eolas acu ar FBManna agus bíonn dlúth-theagmháil acu leo. Ag an am céanna, ní mór dúinn a bheith cúramach gan neamhaird a thabhairt ar réigiúin nach bhfuil toilteanach dul i ngleic leis an iomaíocht idirnáisiúnta mar is é an ról atá againn i ndiaidh an tsaoil a chinntiú nach bhfágfar aon réigiún ar lár. Maidir leis sin, d’fhéadfadh Measúnuithe Tionchair Chríochaigh feidhmiú mar uirlis chumhachtach a chuideodh le tionchair fhéideartha a shainaithint agus a chainníochtú go luath, rud a chuirfeadh ar chumas na gcathracha agus na réigiún na beartais chearta a chur i bhfeidhm in am ”, arsa Michael Murphy (IE/PPE), cathaoirleach Choimisiún ECON agus rapóirtéir na tuairime ó Choiste na Réigiún maidir le “ Cur chun feidhme comhaontaithe saorthrádála: an dearcadh réigiúnach agus áitiúil ” a glacadh le linn an chruinnithe.

“Is díol sásaimh dom an chéad dréacht-tuairim ón gCoiste maidir le cur chun feidhme ár gcomhaontuithe saorthrádála. Tá ról lárnach ag na réigiúin ina leith sin. Mar a thugann an dréacht-tuairim le fios, rachaidh na comhaontuithe saorthrádála chun tairbhe go príomha do na réigiúin, do lucht gnó na réigiún agus do na saoránaigh. Tá súil agam gurb é an toradh a bheidh ar an dréacht-tuairim seo ná go n-oibreoidh an Coimisiún agus Coiste na Réigiún i bpáirt le chéile ar bhonn córasach maidir le cur chun feidhme ár gcomhaontuithe trádála ”, a dúirt an Coimisinéir Hogan .

Mar chuid den dlúthchomhar idir an dá thaobh, mhol an rapóirtéir go gcoinneofaí an Sainghrúpa um Chomhaontuithe Trádála óir tá an Coiste réidh chun ról níos gníomhaí a ghlacadh ann. Ba dhíol sásaimh dó freisin gur ceapadh Príomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála a bheidh i gceannas ar mhonatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcosaintí aeráide, comhshaoil agus saothair a chumhdaítear i gcomhaontuithe trádála de chuid an Aontais, agus d’athdhearbhaigh sé go raibh na cathracha agus na réigiúin i bhfách le comhar níos dlúithe.

Tar éis na díospóireachta leis an gCoimisinéir Hogan, ghlac comhaltaí ECON an tuairim " An Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas ", a d’ullmhaigh an rapóirtéir Christophe Rouillon (FR/PSE) agus an tuairim " An Pacáiste Seirbhísí: Dearcadh nuashonraithe údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa ”, a d’ullmhaigh Jean-Luc Vanraes (BE/Renew Europe) agus phléigh siad plean gníomhaíochta 2020 don chomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Tuilleadh faisnéise:

Bileog eolais ón gCoimisiún Eorpach: Tuarascáil bhliantúil 2019 maidir le Comhaontuithe Trádála an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme

Suirbhé ar Chomhaontuithe Saorthrádála: Tuarascáil

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)2 282 2366

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :