Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Agus aghaidh á tabhairt ar dhúshláin na hEorpa, tá na réigiúin agus na cathracha mar a bheadh léaró dlúthpháirtíochta, dul chun cinn agus dóchais ann  

Tá sé curtha i bhfios go láidir ag Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Vasco Alves Cordeiro, nach féidir aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta, bochtaineacht fuinnimh ná an ghéarchéim aeráide ach amháin trí ghníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla a shlógadh

Agus an iliomad dúshlán os comhair na hEorpa — idir iarmhairtí an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus an ghéarchéim aeráide agus fuinnimh — tá sé tugtha chun suntais ag Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Vasco Alves Cordeiro an obair bhunúsach a rinneadh ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil chun comhtháthú na hEorpa a chaomhnú tríd an dlúthpháirtíocht agus an daonlathas.

Bhí a aitheasc bliantúil ar Staid na Réigiún agus na gCathracha san Aontas Eorpach á thabhairt ag an Uachtarán Cordeiro, agus é sin i gcomhthráth le foilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2022 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha ag Coiste Eorpach na Réigiún. Sa Tuarascáil tá an Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil, pobalbhreith uile-Eorpach d’ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha i 27 mBallstát an Aontais faoin dearcadh atá acu i leith thodhchaí na hEorpa agus ar an gcaoi a dtugann siad aghaidh ar ghéarchéimeanna an lae inniu. 

Cuireadh brú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar an Aontas Eorpach de dheasca an chogaidh i gcoinne na hÚcráine, iarmhairtí fadtéarmacha phaindéim COVID-19 agus bhagairt eiseach na géarchéime aeráide. Cuirtear i dtreis i dTuarascáil Bhliantúil 2022 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha gurb iad na réigiúin agus na cathracha na chéad fhreagróirí i gcónaí ar na dúshláin dhomhanda sin.

Seo mar a labhair Uachtarán Cordeiro: ‘Ní féidir staid na réigiún agus na gcathracha a mheas gan cáilíocht saoil daoine ar fud na hEorpa a mheas ina n-éagsúlacht uile agus is ionann an scéal le staid an Aontais Eorpaigh; ní féidir staid an Aontais a mheas go huile is go hiomlán gan staid na réigiún agus na gcathracha a chur san áireamh. Is léir agus is ríléir ó thuarascálacha as gach cearn den Eoraip go bhfuil na réigiúin agus na cathracha mar a bheadh léaró dlúthpháirtíochta, dul chun cinn agus dóchais ann, agus gur sna réigiúin agus sna cathracha is mó a chuirtear luachanna agus prionsabail na hEorpa chun cinn.’

Cuirtear sraith moltaí beartais ar fáil sa Tuarascáil freisin do reachtóirí an Aontais i réimsí tábhachtacha, amhail atógáil na hÚcráine, bearta chun tacú le teaghlaigh, gnólachtaí agus riarachán poiblí le linn na géarchéime fuinnimh nó chun an díospóireacht ar thodhchaí an bheartais chomhtháthaithe a ullmhú.

I ndáil le hatógáil na hÚcráine, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Uachtarán Cordeiro: ‘Ní mór líne bhuiséid shonrach a bheith ar fáil don chomhar réigiúnach agus áitiúil sna hiarrachtaí atógála. Togra nithiúil é sin a chuirim chun tosaigh i bhfianaise Chomhdháil Atógála Bheirlín’.

A mhéid a bhaineann leis an ngéarchéim fuinnimh, chuir sé i bhfios go láidir nach mór ‘tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina gcuid iarrachtaí coigilte fuinnimh’ agus dúirt sé go ndéanfaidh Coiste Eorpach na Réigiún a chion féin de sin.

Maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe, d’fhógair an tUachtarán Cordeiro go n-oibreoidh Coiste Eorpach na Réigiún ‘chun a áirithiú go ndéanfar an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a thug an Coimisinéir Elisa Ferreira isteach níos luaithe i mbliana a chomhtháthú i mbeartais uile an Aontais’.

Cuireadh Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha san áireamh i rún polaitiúil a vótálfaidh comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún air an 12 Deireadh Fómhair, agus a chuirfear faoi bhráid Uachtaráin institiúidí an Aontais ina dhiaidh sin.

CÚLRA

Naisc:

Óráid ó Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Vasco Alves Cordeiro

Físeán den díospóireacht

Grianghraif den díospóireacht

Torthaí Thuarascáil Bhliantúil 2022 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha:

Tuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha: Bileog eolais 2022 – na príomhthorthaí

Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha – an tuarascáil iomlán

An Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil — pobalbhreith (lena n-áirítear torthaí tírshonracha)

An Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil:

Rinne Coiste Eorpach na Réigiún an Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil, suirbhé ar pholaiteoirí áitiúla agus réigiúnacha sna 27 mBallstát a chomhlánaíonn Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Aontais maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha a choimisiúnú, agus IPSOS a rinne é. Sa suirbhé sin, iarradh ar na polaiteoirí a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an tacaíocht a thugtar don Úcráin, an tionchar atá ag rialtais fhonáisiúnta ar phleananna téarnaimh náisiúnta, tionchar an chogaidh ar chuspóirí bheartais an Aontais agus ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le todhchaí an Aontais a mhúnlú.

Teagmháil:

Monica Tiberi -Urlabhraí an Uachtaráin

Teil. +32 (0)479 51 74 43

monica.tiberi@cor.europa.eu

Marie-Pierre Jouglain – Preasoifigeach

Teil. +32 473 52 41 15

mariepierre.jouglain@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-AND-REGIONAL-AUTHORITIES-WILL-BE-KEY-TO-UKRAINE'S-RECONSTRUCTION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BEACONS-SOLIDARITY-PROGRESS-HOPE.ASPX

Local and regional authorities will be key to Ukraine's reconstruction
Local and regional authorities will be key to Ukraine's reconstruction
26.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/A-MORE-RESILIENT-INCLUSIVE-AND-DEMOCRATIC-EUROPE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BEACONS-SOLIDARITY-PROGRESS-HOPE.ASPX

A more resilient, more inclusive and more democratic Europe at the centre of a debate with Oliver Röpke, President of the European Economic and Social Committee
A more resilient, more inclusive and more democratic Europe at the centre of a debate with Oliver Röpke, President of the European Economic and Social Committee
26.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZELENSKYY-PLENARY-MAY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BEACONS-SOLIDARITY-PROGRESS-HOPE.ASPX

President Zelenskyy to EU's cities and regions: "Thank you for your support!"
President Zelenskyy to EU's cities and regions: "Thank you for your support!"
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COR-UNICEF-JOIN-FORCES-SUPPORT-INCLUSION-CHILDREN-UKRAINE-.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BEACONS-SOLIDARITY-PROGRESS-HOPE.ASPX

European Committee of the Regions and UNICEF join forces to support the inclusion of children from Ukraine
European Committee of the Regions and UNICEF join forces to support the inclusion of children from Ukraine
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/FOSTERING-DIVERSITY-AND-INCLUSION-ON-THE-GROUND.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BEACONS-SOLIDARITY-PROGRESS-HOPE.ASPX

Local and regional leaders welcome Commissioner Dalli's support for their work in fostering diversity and inclusion on the ground
Local and regional leaders welcome Commissioner Dalli's support for their work in fostering diversity and inclusion on the ground
24.05.2023