Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
‘Crainn don Saol’: Tá glao anois ar chathracha agus ar réigiúin páirt a ghlacadh sa ghealltanas atá tugtha ag an Aontas maidir le trí bhilliún crann a chur faoi 2030  

An 17 Feabhra, sheol Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR), Apostolos Tzitzikostas, agus cathaoirleach nua choimisiún ENVE agus na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil in CnaR, Kata Tüttő, ‘Crainn don Saol’. Glao chun gnímh atá ann ar chomhaltaí uile CnaR – agus ar chathracha agus ar réigiúin ar fud an Aontais freisin – a gcuid tionscadal leanúnach agus gealltanas nua maidir le hathfhoraoisiú agus glasú limistéar uirbeach a roinnt.Is cuid d’fheachtas CnaR um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil an tionscnamh seo ‘Crainn don Saol’.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán CnaR: ‘Is cúis áthais dúinn a fhógairt go bhfuil an tionscnamh ‘Crainn don Saol’ faoi lánseol anois.Táimid ag iarraidh ar ár gcomhaltaí tionscnaimh á dtoscaireachtaí maidir le crainn a phlandáil a roinnt linn, chomh maith lena dtionscnamh féin, tríd an suirbhé tiomnaithe a líonadh isteach. Trí pháirt a ghlacadh sa tionscnamh seo, beidh tú in ann ceannaireacht rialtais áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa a thaispeáint agus iad ag tógáil todhchaí níos glaise agus níos inbhuanaithe dár bpláinéad.’

Bhí an méid seo le rá ag Kata Tüttő, leasmhéara Bhúdaipeist agus cathaoirleach nua Choimisiún ENVE agus na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil i gCoiste Eorpach na Réigiún: ‘I mBúdaipeist, tá meas againn ar chrainn agus an mhaith a dhéanann siad: ní hamháin mar gheall ar an CO2 a ghabhtar leo, ach an deannach a bhailítear leo, an foscadh ón ngrian a thugann siad i rith laethanta teo an tsamhraidh agus an gal a scaoileann siad isteach san atmaisféar. Tá sé mar thosaíocht againn freisin, clárlann a chruthú chun crainn a logáil inti mar chuid den fhaireachán a dhéanaimid ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Is rud nithiúil é ceantair uirbeacha a ghlasú, rud is féidir linn uile a dhéanamh chun truailliú aeir a chomhrac, stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta agus áit níos fearr le bheith ag maireachtáil iontu a dhéanamh dár gcathracha. Tá gá fiú leis na bearta beaga chun stop a chur le géarchéim na haeráide agus na bithéagsúlachta.’

Más mian leat páirt a ghlacadh sa tionscnamh ‘Crainn don Saol’, líon isteach an suirbhé gearr ar líne.Ní mór crainn a chur nó a fhás tar éis an 20 Bealtaine 2020 agus ní mór na treoirlínte maidir le foraoisiú atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht a leanúint, foraoisiú míchuí ar ghnáthóga íogaire amhail tailte portaigh agus bogaigh a sheachaint agus tosaíocht a thabhairt do speicis crann dhúchasacha nuair is féidir agus do chineálacha, éicitíopaí agus bunáitíocht lena gcuirtear san áireamh an gá atá le teacht aniar i gcoinne an athraithe aeráide. Is féidir teacht ar threoirlínte agus ar chritéir rannpháirtíochta anseo

Leis an nglao chun gnímh ‘Crainn don Saol’ tugtar spreagadh do gach rannpháirtí – agus do chomhaltaí CnaR go háirithe – crann a chur ina réigiún, ina gcathair nó ina sráidbhaile, an 30 Bealtaine 2022 más féidir, agus tráth nach déanaí ná an 5 Meitheamh 2022, le linn Sheachtain Ghlas an Aontais Eorpaigh 2022, agus grianghraf a roinnt chun poiblíocht a thabhairt do gach tiomantas agus chun iad a chur chun cinn mar rannchuidiú le hathfhoraoisiú na hEorpa.

Cuirfidh CnaR na gealltanais chomhroinnte uile chun cinn agus tabharfaidh sé infheictheacht dóibh, agus an teachtaireacht gur dúshlán domhanda é an téamh domhanda a bhfuil réitigh áitiúla de dhíth air á neartú aige.

Áireofar an rannchuidiú ó na cathracha agus na réigiúin faoin tionscnamh ‘Crainn don Saol’ mar chuid den sprioc an Gealltanas maidir le Trí Bhilliún Crann Breise a chur agus rannchuideoidh siad le straitéis nua foraoise AE do 2030.

Tháinig an glao chun gnímh tar éis an fhógra a thug Uachtarán CnaR, Apostolos Tzitzikostas agus Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir Eorpach um an gComhshaol, um na hAigéin agus um Iascach, i litir chomhpháirteach i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Cúlra

Tá an glao chun gnímh ‘Crainn don Saol’ ar cheann de na 10 nglao chun gnímh atá déanta ag an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil in CnaR. Seoladh an Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil i mí an Mheithimh 2020 nuair a cruthaíodh meitheal agus sraith tionscnamh cumarsáide agus rannpháirtíochta, a bhfuil sé mar aidhm acu cathracha agus réigiúin a chur i gcroílár aistriú an Aontais i dtreo neodracht aeráide agus uirlisí pearsanta a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun dul i ngleic leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus dlús a chur lena chur chun feidhme i ngach críoch.

De réir Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, tá foraoisí riachtanach don tsláinte agus do dhea-bhail an phláinéid. Tá siad saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus tá siad thar a bheith tábhachtach sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide. I measc tairbhí eile, cabhróidh an trí bhilliún crann breise atá le cur ar fud an Aontais leis an méid seo a leanas:

  • an t-aer a fhuarú idir 2ºC agus 8ºC nuair a chuirfear na crainn go straitéiseach i limistéir uirbeacha;
  • bia a sholáthar amhail torthaí, cnónna, agus duilleoga; agus
  • gnáthóg a chur ar fáil, agus cosaint a thabhairt do phlandaí agus d’ainmhithe, rud a chuirfidh leis an mbithéagsúlacht uirbeach.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le rúnaíocht na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil in CnaR ag reendeal@cor.europa.eu.

Roinn :