Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Duais bainte ag an Macadóin Láir, Ile-de-France agus Réigiún Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann as na straitéisí fiontraíochta is fearr a bheith acu  

Ní dhámhann Coiste Eorpach na Réigiún (CoR) an gradam an Réigiúin Fiontraíochta Eorpaigh (RFE) ach ar na réigiúin ag a bhfuil an fhís fiontraíochta is iontaofa agus is mó a bhfuil gealladh fúithi. I mbliana, d’éirigh leis an Macadóin Láir, Ile-de-France agus Réigiún Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann, lena straitéisí agus tiomantas den scoth chun borradh a chur faoin bhfiontraíocht laistigh dá gcríocha, a chur ina luí ar ghiúiré EER go raibh an duais tuillte acu.

 

Is fíorcheiliúradh ar ár réigiúin mar bhunchloch gheilleagar na hEorpa í Duais Fiontraíochta na hEorpa. Is cúis spreagtha iad buaiteoirí na bliana seo a léiríonn go bhfuil ár réigiúin ar thús cadhnaíochta maidir le tacaíocht a thabhairt do FBManna agus d’fhiontraithe agus postanna á gcruthú acu don todhchaí ”, a dúirt Karl-Heinz Lambertz , an tUachtarán nuathofa ar Choiste Eorpach na Réigiún.

 

Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, Éire

Tá straitéis uaillmhianach agus cuimsitheach léirithe ag Réigiún Thuaiscirt agus Iarthar Éireann mar fhreagairt ar an mbagairt atá á déanamh ag an mBreatimeacht ar an gcríoch, ar réigiún é ina bhfuil 90% den teorainn 500 km idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Tá an plean gníomhaíochta bunaithe ar 10 bprionsabal Ghníomh um Ghnólachtaí Beaga AE lena sainaithnítear an roinnt bheag bearnaí atá fós ann agus lena liostaítear céimeanna, spriocanna agus nithe insoláthraithe atá le baint amach faoi dheireadh bhliain RFE 2018. Áirítear leis gníomhaíochtaí nuálacha, amhail leas a bhaint as an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta – an comórtas talmhaiochta is mó san Eoraip – chun an fhiontraíocht a chur chun cinn i limistéir thuaithe, nó chun díriú isteach ar eisimircigh Éireannacha trí fheachtas múscailte feasachta a chur chun feidhme san aerfort réigiúnach.

 

Tá Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair in Éirinn ar cheann de na ‘hÁiteanna’ is bríomhaire, is fuinniúla agus is buanseasmhaí ar domhan . Tá ár muintir léannta, fiontraíoch, nuálach agus, níos tábhachtaí fós, bríomhar. Tá buanseasmhacht cruthaithe ag ár bpobail trí fhiontraíocht. Tá an t-aitheantas ar fad a ghabhann leis an duais seo tuillte ag ár lucht gnó agus ár lucht glactha rioscaí. Trínár bhfiontraithe is é is aidhm dúinn a bheith ar na háiteanna is ceangailte agus is cliste san Eoraip faoi 2020 ”, a dúirt Seamus Kilgannon , Cathaoirleach ar Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.

 

An Mhacadóin Láir, an Ghréig

Tá réigiún an Macadóine ag streachailt fós mar gheall ar iarmhairt na géarchéime eacnamaíochta ba chúis le titim de bheagnach 30% ar OTI%. Faoin mana “Smaoineamh Cliste – Gníomh Gasta”, is é is aidhm don straitéis ná dul i ngleic leis na dúshláin seo tríd an ualach riaracháin ar FBManna a laghdú, aghaidh a thabhairt ar an easpa maoinithe do FBManna trí chistí príobháideacha a ghiaráil trí ardán cistiúcháin straitéiseach, fiontraithe nuálaíochta agus tacaíochta a chothú chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus páirtnéireachtaí AE ar fud an domhain. Is cosúil gur ceist ríthábhachtach do ghiúiré RFE a bhí sa mhéid sin ar an ábhar go bhfuil buiséid teoranta sa réigiún agus is gá bearta tapa faoisimh a dhéanamh mar gheall ar an ngéarchéim.

 

Ile de France, an Fhrainc

Is é is aidhm do straitéis Réigiún Pháras ná an leas iomlán a bhaint as beocht, éagsúlacht agus cumas fiontraíochta an réigiúin chun cur le hiomaíochas agus acmhainn nuálaíochta a gheilleagair. Agus a aird á díriú aici ar earnálacha straitéiseacha amhail an aerloingseoireacht, TFC agus nuálaíocht sláinte, cuireann straitéis Réigiún Pháras lei straitéis #Leader 2017-2020 a glacadh le déanaí lena bhfuil sé mar chuspóir ag Ile-de-France a bheith ar an réigiún is fearr ar domhan maidir le nuálaíocht agus cruthú post faoi 2020 agus a bheith ina réigiún cliste ceannródaíoch a dhéanfaidh na deiseanna a ghabhann leis an aistriú digiteach a thapú go hiomlán.

 

Duais an Réigiúin Fiontraíochta Eorpaigh 2018

Is tionscadal é an Réigiún Fiontraíochta Eorpach (RFE) lena sainaithnítear trí chríoch AE gach bliain a léiríonn straitéis beartais fiontraíochta den chéad scoth agus nuálach, agus lena dtugtar luach saothair do na críocha sin, beag beann ar a méid, a saibhreas ná a n-inniúlachtaí. Na críocha ag a bhfuil an plean is iontaofa, fadbhreathnaitheach agus is mó a bhfuil gealladh faoi, tugtar an teideal “Réigiún Fiontraíochta Eorpach” (RFE) orthu do bhliain shonrach.

 

“Ó seoladh in 2011 é, tá aitheantas tugtha ag Coiste Eorpach na Réigiún do na straitéisí fiontraíochta is fearr sna 24 Réigiún Eorpacha. Trí na samplaí sin a thaispeáint, tá súil againn go spreagfaimid daoine eile an timpeallacht cheart a chruthú ina n-éireodh go geal le FMBanna agus fiontraithe agus, ar deireadh thiar, ina mbeadh athrú meoin i dtreo beartais atá níos nuálaí agus níos inbhuanaithe”, a dúirt Markku Markkula , céad Leas-Uachtarán ar CoR.

 

Is é giúiré RFE, comhdhéanta de chomhaltaí CoR, ionadaithe ó institiúidí AE, comhpháirtithe sóisialta agus comhlachais chríche, a dhéanfaidh faireachán ar chur chun feidhme na straitéisí a mbeidh duaiseanna buaite acu. Tar éis dheireadh bhliain na duaise, tabharfaidh an giúiré cuairt ar na críocha a mbronnfar duaiseanna orthu chun an dul chun cinn atá déanta a dhearbhú agus dearcadh neamhchlaonta ón taobh amuigh ar a chuid beartas a thabhairt dóibh. Déanfar príomhthorthaí agus príomhéachtaí bhuaiteoirí RFE 2018 a roinnt agus a phlé i measc údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud ghréasán RFE.

 

 

Teagmháil:
Carmen Schmidle
Teil. +32 (0)2 282 2366

carmen.schmidle@cor.europa.eu

 

Roinn :