Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
CnaR: Féadfaidh comhaontú maidir le buiséad an Aontais deis a dhéanamh den ghéarchéim – tá sé in am acmhainní nua a chur ar fáil dár bpobail agus dár ngnólachtaí sna réigiúin, sna cathracha agus sna sráidbhailte  

Ráiteas ó Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir, an Ghréig

“Déanaim comhghairdeas le hUachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas agus le hinstitiúidí an Aontais as an gcomhaontú stairiúil. Leis an gcomhaontú sin, cuirfear tús le ré nua agus féadfar deiseanna nua a thapú a bhuí leis an ngéarchéim. Mar phríomhthairbhithe de chistí an Aontais, tá na réigiúin agus na cathracha tiomanta do na hacmhainní sin a chur ar fáil go práinneach dár bpobail agus dár ngnólachtaí. Tá dlúthpháirtíocht agus freagracht á léiriú ag an Aontas Eorpach, bunaithe ar urramú an smachta reachta, mar a d’éiligh CnaR. Iarrtar ar gach leibhéal rialachais – an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus ar leibhéal an Aontais – teacht le chéile chun bearta nithiúla a dhéanamh leis an infheistíocht ar luach EUR 1.8 trilliún. Ní mór don téarnamh a bheith cothrom; é bunaithe ar chomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach, rud a chothóidh an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus a chuirfidh borradh faoin nuálaíocht. Tá ár saoránaigh ag súil leis an méid sin agus sin an méid is gá dúinn uile a bhaint amach chun deiseanna a dhéanamh de na dúshláin sin”.

Ráiteas ó Isabelle Boudineau , Cathaoirleach Choimisiún Choiste na Réigiún um Beartas Comhtháthaithe Chríochaigh agus um Buiséad AE (COTER) agus Leas-Uachtarán Réigiún Nouvelle-Aquitaine na Fraince

“Ní féidir gan an smacht reachta a urramú. Táim sásta nach dtiocfaidh aon athrú ar fhorálacha an smachta reachta leis an gcomhréiteach ar ar tháinig an Chomhairle Eorpach. Bainfidh cathracha agus réigiúin tairbhe as an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua chun teacht slán as an bpaindéim agus chun leanúint leis an aistriú atá glas agus cothrom ó thaobh na sochaí de.”

Cúlra:

Ar an 10 Nollaig tháinig cinn stáit agus rialtais na 27 mBallstát ar chomhaontú maidir le CAI 2021 - 27 agus maidir le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás ina mbeidh easnaimh ann sa smacht reachta. Má fhaightear cead deiridh ó Pharlaimint na hEorpa, beidh buiséad EUR 1 074.3 billiún ag an Aontas Eorpach ar feadh seacht mbliana agus beifear in ann Next Generation EU a chur in úsáid, ionstraim théarnaimh shealadach an Aontais ar luach EUR 750 billiún: EUR 1.8 trilliún ar an iomlán. Níor maoiníodh pacáiste chomh mór leis riamh trí bhuiséad an Aontais. 

Urlabhraí an Uachtaráin:

Michele Cercone

Teil. +32 (0)498 98 23 49

Michele.Cercone@cor.europa.eu

Preasoifigeach:

Matteo Miglietta

Teil. +32 470 895 382

matteo.miglietta@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-LONG-TERM-BUDGET-MUST-BE-IMPROVED-TO-TACKLE-CURRENT-AND-FUTURE-CHALLENGES-AND-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/AGREEMENT-ON-MFF.ASPX

EU long-term budget must be improved to tackle current and future challenges and promote cohesion
EU long-term budget must be improved to tackle current and future challenges and promote cohesion
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-POLICIES-FIGHT-SOCIAL-TERRITORIAL-DISPARITIES-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/AGREEMENT-ON-MFF.ASPX

All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
All European policies must fight social and territorial disparities and promote cohesion
24.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/HIGH-LEVEL-GROUP-ON-THE-FUTURE-OF-COHESION-POLICY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/AGREEMENT-ON-MFF.ASPX

President Cordeiro brings the voice of EU regions and cities in the High-Level Group on the Future of Cohesion Policy
President Cordeiro brings the voice of EU regions and cities in the High-Level Group on the Future of Cohesion Policy
23.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/INTERVIEW-PRESIDENT-CORDEIRO-COHESION-ALLIANCE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/AGREEMENT-ON-MFF.ASPX

Interview with the CoR President Vasco Alves Cordeiro
Interview with the CoR President Vasco Alves Cordeiro
03.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BUDGET-MUST-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/AGREEMENT-ON-MFF.ASPX

European Union’s policies and budget must promote cohesion, not harm it
European Union’s policies and budget must promote cohesion, not harm it
24.04.2023