Cuireann CnaR in iúl nár cuireadh codanna móra de reachtaíocht chomhshaoil an Aontais chun feidhme go leordhóthanach, lena n-áirítear an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí an Aontais Eorpaigh agus na Treoracha maidir leis an Dúlra.
Tá sraith tograí curtha i láthair ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) chun an mhuirthimpeallacht a chosaint agus éiceachórais na n-aigéan a athbhunú. Tá CnaR á éileamh go dtabharfaí isteach Dlí Aigéin AE nua chun treo fadtéarmach a leagan síos a mbeidh spriocanna agus sprioc-amanna intomhaiste ag gabháil leis chun cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí a chinntiú. Molann ceannairí áitiúla agus réigiúnacha Ciste Aigéin a bhunú chun an t-iompar muirí a dhícharbónú agus tá siad á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an díolúine le haghaidh breosla a úsáidtear san iascaireacht sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh. Tá CnaR á iarraidh ar an gCoimisiún freisin rialacha nua ceannródaíocha a mholadh maidir le hoibleagáidí cuóta do nítrigin agus fosfar athchúrsáilte ar mhargadh an Aontais mar chuid dá iarrachtaí chun sceitheadh cothaitheach i bhfarraigí an Aontais a laghdú, stop a chur le blúmáil algach agus leathadh na mbandaí marbha.
Tá truailliú comhshaoil do-athraithe os comhair na n-aigéan. Tá tionchar ag loingseoireacht idirnáisiúnta, róthrácht báid, tógáil uirbeach, táirgeadh tionsclaíoch, feirmeoireacht agus táirgeadh fuinnimh ar cháilíocht an uisce, na bhfarraigí agus na bithéagsúlachta muirí. Fad atá aigéin an domhain breac le plaistigh, le truailliú ceimiceach agus le rith chun srutha ó leasacháin talmhaíochta, tá an brú atá á chur ar imeallbhoird le haghaidh forbairt uirbeach agus turasóireachta ag dul i méid agus tá sé ag cur isteach go mór ar éiceachórais mhuirí agus ar an mbithéagsúlacht.
Ós amhlaidh atá, ghlac CnaR tuairim leis an rapóirtéir Emma Nohrén (SE/Na Glasaigh). Bhí an méid seo a leanas le rá ag leasmhéara Bhardas Sualannach Lysekil: “ Is mar a chéile iad na haigéin agus an aeráid! Ní féidir an aeráid a rialú mura bhfuil aigéin shláintiúla ann. Dá bhrí sin, is gá an Dlí Aeráide a chomhlánú le Dlí Aigéin, ina leagfar síos spriocanna agus sprioc-amanna chun an mhuirthimpeallacht a fheabhsú. Is saincheist dhomhanda é truailliú na n - aigéan ach is ar na pobail áitiúla agus réigiúnacha atá an t-ualach. Ní mór dúinn tús a chur le gníomhaíochtaí chun leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe na n-údarás áitiúil agus fonáisiúnta chun muirthimpeallacht an Aontais a chosaint agus, san am céanna, fostaíocht a chur ar fáil agus borradh a chur faoin ngeilleagar. Ní féidir é seo a chur ar an méar fhada a thuilleadh. Ní mór don Aontas a bheith chun tosaigh san aistriú glas faoi mar a fhoráiltear sa Chomhaontú Glas don Eoraip.”
Cuireann CnaR in iúl, mar a thuairiscigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa , nár cuireadh codanna móra de reachtaíocht chomhshaoil an Aontais chun feidhme go leordhóthanach, amhail an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí an Aontais Eorpaigh agus na Treoracha maidir leis an Dúlra . Tar éis an chéad timthrialla cur chun feidhme den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, tá CnaR á chur i bhfios go láidir nach ndéanfar dul chun cinn riamh gan aon luachanna tairsí sainithe agus spriocanna soiléire, uaillmhianacha agus intomhaiste agus tá sé ag áitiú go ndéanfaí na spriocanna sin a shainiú gan a thuilleadh moille.
Tá CnaR á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach rialacha a leagan síos do na Ballstáit chun na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chomhtháthú sa nós imeachta comhairliúcháin agus sa phróiseas lena ndéantar bearta a shainaithint, a dhearadh agus a phleanáil, freagrachtaí a shoiléiriú agus tuilleadh rannpháirtíochta a chothú d’fhonn Treoir Réime um Straitéis Mhuirí an Aontais a chur chun feidhme go rathúil.
Tá CnaR á iarraidh ar an gCoimisiún freisin Tascfhórsa Eorpach 2030 um Bithéagsúlacht Mhuirí a chruthú a bheidh comhdhéanta de bhainisteoirí tionscadail comhshaoil a chuideoidh le húdaráis fhonáisiúnta agus a chuirfidh comhairle orthu maidir le pleanáil tionscadal agus rochtain ar chistí AE d’fhonn stop a chur le truailliú muirí agus chun éiceachórais na n-aigéan a athbhunú.
I gcomhréir le Dlí Aeráide AE a glacadh le déanaí, tá na cathracha agus na réigiúin á éileamh go dtabharfaí isteach Dlí Aigéin AE nua chun treo fadtéarmach a leagan síos chun cosaint agus athbhunú na n-éiceachóras muirí a chinntiú agus tacaíonn siad leis an togra ó Pharlaimint na hEorpa maidir le Ciste Aigéin a bhunú a mbeidh sé de chuspóir aige an t-iompar muirí a dhícharbónú agus 20 % den ioncam lena mbaineann a úsáid chun éiceachórais mhuirí a chosaint, a athbhunú agus a bhainistiú ar dhóigh níos fearr.
Chun deireadh a chur le heotrófú méadaitheach fharraigí an Aontais, tá CnaR á iarraidh ar an gCoimisiún an bealach a réiteach agus oibleagáidí cuóta a mholadh do chothaithigh athchúrsáilte i leasacháin a chuirtear ar an margadh san Aontas, mar chuid den gheilleagar ciorclach. Cuireann CnaR i bhfios go láidir go bhfuil fosfar agus nítrigin ríthábhachtach don táirgeadh bia agus go n-áirítear fosfar i liosta an Aontais d’amhábhair chriticiúla.
Tacaíonn tionól an Aontais d’ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha leis na cuspóirí agus na spriocanna chun an bhithéagsúlacht a chosaint sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 . Mar sin féin, tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach spriocanna soiléire intomhaiste, maille le sprioc-amanna, a áireamh ina phlean gníomhaíochta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint, ar plean é seo atá le foilsiú faoi 2021.
Is cúis mhór bhuartha do CnaR an drochchosaint agus an easpa faireacháin agus rialaithe a chuirtear ar fáil i Limistéir Mhuirí faoi Chosaint reatha an Aontais . De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil , tá cosaint iomlán ag níos lú ná 1 % de na Limistéir Mhuirí faoi Chosaint san Aontas. Tacaíonn CnaR go láidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach líonra de Limistéir Mhuirí faoi Chosaint a chruthú lena gcumhdófaí 30 % d’fharraigí an Aontais agus lena n-áireofar freisin srianta ar iascaireacht agus ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha. Cuireann ceannairí áitiúla agus réigiúnacha in iúl go láidir nach mór do 10 % d’fharraigí an Aontais tairbhiú d'ardleibhéal cosanta, lena n-áirítear limistéir gan ghlacadh.
Molann CnaR Acadamh Aigéin an Aontais a chruthú ina mbeidh scoláirí ollscoile óga ó gach Ballstát chun dea-chleachtais agus faisnéis faoin tábhacht a bhaineann le haigéin shláintiúla a spreagadh agus a scaipeadh.
Chun dul i ngleic le truailliú plaisteach, tá comhaltaí CnaR á éileamh ar na Ballstáit go léir scéimeanna aisíoca éarlaise a bhunú le haghaidh coimeádáin dí phlaisteacha agus tá siad á iarraidh ar an gCoimisiún a chinntiú go bhfuil siad comhoiriúnach dá chéile. Céim ríthábhachtach a bheadh sa mhéid sin i dtreo margadh aonair le haghaidh na pacáistíochta. Tá CnaR á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach freisin toirmeasc ar gach inlíonadh gráinneach nua do pháirceanna spóirt a thabhairt isteach, lena ngabhfadh idirthréimhse sé bliana agus nanaphlaistigh, polaiméirí in-bhithmhillte agus intuaslagtha a áireamh sna bearta rialála atá faoi chaibidil laistigh den Aontas faoi láthair chun micreaphlaistigh a cuireadh isteach d’aon ghnó a laghdú.
Tugann CnaR dá aire gur féidir le táillí calafoirt difreáilte ó thaobh an chomhshaoil de a bheith ina mbealach éifeachtúil do réigiúin cois cósta chun an comhshaol a fheabhsú, agus chun astaíochtaí san aer agus san uisce a laghdú, chomh maith le dramhaíl agus torann, agus iarrann sé go gcuirfí toirmeasc ar uisce ó sciúrthóirí a sceitheadh san Aontas.
Athdhearbhaíonn CnaR gur cheart na prionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a bheith i gcroílár reachtaíocht Aontais maidir leis an muirthimpeallacht agus déanann sé comhghairdeas leis an gCoimisiún as a thairseach gréasáin mhuirí WISE atá ar fáil go poiblí.
Cuireadh an dréacht-tuairim i láthair le linn sheisiún iomlánach CnaR an 5, 6 agus 7 Bealtaine 2021.
Cúlra:
San agallamh a rinneadh le Emma Nohrén (SE/Na Glasaigh), atá ar fáil anseo , thug sí freagra ar chúig cheist faoi ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le cosaint na muirthimpeallachta.
Is é is aidhm don Treoir Réime um Straitéis Mhuirí , a glacadh an 17 Meitheamh 2008, an mhuirthimpeallacht a chosaint ar dhóigh níos éifeachtaí ar fud na hEorpa. Tá sraith critéar mionsonraithe agus caighdeán modheolaíoch forbartha ag an gCoimisiún Eorpach chun cuidiú leis na Ballstáit an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí a chur chun feidhme. Rinneadh athbhreithniú orthu in 2017 as ar tháinig an Cinneadh nua ón gCoimisiún maidir le Dea-stádas Comhshaoil . Tá an bhithéagsúlacht ar cheann de na príomhréimsí beartais den Chomhaontú Glas don Eoraip a glacadh ag deireadh 2019. I mí na Bealtaine 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 chun stop a chur leis an meathlú ar an mbithéagsúlacht agus an dúlra a thabhairt ar ais inár saol.
Tagann an tuairim “ Na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus cosaint na muirthimpeallachta ” faoi shainchúram na Meithle um an g Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil in CnaR. Seoladh an mheitheal i mí an Mheithimh 2020 agus tá 13 ionadaí thofa áitiúla agus réigiúnacha air agus é mar chuspóir acu a chinntiú go mbeidh baint dhíreach ag cathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh le sainiú, cur chun feidhme agus measúnú na dtionscnamh éagsúil a chuirfear i bhfeidhm faoin gComhaontú Glas. Is é an Comhaontú Glas an straitéis fáis inbhuanaithe atá ag an Aontas Eorpach chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Téann idir 4.8 agus 12.7 milliún tona plaisteach isteach san aigéan gach bliain. Is ionann plaisteach agus 75 % den bhruscar muirí i bhfarraigí an domhain. Is gá laghdú a dhéanamh ar bhruscar muirí. Faisnéisiú ó Pharlaimint na hEorpa (2019).
Teagmháil:
David Crous
Teil. +32 (0)470 88 10 37
david.crous@cor.europa.eu