Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Cloisimis bhur nguth sa Bhruiséil: Is féidir ballraíocht in RegHub 2.0 a iarraidh anois!  

​​​​​​​Cloisimis bhur nguth sa Bhruiséil:

Is féidir ballraíocht in RegHub 2.0 a iarraidh anois!​​

​Cad é #RegHub?

Is é atá i Líonra na Mol Réigiúnach (RegHub) de chuid Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) líonra de réigiúin agus de chathracha san Eoraip a dhéanann measúnú ar chur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh. Seoladh RegHub in 2018 agus tá 36 bhall ann faoi láthair.

Is é atá sa líonra sin oifigigh phoiblí (“teagmhálaithe”) áitiúla agus réigiúnacha a bhailíonn aiseolas teicniúil ó pháirtithe leasmhara éagsúla maidir leis an taithí a fuair na páirtithe leasmhara sin ar chur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh ar an leibhéal áitiúil.

Déanann RegHub an fhaisnéis sin a bhailiú ó na teagmhálaithe le linn comhairliúcháin spriocdhírithe a chuirtear ar fáil i dteangacha uile an Aontais. Ciallaíonn sin go bhfuil an deis ag na páirtithe leasmhara a n-aiseolas a chur isteach ina dteanga dhúchais. Déanann na teagmhálaithe an fhaisnéis atá bailithe acu a thiomsú i “dtuarascálacha ar chur chun feidhme” agus féachann CnaR chuige go gcuirtear an fhaisnéis sin san áireamh sna meastóireachtaí éagsúla ar bheartais an Aontais Eorpaigh. Fágann sin go gcinntíonn an líonra go gcuimsítear an dearcadh áitiúil agus réigiunach i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais agus go gcuirtear leis an mbonn fianaise.

Cé atá i dteideal ballraíocht a bhaint amach in RegHub 2.0 agus cad a bhfuil súil leis?

Tá sé beagnach dhá bhliain anois ón uair a sheol CnaR an chéim phíolótach de RegHub. Toisc toradh dearfach a bheith ar an meastóireacht a rinneadh ar fheidhmíocht RegHub, tá céim an phríomhshruthaithe den líonra (RegHub 2.0) á seoladh anois ag CnaR agus tá glao ar iarratais foilsithe aige chun baill nua a fháil don líonra.

Tá cead ag gach údarás áitiúil agus réigiúnach san Aontas Eorpach iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht i líonra RegHub. Ní gá ionadaí a bheith ag an údarás áitiúil nó réigiúnach sin ar Choiste Eorpach na Réigiún.

Beidh ar an mol réigiúnach “teagmhálaí” ar leith a ainmniú ar son RegHub. Is ball foirne oiriúnach a bhfuil taithí mhaith aige nó aici ar obair údaráis áitiúil nó réigiúnaigh a bheidh sa teagmhálaí sin agus beidh sé nó sí lonnaithe i limistéar an mhoil. Beidh caighdeán maith Béarla scríofa agus labhartha ag an té sin agus beidh sainordú aige/aici ón údarás chun:

  • páirt a ghlacadh i gcruinnithe RegHub (ar láthair an chruinnithe nó go fíorúil);
  • páirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin uile RegHub;
  • aiseolas ó na páirtithe leasmhara a bhailiú do gach comhairliúchán RegHub;
  • gníomhú mar phointe teagmhála do na hinstitiúidí agus eagraíochtaí ábhartha i limistéar an údaráis a bhfuil baint acu le cur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh.

Is iad na réigiúin agus na cathracha rannpháirteacha a sheasfaidh na costais uile a bhaineann lena mol réigiúnach féin, cé is moite de na costais a bhaineann le rannpháirtíocht theagmhálaí an mhoil i gcruinnithe a thionólfar ar láthair an chruinnithe. Is de réir na rialachán airgeadais is infheidhme a aisíocfar speansais taistil i leith cruinnithe a thionólfar ar láthair an chruinnithe.

Critéir roghnúcháin

Déanfar baill RegHub 2.0 a roghnú bunaithe ar na critéir seo a leanas:

  • feidhmíocht an bhaill le linn na céime píolótaí (is le baill reatha RegHub a bhaineann an critéar seo);
  • an spreagadh atá san iarratasóir agus an cumas rannchuidiú leis an tionscnamh;
  • éagsúlacht na mball maidir le ról institiúideach agus cumhachtaí reachtacha, daonra, méid, saintréithe sóisialta agus eacnamaíocha;
  • cothromaíocht chuí gheografach a bheith idir na baill éagsúla ar fud an Aontais.

Cén buntáiste atá ann do réigiún nó do chathair iarratas a chur isteach?

Beidh buntáiste ann do na moil réigiúnacha agus dá bpáirtithe leasmhara toisc iad a bheith ag soláthar aiseolas pearsanta na n-úsáideoirí ar an leibhéal áitiúil agus cuirfear an t-aiseolas sin san áireamh sa mheastóireacht a dhéanfar ar bheartais an Aontais Eorpaigh. Lena chois sin, beidh na moil páirteach i bhfoghrúpa RegHub den ardán nua ​Fit for Future (F4F) atá ag an gCoimisiún Eorpach agus beidh siad in ann, dá bhrí sin, tionchar níos mó agus níos dírí a imirt ar an bpróiseas “reachtóireacht níos fearr”.

​​​​​

Conas is féidir le réigiún nó cathair iarratas a dhéanamh?​

Is gá an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla agus a sheoladh chugainn faoin 30 Samhain 2020 ar a dhéanaí.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach ríomhphost a sheoladh chuig RegHub@cor.europa.eu.


Roinn :