Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Achainí ón Uachtarán Tzitzikostas agus ón gCoimisinéir Ferreira: le go mbeidh téarnamh cothrom ann, tá comhar níos fearr ag teastáil idir Ballstáit, réigiúin, cathracha agus sráidbhailte na hEorpa  

An 4 Feabhra, rinne na ceannairí réigiúnacha agus áitiúla agus an Coimisinéir Eorpach um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, Elisa Ferreira, plé ar an gcaoi le seoladh clár nua faoin mbeartas comhtháthaithe a bhrostú, agus leis na cláir sin a chur chun feidhme go pras agus a chomhtháthú sna pleananna téarnaimh náisiúnta.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, tá méid infheistíochta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo deimhnithe ag an Aontas Eorpach d’fhonn téarnamh cothrom, glas agus digiteach a bhaint amach. Is sraith uirlisí uathúla iad REACT-EU, an Ciste um Aistriú Cóir, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trínar féidir téarnamh cuimsitheach agus aistriú cothrom, glas agus digiteach a bhaint amach.

Is dúshlán é do na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla gach ciste Eorpach atá ar fáil a ghlacadh agus a chur chun feidhme. Mar a tugadh chun suntais sa díospóireacht iomlánach, tá an baol ann go bhfágfaidh an lárú agus na réitigh ón mbarr anuas go mbainfear an bonn de thionchar na hinfheistíochta i roinnt Ballstát. Ar an gcúis sin, d’iarr comhaltaí an Choiste agus an Coimisinéir Ferreira go mbeadh na rialtais réigiúnacha agus áitiúla lánpháirteach i gceapadh pleananna téarnaimh cuimsitheacha, i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta, le gur féidir an leas is fearr is féidir a bhaint as na sineirgí idir na hionstraimí uile atá ar fáil. “ Beidh orainn dúshláin nach bhfacthas riamh cheana a shárú ó thaobh cur chun feidhme na gclár de agus ní éireoidh linn mura n-oibreoimid le chéile. Is é an toradh a bhíonn ar an éigeandáil go minic go gcuirtear brú rialú láraithe a dhéanamh ar an mbeartas comhtháthaithe agus nach ndéantar cláir a chomhordú go maith de réir na bpleananna téarnaimh náisiúnta. Sin an fáth a n - oibreoimid i gcomhar leis an gCoimisinéir Ferreira chun seoladh na gclár nua a bhrostú, tacú lena gcur chun feidhme agus fiúntas agus tairbhe an bheartais comhtháthaithe do shaol an ghnáthdhuine a chur in iúl ”, a dúirt Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún.

“Sna blianta beaga amach romhainn, tiocfaidh méadú faoi dhó nó faoi thrí, fiú, ar an maoiniú Eorpach a thabharfar do roinnt mhaith réigiún. Tá níos mó ionstraimí, níos mó deiseanna agus níos mó infheistíochta ann anois ná mar a bhí aon uair eile go dtí seo. Tá sé ríthábhachtach na hacmhainní sin a chur ar fáil le go bhféadfar leas a bhaint astu i straitéisí náisiúnta cuimsitheacha réamhbhreathnaitheacha ar a bhfuil ár dtosaíochtaí coiteanna Eorpacha ag brath. Tá ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta, in ullmhú na straitéisí agus na bpleananna sin ríthábhachtach chun comhlántacht, comhsheasmhacht agus tionchar críochach a áirithiú ”, a dúirt Elisa Ferreira , an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin.

“Tá deis ar leith ann don Aontas Eorpach cuidiú a thabhairt chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Is tosaíocht sa chlárthréimhse nua é próiseas an chomhtháthaithe a ghlasú" , arsa Vasco Cordeiro , an Chéad Leas-Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún agus Comhalta de Thionól Réigiúnach na nAsór. Bhí an méid seo a leanas le rá aige lena chois sin: “Ní leor maoiniú cuí. Tá gá freisin le simpliú agus le tuilleadh deiseanna chun infheistíocht a dhéanamh.”

“Tá réigiúin uile na hEorpa ag ullmhú, mar ábhar práinne, na gclár atá le cur chun feidhme ina réigiúin féin tar éis ghlacadh na rialachán maidir leis an mbeartas comhtháthaithe i mí na Samhna. Táimid déanach cheana féin, ach tá na hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha tiomanta a lándícheall a dhéanamh chun go n - éireoidh leis an gclárthréimhse seo. D’fhonn é sin a bhaint amach, ní mór do na Ballstáit a chinntiú go gcuirfear lenár n - iarrachtaí tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Nílimid chun comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht a chinntiú trí neamhaird a thabhairt ar na réigiúin ”, arsa Isabelle Boudineau , Cathaoirleach an Choimisiúin um Beartas Comhtháthaithe Chríochaigh agus um Buiséad AE (COTER) i gCoiste Eorpach na Réigiún.

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)494 735787

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :
 
Eolas gaolmhar
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-POLICIES-FIGHT-SOCIAL-TERRITORIAL-DISPARITIES-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CALL-FOR-REINFORCED-COOPERATION-.ASPX

All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BETTER-PREPARE-FUTURE-CRISES-EXTREME-EVENTS.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CALL-FOR-REINFORCED-COOPERATION-.ASPX

Europe needs to better prepare local communities to deal with future crises and extreme events
Europe needs to better prepare local communities to deal with future crises and extreme events
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/HIGH-LEVEL-GROUP-ON-THE-FUTURE-OF-COHESION-POLICY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CALL-FOR-REINFORCED-COOPERATION-.ASPX

President Cordeiro brings the voice of EU regions and cities in the High-Level Group on the Future of Cohesion Policy
President Cordeiro brings the voice of EU regions and cities in the High-Level Group on the Future of Cohesion Policy
23.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INTERVIEW-PRESIDENT-CORDEIRO-COHESION-ALLIANCE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CALL-FOR-REINFORCED-COOPERATION-.ASPX

Interview with the CoR President Vasco Alves Cordeiro
Interview with the CoR President Vasco Alves Cordeiro
03.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BUDGET-MUST-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CALL-FOR-REINFORCED-COOPERATION-.ASPX

European Union’s policies and budget must promote cohesion, not harm it
European Union’s policies and budget must promote cohesion, not harm it
24.04.2023