Beidh Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, agus Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, i láthair i gCoiste Eorpach na Réigiún an 12 - 13 Deireadh Fómhair chun plé a dhéanamh ar an bplean atá leagtha amach ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic le paindéim an choróinvíris. Eagróidh tionól na bpolaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha díospóireachtaí freisin i dteannta Uachtarán agus Leas-Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, Werner Hoyer agus Lilyana Pavlova . Tionólfar díospóireachtaí freisin i dteannta ceathrar coimisinéirí – Frans Timmermans, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin agus an Coimisinéir um an gComhaontú Glas don Eoraip; Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin; Paolo Gentiloni, an Coimisinéir um an nGeilleagar; agus Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta .
Le linn an tseisiúin iomlánaigh, tabharfar deis do chomhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) an chaoi ar chuidigh an tAontas Eorpach leis na hiarrachtaí téarnaimh atá á ndéanamh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a mheas agus plé a dhéanamh ar phacáiste téarnaimh agus buiséad fadtéarmach an Aontais.
Mar chuid den díospóireacht, cuirfear eolas ar fáil as suirbhé leathan a rinne CnaR ar an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar shláinte, geilleagair agus pobail réigiúin agus chathracha an Aontais. Sa suirbhé – an chéad Bharaiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil – baintear leas as aiseolas a bailíodh trí shásraí atá faoi chúram CnaR, as suirbhé ar chistí fonáisiúnta arna dhéanamh i gcomhpháirt le ECFE agus as staidéir a rinne gníomhaireachtaí AE. Tugtar eolas freisin faoin gcéad phobalbhreith a rinneadh ó thosach na paindéime maidir leis an muinín atá ag an bpobal as na rialtais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar fud an Aontais, agus as an Aontas Eorpach freisin. Ina theannta sin, fiafraíodh den 26 000 duine a ndearna Kantar suirbhé orthu ar mhothaigh siad go raibh a ndóthain tionchair ag cathracha agus ag réigiúin ar na cinntí a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus – mura raibh – cé na réimsí saoil ar mhaith leo go mbeadh tionchar níos mó ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha orthu.
Seo mar a labhair Apostolos Tzitzikostas (EL/PPE), Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir na Macadóine Láir: “Taispeánann an chéad Bharaiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil roinnt de na réimsí inar cheart don Aontas Eorpach tacaíocht a dhíriú ar réigiúin, cathracha agus sráidbhailte. Cuirtear béim ann ar an gcaoi a bhfuil an phaindéim ag cur le deighiltí socheacnamaíocha réigiúnacha agus ag cur brú ollmhór ar chistí na rialtas áitiúil agus réigiúnach. Tugtar le fios sa phobalbhreith a coimisiúnaíodh go speisialta go bhfuil na saoránaigh den tuairim gurb é an bealach is fearr chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire do mhuintir na hEorpa agus cur leis an muinín as polaiteoirí na hEorpa ná gach leibhéal rialtais – áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach – a chur ag obair níos fearr le chéile.”
Tá an Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil (#EURegionalBarometer) á sheoladh i gcomhthráth le Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha (#EURegionsWeek) a eagraíonn CnaR agus an Coimisiún Eorpach le chéile gach bliain. Is í an Coimisinéir Elisa Ferreira agus an tUachtarán Tzitzikostas a chuirfidh tús oifigiúil leis an 18ú heagrán de Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha an 12 Deireadh Fómhair. Glacfaidh an Coimisinéir Ferreira páirt freisin sa seisiún “Comhphlé leis na Saoránaigh” a bheidh ann an 13 Deireadh Fómhair.
I mbliana, mairfidh Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha ar feadh trí seachtaine agus is ar líne , den chuid is mó, a thionólfar í. Tá #EURegionsWeek fós ar an ócáid is mó a eagraíonn an tAontas Eorpach gach bliain – bíonn baint ag 800 comhpháirtí leis an ócáid agus is iondúil go gcláraíonn os cionn 9000 rannpháirtí. Ag searmanas bronnta dhuaiseanna RegioStars an 14 Deireadh Fómhair, tabharfar aitheantas do thionscadail a mhaoiníonn an tAontas Eorpach agus a léiríonn barr feabhais ar leith agus cineálacha nua cur chuige i leith na forbartha réigiúnaí. Roghnófar cúigear buaiteoirí as gearrliosta de 25 thionscadal.
Le linn na dtrí lá (12-14 Deireadh Fómhair) de sheisiún iomlánach CnaR, déanfaidh comhaltaí CnaR moltaí a phlé agus a ghlacadh maidir le 26 mhír ar leith de reachtaíocht an Aontais, agus tá gach ceann de na míreanna sin in ann cur le téarnamh an Aontais Eorpaigh.
NA PRÍOMHDHÍOSPÓIREACHTAÍ
- 12 Deireadh Fómhair, 11 a.m. : Díospóireacht faoin mBaraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil, i dteannta Ursula von der Leyen , Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus an Leas-Uachtaráin, Maroš Šefčovič .
- 12 Deireadh Fómhair, 2.30 p.m .: Díospóireacht faoin gcomhtháthú agus oscailt oifigiúil an 18ú heagrán de Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, i dteannta Elisa Ferreira , an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin.
- 13 Deireadh Fómhair, 9 a.m .: Díospóireacht faoin gComhaontú Glas, i dteannta Frans Timmermans , Leas - Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh, an Coimisinéir um an gComhaontú Glas don Eoraip.
- 13 Deireadh Fómhair, 2.30 p.m .: Díospóireacht faoi Uachtaránacht na Gearmáine, i dteannta Angela Merkel , Seansailéir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine.
- 14 Deireadh Fómhair, 10 a.m .: Díospóireacht faoi chistí agus faoin téarnamh, i dteannta Werner Hoyer , Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, agus Lilyana Pavlova , Leas-Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
- 14 Deireadh Fómhair, 11.30 a.m. : Saincheisteanna Eorpacha a bhaineann leis na hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha.
- 14 Deireadh Fómhair, 2.30 p.m.: Díospóireacht faoin athléimneacht agus téarnamh, i dteannta Paolo Gentiloni , an Coimisinéir um an nGeilleagar.
- 14 Deireadh Fómhair, 3.30 p.m.: Díospóireacht faoi ghnóthaí sóisialta, i dteannta Nicolas Schmit , an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta.
NA TUAIRIMÍ ATÁ LE GLACADH
- An Pacáiste REACT-EU . Rapóirtéir: Mieczyslaw Struk (PL/PPE), Uachtarán Réigiún na Pomaráine.
- Plean Eorpach don Téarnamh: an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil . Rapóirtéir: Christophe Rouillon (FR/PSE), Méara Coulaines.
- An Cúram Sláinte Trasteorann. Rapóirtéir: Karsten Uno Petersen (DK/PSE), Comhairle Réigiúin na Danmhairge Theas.
- Sásra AE um Éigeandáil Sláinte. Rapóirtéir: Birgitta Sacrédeus (SE/PPE), Comhairle Réigiúin Dalarna.
- Clár EU4Health. Rapóirtéir: Nathalie Sarrabezolles (FR/PSE), Uachtarán Chomhairle Roinne Finistère.
- Ról bheartas comhtháthaithe an Aontais Eorpaigh i ndáil le hathrú eacnamaíoch atá cliste agus nuálach sna réigiúin i bhfianaise ghéarchéim an choróinvíris. Rapóirtéir: Michiel Rijsberman (NL/Renew Europe), Comhairle Cúige Flevoland.
- Sásra Neartaithe AE um Chosaint Shibhialta. Rapóirtéir: Alberto Cirio (IT/PPE), Uachtarán Réigiún Phíodmant .
- Eoraip Láidir Shóisialta d’Aistrithe Córa . Rapóirtéir: Anne Karjalainen (FI/PSE), Comhairle Cathrach Kerava.
- Caighdeáin mhaireachtála chomhionanna mar dhúshlán comhpháirteach do gach leibhéal rialtais san Eoraip . Rapóirtéir: Bernd Lange (DE/PPE), Comhairle Dúiche Görlitz.
- Idirphlé Buan idir na hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus na Saoránaigh . Rapóirtéir: Declan McDonnell (IE/EA), Comhairle Cathrach na Gaillimhe.
- Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip. Rapóirtéir: Jeannette Baljeu (NL/ Renew Europe), Comhairle Cúige na hOllainnne Theas.
- An Straitéis FBM. Rapóirtéir: Eddy van Hijum (NL/PPE), Comhairle Cúige Overijssel.
- An Tuarascáil maidir le Bacainní ar an Margadh Aonair agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair. Rapóirtéir: Tadeusz Truskolaski (PL/EA), Méara Białystok.
- An Scórchlár Nuálaíochta Réigiúnaí agus a thionchar ar bheartais áitbhunaithe réigiúnacha. Rapóirtéir: Mikel Irujo Amezaga (ES/EA), an tArdstiúrthóir um Ghníomhaíochtaí Seachtracha i Rialtas Navarra.
- Aontas an Chomhionannais: an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025. Rapóirtéir: Concepción Andreu Rodríguez (ES/PSE), Uachtarán Rialtas Réigiúnach La Rioja.
- Dúshláin an Daonlathais Áitiúil sna Balcáin Thiar. Rapóirtéir: Nikola Dobroslavić (HR/PPE), Maor Chontae Dubrovnik-Neretva.
- An Comhshocrú Aeráide Eorpach . Rapóirtéir: Rafał Trzaskowski (PL/PPE), Méara Vársá.
- Athnuachan Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe . Rapóirtéir: Juan Espadas Cejas (ES/PSE), Méara Sevilla.
- Cathracha agus réigiúin a bheidh bithéagsúil tar éis 2020 in CBD COP 15 na Náisiún Aontaithe agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais 2030 . Rapóirtéir: Roby Biwer (LU/PSE), Comhairle Bardais Bettembourg.
- Úsáid Inbhuanaithe a bhaint as Acmhainní Nádúrtha i gComhthéacs Oileánach na Meánmhara. Rapóirtéir: Francina Armengol i Socias (ES/PSE), Uachtarán na nOileán Bailéarach.
- Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach . Rapóirtéir: Tjisse Stelpstra (NL/ECR), Comhairle Cúige Drenthe.
- Straitéis do Thodhchaí Dhigiteach na hEorpa agus Straitéis maidir le Sonraí . Rapóirtéir: Mark Weinmeister (DE/PPE), Státrúnaí Gnóthaí Eorpacha Stát Hesse.
- An Intleacht Shaorga – Cur Chuige Eorpach i leith an Bhairr Feabhais agus na hIontaoibhe . Rapóirtéir: Guido Rink (NL/PSE), Bardas Emmen.
- Bliain Eorpach an Iarnróid . Rapóirtéir: Jaroslaw Piotr Stawiarski (PL/ECR), Uachtarán Réigiún Lublin.
- Athruithe déimeagrafacha: tograí maidir le héifeachtaí diúltacha na n-athruithe sin ar réigiúin an Aontais Eorpaigh a thomhas agus dul i ngleic leo . Rapóirtéir: János Ádám Karácsony (HU/PPE), Comhairle Áitiúil Tahitótfalu.
Eolas praiticiúil:
Teagmháil :
PresseCdr@cor.europa.eu