Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Nasc idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na saoránaigh: is gá go mbeadh tionchar ag na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh ar phróiseas reachtach an Aontais Eorpaigh  

Tá rún ag ceannairí áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa na tionscnaimh sin a bhfuil tionchar acu ar na réigiúin a chur chun cinn

Le linn an 142ú seisiún iomlánach de Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), thug ceannairí áitiúla agus réigiúnacha cuireadh den chéad uair do lucht eagraithe dhá Thionscnamh ó na Saoránaigh cur i láthair a dhéanamh. Bhí Leas-Uachtarán na Parlaiminte atá freagrach as an Daonlathas Eorpach agus as na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh, Pedro Silva Pereira, agus Uachtarán nuathofa Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Christa Schweng, i láthair freisin. Tríd an mbeart seo, chuir CnaR tús leis an díospóireacht ar an daonlathas mar ullmhúchán don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus léirigh sé tiomantas an Choiste tacú leis na tionscnaimh sin a thagann faoina shainchúram polaitiúil agus a bhfuil baint pholaitiúil acu le hobair na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. Éascaíonn na tionscnaimh ó na saoránaigh an tosaíocht pholaitiúil atá ag CnaR an Eoraip a thabhairt níos gaire don saoránach agus neartaíonn siad an tosaíocht sin dar ndóigh. Toisc CnaR a bheith ina ionadaí don leibhéal rialtais is gaire do na saoránaigh, tá ról tábhachtach aige maidir leis na tionscnaimh sin a chur chun cinn. Nuair nach ndéanann an Coimisiún Eorpach beart reachtach cuí bunaithe ar na tionscnaimh sin, ní hamháin go gcuireann sé frustrachas ar na milliúin daoine san Aontas, ach tá an baol ann freisin go mbeidh an pobal míshásta leis na hinstitiúidí Eorpacha.

Bunaíodh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh in 2011. Is uirlis é a chuireann leis an daonlathas rannpháirtíochta san Aontas Eorpach agus a thugann an deis do shaoránaigh a chur ina luí ar an gCoimisiún Eorpach togra le haghaidh gníomh dlí a ullmhú chun Conarthaí an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme. Tugtar le fios i d tuarascáil 2020 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) maidir leis an suim i ndaonlathas an mhachnaimh ar fud an Aontais Eorpaigh gur minic a baineadh leas as próisis mhachnamhacha ionadaíocha ag leibhéil áitiúla (52 %) agus leibhéil réigiúnacha (30 %) le 40 bliain anuas. Dá bhrí sin, is nádúrtha an rud é ról a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na tionscnaimh sin a bhfuil tionchar acu ar na réigiúin agus na pobail áitiúla a chur chun cinn. Tá trí bhealach ann chun é sin a dhéanamh: ar an gcéad dul síos, is féidir le comhaltaí CnaR cinneadh a dhéanamh le chéile tacú leis an gcuspóir atá le tionscnamh áirithe trí thuairimí féintionscnaimh nó rúin a dhréachtú; ar an dara dul síos, is féidir le comhalta de chuid CnaR an cheist a ardú sa seisiún iomlánach i ndíospóireacht maidir le Saincheisteanna Eorpacha a bhaineann leis na hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha; ar an tríú dul síos, d’fhéadfaí na tionscnaimh ó na saoránaigh a chomhtháthú sa líonra CitizEN - Rannpháirtíocht na Saoránach san Aontas, uirlis a mhol CnaR mar áis chun ullmhú don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Seo mar a labhair Céad-Leas-Uachtarán CnaR, Vasco Cordeiro : “D’fhéadfadh na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a bheith ina n-uirlis den scoth chun feabhas a chur ar an daonlathas san Aontas Eorpach. Ní mór dúinn seasamh i gcónaí leis an daonlathas, leis an reachtaíocht níos fearr agus le prionsabal na coimhdeachta gníomhaí. Mura dtugtar tacaíocht cheart dóibh, tá an baol ann go dteipfidh ar na Tionscnaimh ó na Saoránaigh, rud a chruthóidh tuilleadh frustrachais i measc na saoránach agus a bhainfidh an bonn den mhuinín atá acu as an Aontas. Ní hamháin gur cheart go mbeadh sé seo ina dhíospóireacht acadúil an-suimiúil, ach go mbeadh sé ina dhíospóireacht pholaitiúil ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, chun teacht ar bhealaí nua chun bonn daonlathach an Aontais a neartú”.

Is é a dúirt Pedro Silva Pereira , Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa atá freagrach as an daonlathas Eorpach agus as na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh: “Is uirlis thábhachtach an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun rannpháirtíocht mhuintir na hEorpa sa phróiseas reachtach a chur chun cinn. Tugadh an próiseas sin isteach le Conradh Liospóin agus rinneadh roinnt athruithe air ó shin chun go mbeadh rochtain níos éasca air, rud a d’áiritheodh níos mó trédhearcachta i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais. Tráth a bhfuil sé mar aidhm againn tús a chur le dianphlé ar Thodhchaí na hEorpa, is féidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a bheith ina shampla den bhealach chun cur leis an gcaidreamh idir na saoránaigh agus na hinstitiúidí Eorpacha, go háirithe Parlaimint na hEorpa, agus conas sásraí an daonlathais rannpháirtíochta a neartú. Níl am níos fearr ná anois ann do Choiste na Réigiún an beart seo a dhéanamh, agus é a chinntiú go mbeidh dlúthbhaint ag páirtithe leasmhara réigiúnacha leis an bpróiseas leanúnach maidir le feabhas a chur ar an daonlathas Eorpach.”

Seo a bhí le rá ag Christa Schweng , Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: “Is gá ról lárnach a bheith ag daoine i mbeartais an Aontais, bíodh sin trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil ionadaíocht acu inár gCoiste, nó trí uirlisí ar nós an Tionscnaimh ó na Saoránaigh. Leanfaidh CESE, ar leibhéal an Aontais, agus comhaltaí CESE, ina dtíortha faoi seach, den Tionscnamh ó na Saoránaigh a chur chun cinn, trí chur le feasacht an phobail air ionas gur mó an t-eolas a bheidh ag na saoránaigh ar na tionscnaimh sin agus gur mó an úsáid a bhainfear astu, dá thoradh sin. Is mian linn go mbeadh na saoránaigh linn agus go spreagfaí iad le go mbeadh páirt fhiúntach acu sa phróiseas – toisc gur cheart don Aontas a bheith chomh gar agus is féidir dá phobal agus an mhuinín atá acu as a thuilleamh. Tá ról tábhachtach ag ár gcoistí mar idirghabhálaithe ar leibhéal na hEorpa, ach freisin ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.”

Ba é iarUachtarán CnaR agus comhalta reatha den Choiste, Karl-Heinz Lambertz , a chuir an tionscnamh Minority SafePack – Milliún síniú ar son na héagsúlachta san Eoraip i láthair mar dhuine d’eagraithe an tionscnamh sin. Iarrtar leis ar an Aontas Eorpach feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar do dhaoine ar de mhionlaigh náisiúnta agus teanga iad agus an ilchineálacht chultúrtha agus teangeolaíochta a neartú san Aontas. Tá an tionscnamh sin ar cheann de na seacht dtionscnamh ó na saoránaigh a bhfuil a ndóthain sínithe faighte acu agus a bhfuil gach céim den nós imeachta curtha i gcrích acu agus a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

Tá an tionscnamh Vótálaithe gan teorainneacha, lánchearta polaitiúla le haghaidh shaoránaigh an Aontais Eorpaigh ar cheann de na 14 thionscnamh ó na saoránaigh atá ar siúl faoi láthair (i.e. tionscnaimh a bhfuil sínithe á mbailiú dóibh go fóill). Ba é Beniamino Brunati a chuir an tionscnamh i láthair agus iarrtar leis an tionscnamh go ndéanfaí athchóirithe chun na cearta atá ag saoránaigh an Aontais faoi láthair chun vótáil agus seasamh sna toghcháin Eorpacha agus bhardasacha ina dtír chónaithe a neartú agus iarrtar reachtaíocht nua chun na cearta sin a chur i bhfeidhm freisin i dtoghcháin réigiúnacha, náisiúnta agus reifrinn.

Is uirlis é líonra CitizEN - Rannpháirtíocht na Saoránach san Aontas – atá molta ag CnaR sa tuairim uaidh “Idirphlé Buan idir na hÚdaráis Áitiúla agus Réigiúnacha agus na Saoránaigh” – leis an rapóirtéir Declan McDonnell (IE/EA) – a bhfuil sé mar aidhm léi saoránaigh a rannpháirtiú sa phróiseas ceaptha beartas. D’fhéadfaí an líonra CitizEN a sheoladh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’fhonn a bheith ina shásra buan don todhchaí. Bheadh trí chuspóir ag an líonra:

– an caidreamh idir na hinstitiúidí Eorpacha agus na saoránaigh a neartú, trí mhodhanna díreacha rannpháirtíochta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

– samplaí a thabhairt de mhodhanna rannpháirtíochta is féidir a úsáid go foirmiúil agus go neamhfhoirmiúil araon;

– gníomhú mar stór eolais agus an dea-chleachtas ó thionscnaimh rannpháirtíochta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a roinnt ar fud na hEorpa.

Ba cheart d’eagraithe na dtionscnamh ó na saoránaigh an deis a thapú le linn na ndíospóireachtaí a eagrófar le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. D’fhéadfadh líonra CitizEN a bheith ina bhonneagar cobhsaí agus buan amach anseo a bheadh in ann tabhairt faoin obair a eascróidh as an gComhdháil agus a chinnteodh go gcoinneofaí na saoránaigh ar an eolas agus go bhféadfaidís a bheith rannpháirteach i gcéimeanna an fhaireacháin, na meastóireachta agus an mheasúnaithe.

Cúlra:

Ón 1 Eanáir 2020 i leith, tiocfaidh rialacha nua i bhfeidhm le go mbeidh teacht níos éasca ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, go laghdófar an t-ualach riaracháin agus go mbeidh an próiseas níos éasca ag na heagraithe agus na sínitheoirí. Is é an phríomhnuálaíocht theicniúil a bhaineann leis ná córas lárnach bailithe ar líne atá faoi chúram an Choimisiúin Eorpaigh. Is seirbhís saor in aisce atá ann agus is féidir le saoránaigh síniú isteach le ríomhaitheantas. Tá an rogha ag na heagraithe go fóill (go dtí deireadh 2022) a gcóras bailithe féin ar líne a bhunú freisin. Ó 2012 i leith, cláraíodh 75 thionscnamh.

Tá trí thuairim glactha ag CnaR go dtí seo maidir leis an ábhar sin:

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (CoR 167/2010), leis an rapóirtéir Sonia Masini agus a glacadh in 2010;

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (CIVEX-VI/005), leis an rapóirtéir Luc Van den Brande agus a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2015;

An Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (CIVEX-VI/028), leis an rapóirtéir Luc Van den Brande agus a glacadh i mí an Mhárta 2018.

Sa tuairim “Machnamh a dhéanamh ar an Eoraip: guth na n-údarás áitiúil agus réigiúnach le muinín a chothú an athuair san Aontas Eorpach” , a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2018, cuireadh an Tionscnamh ó na Saoránaigh i láthair ar bhonn níos leithne mar chuid den daonlathas agus de rannpháirtíocht na saoránach. Dúradh gur cheart uirlisí rannpháirtíochta, ar nós an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh, a neartú; mar uirlis a chomhlánaíonn struchtúir reatha an daonlathais rannpháirtíochta ar an leibhéal Eorpach agus gnéithe breise nuálacha na cinnteoireachta rannpháirtíochta agus an idirphlé bhuain, rud a chabhraíonn chun na saoránaigh a shlógadh ar son cúis atá i gcoiteann acu, an ghné Eorpach i saincheisteanna polaitiúla tábhachtacha a léiriú agus díospóireachtaí uile-Eorpacha agus an dearcadh poiblí comhfhreagrach ina leith a chothú.

Ar an gcuma chéanna, sa Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis na Tograí le haghaidh Shainordú Reachtach Nua an Aontais Eorpaigh , a glacadh i mí an Mheithimh 2019, cuireadh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh san áireamh mar cheann d’uirlisí reatha an daonlathais rannpháirtíochta lena neartaítear dlisteanacht agus bonn daonlathach an Aontais, agus ar cheart iad a chomhlánú le huirlisí nua – amhail buanchóras idirphlé leis na saoránaigh.

Teagmháil:

Marie-Pierre Jouglain

mariepierre.jouglain@cor.europa.eu

Teil.: +32 (0)473 52 41 15