Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Is díol sásaimh do na cathracha agus na réigiúin an dul chun cinn atá déanta maidir le rialacha an bheartais comhtháthaithe 2021-2027 agus dar leo gur chóir buiséad an Aontais a ghlacadh  

Is díol sásaimh do Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an comhaontú sealadach maidir leis na rialacha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus don Chiste Comhtháthaithe, lena gcuirfear ar fáil níos mó ná EUR 240 billiún d’infheistíocht chun éagothromaíochtaí a laghdú agus chun borradh a chur faoin bhfás inbhuanaithe i ngach réigiún san Aontas Eorpach. Cuireadh na príomhiarrataí atá á n-iarraidh ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le fada an lá san áireamh sa chomhaontú, lena n-áirítear gné chríochach níos láidre, béim ar an bhforbairt inbhuanaithe agus cás sonrach na réigiún is forimeallaí.

An 8 Nollaig, tháinig foirne caibidlíochta Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chomhaontú maidir le rialacha nua le haghaidh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Chiste Comhtháthaithe (CC). Is iad na cistí sin i dteannta a chéile na huirlisí infheistíochta is cumhachtaí dá bhfuil i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, lena gcuirfear maoiniú réigiúnach 242.9 billiún euro ar fáil don Aontas as seo go ceann seacht mbliana. Beidh na cistí sin ar fáil ón 1 Eanáir 2021 ar choinníoll go dtiocfar ar chomhaontú deiridh maidir le Creat Ilbhliantúil Airgeadais (CIA) foriomlán an Aontais, atá fós faoi chaibidil. I gcás nach dtiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú deiridh faoi dheireadh na bliana seo, ní bheidh fáil ar na cláir infheistíochta arna dtacú ag CFRE, ag an gCiste Comhtháthaithe agus ag na huirlisí beartais comhtháthaithe eile, rud a chuirfidh moill ar infheistíocht ollmhór dírithe ar na saoránaigh agus ar ghnólachtaí.

Céim chinntitheach do na cathracha agus do na réigiúin is ea an comhaontú maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Is iad na daoine is leochailí sa tsochaí is mó atá buailte ag paindéim COVID-19. A bhuí leis an dá chiste seo, cuirfear tacaíocht AE ar fáil ón 1 Eanáir 2021 do thionscadail dírithe ar thithíocht shóisialta, ar éagothromaíochtaí a chomhrac nó ar bhonneagar inbhuanaithe a fhorbairt chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ba cheart na trí rud seo a leanas a bheith ina dtreoirphrionsabail maidir le haistriú an Aontais: comhionannas, ceartas sóisialta agus inbhuanaitheacht. Is uirlisí riachtanacha iad na cistí sin dár réigiúin chun na trí sprioc sin a bhaint amach ”, arsa Isabelle Boudineau (FR/PSE), Cathaoirleach an Choimisiúin um Beartas Comhtháthaithe Chríochaigh agus um Buiséad AE (COTER) i gCoiste Eorpach na Réigiún agus Leas-Uachtarán Réigiún Nouvelle-Aquitaine.

Is díol sásaimh do CnaR na comhréitigh ar thángthas orthu maidir leis na príomhéilimh atá á moladh ag na cathracha agus ag na réigiúin chun cuidiú an comhtháthú a bhunú mar luach bunúsach. Áirítear ar na comhréitigh sin gné chríochach níos láidre, méadú ar infheistíochtaí san fhorbairt uirbeach inbhuanaithe, aghaidh a thabhairt ar an meath déimeagrafach i limistéir atá tearc i ndaoine agus aird a tharraingt ar na dúshláin ar leith atá roimh na réigiúin is forimeallaí. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé oibleagáidí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, faoin leagan nua de CFRE agus CC méadófar an maoiniú a leithdháilfear ar an bhfás cliste, infheisteofar ar a laghad 30% de na hacmhainní sa gheilleagar glas agus cuirfear Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí chun cinn chomh maith.

Tá lúcháir ar CnaR gur thángthas ar chomhaontú den chéad scoth agus gur chuir na reachtóirí beagnach gach ceann dár moltaí san áireamh. A bhuí leis an gciste poiblí is mó san Eoraip, is féidir le gach réigiún infheistíocht a dhéanamh i scileanna agus i bpoist nua agus san aistriú chuig geilleagar atá saor ó charbóin, rud a chiallaíonn nach amháin gurb é seo an ciste is glaise dá bhfuil san Eoraip ach gur fíorléiriú atá ann freisin ar an dlúthpháirtíocht le gach cineál réigiún ”, a dúirt Michiel Rijsberman (NL/Renew Europe), rapóirtéir CnaR na tuairime maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus Aire Réigiúnach Chúige Flevoland.

Tá obair theicniúil fós le déanamh ar an Rialachán. Tabharfar an obair sin chun críche i mí Eanáir agus beidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa in ann an Rialachán a ghlacadh go foirmiúil ansin.

Cúlra:

Tá sé d’aidhm ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas Eorpach a neartú trí éagothromaíochtaí ó réigiún Eorpach go chéile a chur ina gceart. Tá infheistíochtaí an Chiste dírithe ar cheithre réimse tosaíochta: nuálaíocht agus taighde, an clár oibre digiteach, tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus an geilleagar ísealcharbóin. Is iad na tíortha sin ag a bhfuil olltáirgeacht intíre per capita is lú ná 90% de mheán an Aontais a bheidh i dteideal an Ciste Comhtháthaithe (CC) a fháil. Sainítear cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta a chuirtear ar fáil faoi chuimsiú an dá chiste sa Rialachán maidir le CFRE agus CC (arna chumhdach ag dhá rialachán ar leith roimhe seo).

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)494 735787

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/FUNDING-ZERO-UNEMPLOYMENT-PROJECTS.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CITIES-AND-REGIONS-WELCOME-PROGRESS-ON-COHESION-POLICY-2021-2027.ASPX

Investing more on local projects is key to tackle long-term unemployment
Investing more on local projects is key to tackle long-term unemployment
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-LONG-TERM-BUDGET-MUST-BE-IMPROVED-TO-TACKLE-CURRENT-AND-FUTURE-CHALLENGES-AND-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CITIES-AND-REGIONS-WELCOME-PROGRESS-ON-COHESION-POLICY-2021-2027.ASPX

EU long-term budget must be improved to tackle current and future challenges and promote cohesion
EU long-term budget must be improved to tackle current and future challenges and promote cohesion
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-POLICIES-FIGHT-SOCIAL-TERRITORIAL-DISPARITIES-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CITIES-AND-REGIONS-WELCOME-PROGRESS-ON-COHESION-POLICY-2021-2027.ASPX

All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BETTER-PREPARE-FUTURE-CRISES-EXTREME-EVENTS.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CITIES-AND-REGIONS-WELCOME-PROGRESS-ON-COHESION-POLICY-2021-2027.ASPX

Europe needs to better prepare local communities to deal with future crises and extreme events
Europe needs to better prepare local communities to deal with future crises and extreme events
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/155-PLENARY-ANNOUNCEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CITIES-AND-REGIONS-WELCOME-PROGRESS-ON-COHESION-POLICY-2021-2027.ASPX

On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
On cities' and regions' agenda: Ukraine's reconstruction, crises management, EU budget
23.05.2023