Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ár gcathracha tar éis COVID-19: beidh oiread céanna tábhachta fós le Cairt Leipzig  

Le linn an agallaimh seo, d’fhreagair Juan Espadas (ES/PSE) , Méara Sevilla agus Cathaoirleach Choimisiún ENVE agus na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil i gCoiste Eorpach na Réigiún, ceithre cheist dár gcuid a bhaineann le Cairt Nua Leipzig , ar sraith prionsabal í lena gcuirfear ar chumas chathracha na hEorpa breis inbhuanaitheachta, athléimneachta agus cuimsitheachta a bhaint amach. Glacadh tuairim ó Choiste na Réigiún maidir le Cairt Leipzig a athnuachan le linn a sheisiúin iomlánaigh i mí Dheireadh Fómhair 2020. Inniu, tá an leagan nua de Chairt Leipzig gach pioc chomh tábhachtach is a bhí go dtí seo, go háirithe a fhad a bhaineann le hinbhuanaitheacht uirbeach a chothú tar éis phaindéim COVID-19.

Is léir dúinn de thoradh phaindéim COVID-19 a riachtanaí atá sé inár gcathracha an tsoghluaisteacht bhog a fhorbairt nó eagrú nua oibre a leagan síos. Anuas air sin, tá na moltaí seo ag teacht le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe . I bhfianaise na tuairime a d’ullmhaigh tú maidir le hathnuachan Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe, an dóigh leat go bhfuil an tuairim sin ar thús cadhnaíochta sa mhéid is go bhfuil straitéisí forbartha nua á moladh agat inti do chathracha sa ré iar-COVID-19 agus faoin bplean téarnaimh?

Tá Rialtas na Gearmáine, a raibh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aige le linn an dara leath de 2020, agus Coiste Eorpach na Réigiún, araon ag obair ar Chairt Nua Leipzig le fada an lá, i bhfad sular tharla géarchéim COVID-19. Mar pholaiteoirí tofa, ní mór dúinn a chinntiú go mbeimid in ann an ghéarchéim thubaisteach seo a chur chun deise dúinn d’fhonn caighdeán maireachtála na saoránach uile a fheabhsú. Le blianta beaga anuas, tá feabhas suntasach curtha againn ar ár straitéisí comhchoiteanna chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí chomhaontuithe idirnáisiúnta ríthábhachtacha; i mí na Nollag 2020 rinneadh comóradh cúig bliana ar Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Le Cairt Nua Leipzig déantar riachtanais na n-eintiteas uirbeach a thabhairt chun dáta i bhfianaise na paraidíme nua domhanda. Is iad na cathracha an t-inneall lena dtiomáinfear athruithe chun cinn le domhan níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla a bhaint amach. Anois agus comhaontú faigthe againn maidir le buiséad nua fadtéarmach an Aontais agus le plean téarnaimh COVID-19, léiríonn Cairt Leipzig a thábhachtaí agus atá sí fós dár gcathracha d’fhonn iad a sheoladh ar chonair a mbeidh ré nua inbhuanaithe, athléimneachta agus cuimsitheachta ag a ceann.

Áitítear sa tuairim a chuir tú le chéile gur gá dul i gcomhpháirtíocht le cathracha na hEorpa má tá an tAontas chun na cuspóirí atá cumhdaithe ina Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. An leor an bhaint atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le cur chun feidhme phlean téarnaimh an Aontais (“NextGenerationEU”), dar leat? An leor na cistí a leithdháilfear ar na réigiúin agus ar na cathracha chun cathracha inbhuanaithe a fhorbairt – i réigiúin inbhuanaithe – chun na haistrithe glasa agus digiteacha a chur chun feidhme san Eoraip, gan aon duine a fhágáil ar gcúl?

Sa chéad áit, ní mór dúinn a aithint go bhfuil a struchtúr riaracháin féin ag gach Ballstát. Dá bhrí sin, is cúram sách casta é anailís a dhéanamh ar rannpháirtíocht iomlán na rialtas áitiúil agus réigiúnach in aon réimse beartais de chuid an Aontais. Gan dabht ar domhan, is é Coiste Eorpach na Réigiún an fóram a éascaíonn rannpháirtíocht na gcathracha agus na réigiún i bpróiseas ceaptha beartais an Aontais, agus go háirithe sa phlean téarnaimh “ NextGenerationEU ”, plean atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí suntasacha sóisialta agus eacnamaíocha COVID-19. Níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh air gurb iad na cathracha na heintitis is gaire do na saoránaigh agus gur orthu sin a thitfidh sé formhór na mbeart téarnaimh a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ní mór ról lárnach a bheith ag na húdaráis áitiúla – agus réigiúnacha – i gceapadh na bpleananna téarnaimh agus na n-infheistíochtaí tosaíochta. Ag tús 2020, leag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, síos tosaíochtaí an Choimisiúin, agus chuir sí an Comhaontú Glas don Eoraip , straitéis fáis nua an Aontais atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar bharr liosta na dtosaíochtaí sin. Ní mór do bheartais uile an Aontais a bheith i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ní ceart dúinn a bheith ag breathnú siar. Todhchaí ghlas atá romhainn, sin nó ní bheidh todhchaí ar bith i ndán dúinn. Tá tábhacht thar meán le cathracha agus sinn ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach.

Rud eile is léir de thoradh phaindéim COVID-19 ná a idirspleáiche ar a chéile atá na ceantair uirbeacha agus na ceantair thuaithe, go háirithe a fhad a bhaineann le heagrú na gcóras bia san Eoraip. Cad a mholann tú sa tuairim ó Choiste na Réigiún a d’ullmhaigh tú a chuideoidh linn an comhar idir na réimsí sin a threisiú, d’fhonn na cuspóirí atá cumhdaithe sa bheartas comhtháthaithe, sa Chomhaontú Glas don Eoraip nó sa straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” a bhaint amach ar bhealach níos fearr?

Ní mór dúinn an comhar idir na ceantair uirbeacha agus na ceantair thuaithe a neartú más mian linn cathracha níos inbhuanaithe a thógáil. Gné bhunriachtanach de sin is ea an comhar maidir le táirgeadh agus tomhaltas bia. Trí thomhaltas táirgí bia a chur chun cinn, ar táirgí iad a tháirgtear gairid do cheantair uirbeacha, beifear in ann cur le hinbhuanaitheacht ár gcóras bia agus feabhas a chur san am céanna ar ár sláinte. Creidim go gcaithfimid béim a leagan freisin ar thábhacht na limistéar meitreapholaiteach, ós rud é nach féidir linn tuiscint a fháil ar fheidhmiú na gcathracha gan na limistéir mheitreapholaiteacha máguaird a thuiscint i gceart, óir caithfidh siad araon oibriú i gcomhar le chéile mar bheadh aonad amháin ann chun éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú sna cathracha.

Tá an Coimisiún Eorpach ag brú a thionscnaimh chun tosaigh d’fhonn “rialáil níos fearr” a chur chun cinn. Cad a mholfá sa réimse seo? An síleann tú gur ghá an Seimeastar Eorpach a athchóiriú d’fhonn na réigiúin agus na cathracha, cuspóirí an bheartais comhtháthaithe agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur san áireamh ann ar bhealach níos fearr?

I dtosach báire, ba mhaith liom a shoiléiriú nach ionann rialáil níos fearr agus dírialú. Go deimhin, ní mór don Eoraip a bheith níos éifeachtúla sa lá atá inniu ann, agus sin rud a léirigh paindéim an choróinvíris dúinn go paiteanta. Is é an t - aon bhealach amháin atá ann chun an sprioc sin a bhaint amach ná tríd an gcomhar agus an comhordú idir na leibhéil éagsúla rialtais a neartú, is é sin le rá ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát agus freisin ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Is cinnte gurb é sin an chéad chéim is gá a thabhairt i dtreo na rialála níos fearr! Tógaimis, mar shampla, an Seimeastar Eorpach, arb é an próiseas Eorpach é trína ndéantar moltaí sonracha eacnamaíocha do Bhallstáit an Aontais a tharraingt suas ar bhonn bliantúil, ní hacmhainn dúinn caitheamh leis feasta mar bheadh cleachtadh maorlathach amháin ann, is gá é a bheith faoi réir rialú daonlathach agus é a fhréamhú go doimhin i réigiúin na hEorpa. Sin é an fáth ar mian linne i gCoiste Eorpach na Réigiún go mbeadh páirt fhoirmiúil ag na réigiúin agus na cathracha i ndréachtú na moltaí sin. Táimid á iarraidh freisin go dtabharfaí de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa leas iomlán a bhaint as an ról atá aici maidir le rialú daonlathach, rud nach bhfuil ar siúl inniu. Ina cheann sin, ó thaobh téamaí de, níor mhiste do dhuine a fhiafraí cad ina thaobh a raibh moltaí i dtaca le hinfheistíochtaí poiblí, dlúthpháirtíocht nó na spriocanna forbartha inbhuanaithe in easnamh, go dtí le déanaí, ar thásca sonracha an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe nuair is léir ón ngéarchéim reatha a úsáidí a bheidís. Ní mór dúinn an cur chuige sin a leasú d’fhonn dul in oiriúint do riachtanais nithiúla ár saoránach agus ár gcríoch agus freagairt dóibh. Is é seo an t-aon bhealach atá ann chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, gan aon duine a fhágáil ar gcúl.

Eolas cúlra:

Le linn Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2007, chuidigh Cairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe le coincheap na forbartha comhtháite uirbí a bhunú ar leibhéal an Aontais agus d’fhág sí a rian féin ar cheapadh tionscnamh de chuid an Aontais amhail an Clár Oibre Uirbeach .

Glacadh Cairt Nua Leipzig ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag na hairí atá freagrach as an bhforbairt uirbeach agus chríochach an 30 Samhain 2020.

Sa leagan nua den Chairt déantar an tionchar a bhíonn ag paindéimí sláinte ar chathracha agus ar bhailte a mheas maille leis an méadú a d’fhéadfadh teacht ar éagothromaíochtaí críochacha dá réir. Tacaíonn an téacs nua leis na prionsabail a bhaineann le cur chuige rialachais comhtháite áit-bhunaithe il-leibhéil.

Aithnítear sa Chairt nua go ndéanann na ceantair thuaithe máguaird tairbhe mhór do na cathracha lena mbaineann siad. Aithnítear go sainráite sa leagan nua de Chairt Leipzig an tábhacht a bhaineann le “comhtháthú digiteach” a chur chun cinn san Eoraip, ar mhaithe leis na saoránaigh agus lena gcríocha araon.

Aithnítear freisin i g Cairt Nua Leipzig a bhailí atá na trí cholún (Rialáil Níos Fearr, Maoiniú Níos Fearr agus Eolas Níos Fearr) den Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, a sainaithníodh i gComhaontú Amstardam.

Sa dara seimeastar de 2020, rinne Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh de réir an mholta ó Choiste Eorpach na Réigiún conclúidí ón gComhairle a chur ar aghaidh maidir le Cairt Leipzig, leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach agus leis an nasc atá aige leis an gClár Oibre Críochach don Aontas Eorpach, agus cuireadh na conclúidí sin faoi bhráid Chomhairle Airí Comhshaoil an Aontais Eorpaigh agus ghlac an Chomhairle iad ar an 17 Nollaig 2020.

Teagmháil phreasa: pressecdr@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ENVE-COMMISSION-IN-MALAGA.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/UNDIMINISHED-RELEVANCE-OF-THE-LEIPZIG-CHARTER-.ASPX

ENVE in Málaga debates on green hydrogen, governance of Green Deal and its impact on coastal areas
ENVE in Málaga debates on green hydrogen, governance of Green Deal and its impact on coastal areas
28.09.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-ORGANIC-AWARD-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/UNDIMINISHED-RELEVANCE-OF-THE-LEIPZIG-CHARTER-.ASPX

Burgenland, Vienna and Idanha-a-Nova (Portugal) honoured by EU Organic Awards 2023
Burgenland, Vienna and Idanha-a-Nova (Portugal) honoured by EU Organic Awards 2023
25.09.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/CP90-REACTION-SOTEU.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/UNDIMINISHED-RELEVANCE-OF-THE-LEIPZIG-CHARTER-.ASPX

State of the EU: involving the local and regional level will make Europe stronger, fairer and more democratic
State of the EU: involving the local and regional level will make Europe stronger, fairer and more democratic
13.09.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREEN-DEAL-FUNDING-ALERT-AUGUST-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/UNDIMINISHED-RELEVANCE-OF-THE-LEIPZIG-CHARTER-.ASPX

Green Deal Funding Alert - August 2023
Green Deal Funding Alert - August 2023
31.08.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREEN-DEAL-FUNDING-ALERT-JULY-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/UNDIMINISHED-RELEVANCE-OF-THE-LEIPZIG-CHARTER-.ASPX

Green Deal Funding Alert – July 2023
Green Deal Funding Alert – July 2023
31.07.2023