Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá athrú ó bhonn ag teastáil uainn ó thaobh bainistiú uisce de  

San agallamh seo, thug Piotr Całbecki (PL/PPE), Uachtarán Réigiún Kujawsko-Pomorskie, freagra ar chúig cheist a bhaineann le bainistiú uisce i gcomhthéacs COVID-19 agus an téimh dhomhanda, rud nach bhfuil deireadh go deo leis. Is éard atá á éileamh ag rapóirtéir na tuairime ó CnaR dar teideal The Water Framework Directive and the Floods Directive [ An Chreat-Treoir Uisce agus an Treoir maidir le Tuilte] ná athrú ó bhonn ionas go mbeidh tús áite ag an gciorclaíocht agus ag an inbhuanaitheacht sa dóigh a n-úsáidimid acmhainní nádúrtha, agus an t-uisce go háirithe. Déanfar vótáil ar an dréacht-tuairim sa chéad . Tá sé beartaithe an tuairim a ghlacadh i seisiún iomlánach an 1-2 Iúil i gcomhthráth le díospóireacht ardleibhéil faoin gComhaontú Glas don Eoraip.

I do cháil mar rapóirtéir maidir leis an gCreat-treoir Uisce, an bhféadfá a insint dúinn cén tábhacht atá leis an ábhar sin don Aontas agus do na réigiúin agus na cathracha? Ós rud é go bhfuil fiche bliain caite ó theacht i bhfeidhm na treorach sin, cad é do mheas ar an gcur chun feidhme agus cad atá le foghlaim uaidh sin?

Bhí tionchar an-dearfach ag an gCreat-treoir Uisce. Ní hamháin gur tháinig feabhas ar stádas éiceolaíoch an fhionnuisce agus éiceachóras cósta san Eoraip, ach ardaíodh feasacht na sochaí ar an gcomhshaol freisin. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil fiche bliain caite ón gcur chun feidhme, tá dúshláin nua, mar aon le réitigh nua, tagtha chun cinn. Ar na dúshláin nua atá romhainn, tá comharthaí méadaitheacha an téimh dhomhanda chomh maith lena riachtanaí atá sé an Comhaontú Glas don Eoraip, mar aon le straitéis nua, a chur chun feidhme a luaithe is féidir chun borradh a chur faoin ngeilleagar ciorclach agus faoin mbithgheilleagar. I dtús báire, tá réitigh chórasacha uainn ionas nach bagairt an tromaigh a bheidh againn ach deiseanna. Chuige sin, is é an chéad chéim atá le glacadh an Chreat-treoir Uisce agus an Treoir maidir le Tuilte a chomhtháthú le chéile. Ina theannta sin, is gá dúinn réitigh nuálacha a scaipeadh agus leas a bhaint as na deiseanna atá ann mar gheall ar an éicihidreolaíocht mar aon le réitigh bunaithe ar an dúlra. Is uirlisí éifeachtacha iad, go háirithe chun éifeachtaí idirmheánacha a mhaolú, amhail truailliú ó fhoinsí idirleata i limistéir talmhaíochta agus uirbithe, a ghineann timpeall 50 % de thruailleáin i ndobharcheantair áirithe.

Is tú Uachtarán Réigiún Kujawsko-Pomorskie. Is amhlaidh go bhfuil an ganntanas uisce agus an triomach ina ndúshlán méadaitheach sa Pholainn freisin. Cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh ról ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla i mbainistiú uisce?

Tá Réigiún Kujawsko-Pomorskie ar cheann de na réigiúin is éagsúlaithe sa Pholainn ó thaobh acmhainní uisce de. Mar sin féin, tá fadhbanna romhainn chomh maith nach mór dúinn a réiteach a luaithe is féidir. De dheasca an triomaigh, tá laghdú as cuimse tagtha ar leibhéil uisce na Viostúile le blianta beaga anuas. I ndeisceart ár réigiúin, fágadh talamh diantalmhaíochta gan chosaint ar ghanntanas uisce. Dá dheasca sin, tá creimeadh ithreach ann mar aon le truailliú sna lochanna agus sna haibhneacha, truailliú ó fhoinsí idirleata, agus tá meath fadtéarmach tagtha ar an inbhuanaitheacht. Mar sin féin, i dtuaisceart an réigiúin, is parthas iad na foraoisí agus na lochanna nádúrtha móra don bhithéagsúlacht. Ós rud é go bhfuil mé i m’uachtarán réigiúnach agus go bhfuil céim ollscoile agam in athbhunú lochanna, tuigim go maith go bhfuil an-tábhacht le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thaobh bainistiú uisce de. I gcomhar leis na húdaráis sin, níl ár sárú ann chun na dúshláin shonracha atá roimh gach críoch agus pobal a shainaithint. Ní hamháin sin, is fearr is féidir linne beartais shaincheaptha a chur le chéile ina gcuirtear na sonraíochtaí sin san áireamh.

Tá tionchar mór ag an athrú aeráide agus ar phaindéim COVID-19 ar acmhainní uisce, ar sheirbhísí uisce agus ar sheachadadh uisce ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Cad é ba cheart a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh teacht ag gach duine ar uisce glan de dhea-cháilíocht?

Agus muid ag plé leis an dúlra, ní mór dúinn an tuiscint atá againn air sin a athrú. Ní mór dúinn athrú ó bhonn a dhéanamh ar an gcur chuige meicníoch leanúnach atá á ghlacadh againn trína ligimid dúinn féin acmhainní nádúrtha a úsáid go místuama gan srianadh, go háirithe ó tharla go mbíonn dramhaíl agus truailleáin de shíor á gcaitheamh ar ais sa dúlra againn. Ní mór dúinn éabhlóid a dhéanamh agus cur chuige éiceachórais a ghlacadh chugainn féin chun go mbeidh tús áite ag an gciorclaíocht sa dóigh a n-úsáidimid acmhainní nádúrtha, agus an t-uisce go háirithe. Ní féidir an inbhuanaitheacht i mbainistiú uisce a chinntiú gan cinnteoireacht fhreagrach, chuimsitheach lena n-áirithítear go bhfuil teacht ag cách ar uisce glan.

Beidh do thuairim ina rannchuidiú leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an Truailliú Nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach, rud a bheidh á chur i láthair ag an gCoimisiún an bhliain seo chugainn. Cén phríomhtheachtaireacht a bheadh agat sa chomhthéacs sin?

Is é an phríomhtheachtaireacht atá agam gur gá dúinn an gaol atá againn leis an dúlra a athrú agus, ar an ábhar sin, beartais nach bhfuil díobhálach don chomhshaol a chur le chéile. Sa ré Antrapaicéineach seo ina mairimid, tráth a bhfuil tionchar mór ag gníomhaíocht an duine ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, is gá dúinn uile a bheith inár gcinneadóirí freagracha. An leanfaimid de bheith ag milleadh an dúlra agus de bheith inár mbagairt dhíreach ar an tsibhialtacht, nó an dtosóimid ar acmhainní a bhainistiú go hinbhuanaithe? Is iontach an deis atá againn dul i dtreo geilleagar ciorclach nach bhfuil díobhálach don chomhshaol, agus uisce agus acmhainní ríthábhachtacha eile a úsáid go hinbhuanaithe. Tá an t-athrú sin bunaithe ar an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an Truailliú Nialasach le haghaidh an aeir, an uisce agus na hithreach.

Baineann do thuairim le dúshláin i ndáil le tuilte, le truailliú uisce agus le hiarmhairtí ghníomhaíocht an duine. Cé na huirlisí atá de dhíth ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun freagairt fheabhsaithe a thabhairt ar na dúshláin sin?

Tá éifeacht charnach ag tionchar ghníomhaíocht an duine ar an gcomhshaol agus ar acmhainní uisce go háirithe, agus is fáinne fí é sin. Tá athrú nua ag teastáil uainn bunaithe ar fhianaise eolaíoch chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na roghanna beartais is fearr is féidir a dhéanamh. Chuige sin, is den tábhacht comhar buan a bhunú idir lucht ceaptha beartas agus eolaithe áitiúla agus réigiúnacha. Mar shampla, is ábhar mórtais dúinn a lua go bhfuilimid ag obair i gcomhar leis an Ollamh Maciej Zalewski, stiúrthóir an Lárionaid Réigiúnaigh Eorpaigh maidir leis an Éicihidreolaíocht (ERCE), institiúid idirnáisiúnta Acadamh Eolaíochtaí na Polainne atá dírithe ar staidéar a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí idir an t-uisce agus córais éiceolaíocha.

Ar an dara dul síos, tá uirlisí breise uainn chun an t-oideachas a chuirtear ar fáil faoin inbhuanaitheacht a threisiú, feasacht a ardú inár bpobail agus eolas agus luachanna a dhoimhniú ionas go dtiocfar ar mhodhanna maireachtála atá níos inbhuanaithe ná mar atá siad faoi láthair. A bhuí leis an saol digiteach, is iomaí deis atá ag na saoránaigh páirt dhíreach a ghlacadh sa mhéid sin. Is maith an sampla í aip a forbraíodh le déanaí tríd an tionscadal AMBER ( Adaptive Management of Barriers in European Rivers ) [Bainistiú oiriúnaitheach ar bhacainní maidir le haibhneacha na hEorpa] agus tá clár ‘eolaíochta saoránach’ san áireamh inti freisin ionas go mbeidh údaráis, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus an pobal páirteach i mbailiú sonraí agus i scaipeadh sonraí araon. Sa lá atá inniu ann, tá deiseanna nua ar fáil a bhuí leis an gComhaontú Glas don Eoraip mar tugtar fís shoiléir ar chreat idirdhisciplíneach daingean ann. Sin an fáth a bhfuil mé dóchasach faoin todhchaí.

Nótaí:

Tá an dréacht-tuairim dar teideal Fitness Check of the Water Framework Directive and the Floods Directive [An tSeiceáil Oiriúnachta ar an gCreat-Treoir Uisce agus an Treoir maidir le Tuilte] (PL/PPE) ón rapóirtéir Piotr Całbecki le fáil in 23 theanga den Aontas agus déanfar vótáil uirthi le linn an chéad chruinnithe eile de choimisiún ENVE an   8   Meitheamh. Tá na doiciméid chruinnithe in-íoslódáilte anseo.

Tá an tríú cuid de thalamh an Aontais faoi strus maidir le hacmhainní uisce. Is ábhar imní é an ganntanas uisce i roinnt Ballstát. Cé go dtagann patrúin aimsire dhothuartha as an athrú aeráide, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh an tromach ann níos minice ná a mhalairt agus go mbeidh cainníocht agus cáilíocht acmhainní fionnuisce easnamhach. Preaseisiúint CnaR 11/12/2018 Reusing water for agriculture and keeping our urban areas green . [Uisce a athúsáid le haghaidh na talmhaíochta agus ár limistéir uirbeacha a choimeád glas.]

Teagmháil Phreasa:

David Crous

Teil.: +32 (0)470 88 10 37

david.crous@cor.europa.eu

Roinn :