Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An Comhaontú Glas don Eoraip: tús curtha le hArdán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le bheith saor ó thruailliú  
Inniu, tháinig baill Ardán na nGeallsealbhóirí a fógraíodh i b Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú le chéile den chéad uair chun tús a chur leis an bplé faoi chlár oibre 2022‑2024, clár a thacóidh le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta. Comhthionscnamh idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún atá san Ardán.

Seo a bhí le rá ag Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir Réigiún na Macadóine Láir sa Ghréig, Apostolos Tzitzikostas : ‘Is é an truailliú an phríomhchúis chomhshaoil le galair agus le bás anabaí ar fud an domhain agus tá tionchar ag an truailliú ar an aeráid, ar na héiceachórais, ar an timpeallacht thógtha agus ar ár ngailleagair áitiúla. Ní stopann an truailliú ag teorainneacha agus cuireann sé isteach ar shláinte agus ar dhea-bhail ár bpobal áitiúil. Trí chomhchathaoirleacht a dhéanamh ar Ardán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le bheith saor ó thruailliú, táimid tiomanta an tAontas Eorpach a chur ag obair ar shlí a thacóidh le gach cathair, réigiún agus sráidbhaile. Tá rialtais áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa ag gníomhú chun a bpobail agus a gcomhshaol a chosaint, ach tá tacaíocht dhíreach theicniúil agus airgeadais de dhíth orthu anois chun dlús a chur lenár n‑iarrachtaí le go mbeidh toradh ar an straitéis maidir le bheith saor ó thruailliú.’

Dúirt an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach, Virginijus Sinkevičius , an méid seo a leanas: ‘Tá Ardán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le bheith saor ó thruailliú an-tábhachtach maidir lenár bPlean Gníomhaíochta a chur chun feidhme. Tá a lán oibre romhainn. Iarraimid ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann dea-chleachtais a fhorbairt agus a mhalartú, agus sineirgí a lorg le tionscnaimh ábhartha eile, mar shampla an Comhshocrú Aeráide Eorpach, Ardán Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh, nó tionscnaimh eile.’

Cuideoidh Ardán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le bheith saor ó thruailliú leis na tionscnaimh shuaitheanta agus na gníomhaíochtaí suaitheanta a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta tríd an méid seo a leanas:

  • gníomhaithe ó phobail éagsúla agus ó réimsí éagsúla saineolais a thabhairt le chéile chun dul i ngleic le dúshláin idirghaolmhara, e.g. clár oibre comhpháirteach don chomhshaol agus don tsláinte a neartú;
  • comhfhís a shainiú maidir leis an mbealach ina bhféadfar cuspóirí maidir le bheith saor ó thruailliú a bhaint amach.

Is iad comhchathoirligh Ardán na nGeallsealbhóirí Marieke Schouten (NL/Na Glasaigh), Leasmhéara Bhardas Nieuwegein agus rapóirtéir CnaR don tuairim Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú , agus Patrick Child , Leas-Ardstiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil sa Choimisiún Eorpach.

Cúlra:

Is é is aidhm d’ Ardán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le bheith saor ó thruailliú an clár oibre maidir le bheith saor ó thruailliú a chur san áireamh i ngach beartas atá ag an Aontas Eorpach agus an Plean Gníomhaíochta um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú a chur chun feidhme go héifeachtach. Tabharfar le chéile san Ardán páirtithe leasmhara agus saineolaithe as réimsí éagsúla beartais, amhail an tsláinte, an talmhaíocht, an taighde agus an nuálaíocht, an t‑iompar, an digitiú agus an comhshaol. Fágfaidh an tArdán go gcruthófar comhúinéireacht, go cuirfear an comhar chun cinn, agus go gcothófar réitigh chomhtháite chun cur a mhéid is féidir leis na sineirgí leis an dícharbónú agus le hiarrachtaí téarnaimh iar-COVID-19. Comhthionscnamh idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún atá san Ardán.

Tá os cionn 100 cathair san Aontas nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir go fóill. De réir na meastachán is déanaí ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil , fuair 307 000 duine bás roimh am mar gheall ar nochtadh d’ábhar cáithníneach sármhín san Aontas Eorpach in 2019. D’fhéadfadh 58 % ar a laghad, nó 178 000 de na básanna sin, a bheith seachanta againn dá mba rud é gur éirigh le gach Ballstát an leibhéal treorach nua de chuid WHO de 5 µg/m³ a bhaint amach maidir le cáilíocht an aeir.

Maidir le huisce, ní chomhlíonann seacht bpríomhchathair Eorpacha na híoscheanglais maidir le cáilíocht uisce. Chun a chinntiú go ndéanfar cóireáil chuí ar fhuíolluisce, beidh gá le hinfheistíochtaí os cionn EUR 200 billiún sna blianta atá le teacht ( an Coimisiún Eorpach ).

Teagmháil:

David Crous

+32 (0)470 88 10 37

David.Crous@cor.europa.eu

Roinn :