Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An t-iompar poiblí tar éis COVID-19: réitigh nuálacha agus shábháilte a dhíth don ghéarchéim seo agus do ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo  

San agallamh a leanas, freagraíonn Adam Struzik (PL/PPE) , Uachtarán Réigiún Mazovia, sé cheist faoi conas is féidir an t-iompar poiblí a fheabhsú sna cathracha agus i réigiúin uirbeacha.

Is é Adam Struzik (PL/PPE) a d’ullmhaigh an tuairim maidir leis na Dúshláin don Iompar Poiblí i gCathracha agus i Réigiúin Uirbeacha agus tá súil go nglacfar an tuairim sin ag seisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i mí na Nollag 2020.

Leagtar amach inti na dúshláin a bhaineann leis an bhfás atá tagtha ar an gcarrthrácht i gcathracha agus i gceirtleáin uirbeacha agus iarrtar réitigh inbhuanaithe agus chliste maidir leis an tsoghluaisteacht.

1. Cad iad na príomhdhúshláin atá roimh an iompar poiblí i réigiúin uirbeacha?

Is é an príomhdhúshlán atá ann ná teacht ar réitigh iompair phoiblí atá sábháilte agus nua-aimseartha, is é sin le rá atá dea-cheaptha, dea-eagraithe, comhtháite agus a fheidhmíonn go maith.

Cuirfidh córas iompair phoiblí ar ardcháilíocht le caighdeán maireachtála ar ardcháilíocht má chinntítear go bhfuil rochtain éasca ag daoine ar earraí agus ar sheirbhísí agus go bhfuil caighdeán maith comhshaoil ann. Is é atá i gceist agam inrochtaineacht na gcóras iompair phoiblí – cé chomh gar agus atá siad do na hionaid seirbhísí poiblí, cé chomh hinacmhainne agus atá siad agus cé chomh mór agus a chuireann siad leis an gcothromaíocht oibre is saoil.

Tá dlúthbhaint ag ardcháilíocht na gcóras iompair phoiblí le cé chomh hiomaíoch agus atá siad i gcomparáid leis na córacha iompair phríobháidigh, mar shampla an chothromaíocht idir na costais don úsáideoir agus na costais do na húdaráis áitiúla agus an teacht atá ar mhodhanna eile iompair (siúl, rothaíocht, etc.).

Tá freagracht ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, dá bhrí sin, a chinntiú go mbeidh an t-iompar poiblí sábháilte don úsáideoir agus neamhdhíobhálach don chomhshaol ina mairimid.

2. Conas is féidir roghanna na n-úsáideoirí agus iompraíocht na gcomaitéirí a athrú le gur féidir na réitigh is inbhuanaithe a chur chun cinn in earnáil an iompair? Cad iad na dreasachtaí is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a thabhairt?

Is é an chéad chéim ná a chinntiú go gcomhtháthófar na córacha éagsúla iompair agus, ag an am céanna, go n - ardófar feasacht go córasach i measc an phobail. Ina theannta sin, ba cheart go n-áiritheofaí tríd an bpleanáil is fearr is féidir a dhéanamh ar an mbonneagar go dtabharfadh an t-iompar poiblí níos mó buntáiste do dhuine ná mar a thugann an t-iompar príobháideach.

Ba cheart tús áite a thabhairt do sheirbhísí leictreonacha simplí a chabhródh le húsáid an chórais iompair, ach a chinntiú, ag an am céanna, go mbeadh rochtain ar an gcóras iompair phoiblí ag gach páirtí leasmhar, lena n-áirítear grúpaí den tsochaí nach bhfuil acu ach teacht teoranta ar sheirbhísí digiteacha.

Ní mór dúinne dea-shampla a thabhairt agus tá sé ríthábhachtach agus práinneach, dá bhrí sin, réitigh nuálacha a thabhairt isteach maidir le bainistiú agus eagrú an chórais iompair agus maidir le dea-phleanáil spásúlachta, rud a éascóidh comhtháthú an iompair phoiblí agus an iompair phríobháidigh. Ní féidir deireadh a chur leis an iompar príobháideach, ar ndóigh, agus ní féidir a dhéanamh ach an sciar de a laghdú a mhéid is féidir. Ba cheart cur leis na réitigh sin ar bhonn anailíse agus tátail atá bunaithe ar na sonraí nuashonraithe a thagann as na córais faireacháin tráchta, rud a cuireadh san áireamh sna pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe.

Chun na cuspóirí maidir le dícharbónú a bhaint amach, beidh gá ag na cathracha agus na réigiúin uirbeacha le cinntí beartais iomchuí agus maoiniú leordhóthanach, lena n-áirítear an maoiniú a fhaightear ó fhoinsí seachtracha amhail cistí an bheartais comhtháthaithe agus ionstraimí eile maoiniúcháin.

3. Ar éirigh leis na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe na bacainní riaracháin agus geografacha a shárú agus córas taistil uirbigh a cheapadh?

Sa Pholainn, thug a lán cathracha le fios go raibh siad an-sásta leis na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe agus go raibh an-spéis acu iontu, agus roghnaíodh roinnt de na cathracha sin chun dul i mbun comhar díreach faoi chuimsiú na hionstraime JASPERS.

Ba mhaith liom a chur in iúl go láidir gur gá pleanáil éifeachtach maidir leis an tsoghluaisteacht uirbeach a chur in oiriúint do líon na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantar, a bheith bunaithe ar an taithí i réimse na soghluaisteachta agus a bheith in oiriúint do shainiúlachtaí an cheantair agus na gcóras iompair ann, sin le rá na naisc le príomhchathair an réigiúin a chur san áireamh, bearta a dhéanamh chun roghanna taistil na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu i gcathair nó i gceirtleán uirbeach a fheabhsú agus ceangal maith le cathracha comharsanacha a chinntiú agus comhtháthú éifeachtach a dhéanamh leo.

Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tiomanta córas iompair phoiblí éifeachtúil a chinntiú agus é a chomhtháthú a mhéid a bhaineann le spás, eagrúchán agus taraifí. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin sna réigiúin uirbeacha, i réigiúin na bpríomhchathracha agus sna ceirtleáin uirbeacha is mó, toisc go bhfágann an chomaitéireacht go bhfuil gá le hidirnascadh a dhéanamh idir na córais iompair uirbeacha, fo-uirbeacha agus áitiúla éagsúla, maille leis an gcóras iompair náisiúnta. Ba mhaith liom béim a leagan freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an rochtain a bhíonn ag na ceantair thuaithe ar na cathracha: inniu féin, sa Pholainn, mar shampla, is minic na ceantair sin fágtha gan nasc ceart leis an gcathair.

Trí phlean soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a fhorbairt, is féidir samhail bharrmhaith a phleanáil do chóras taistil ina gcuimsítear córas coiteann praghsála agus sineirgí soiléire idir na cuideachtaí iompair phoiblí éagsúla atá ag feidhmiú sa cheirtleán uirbeach céanna. Ina theannta sin, éascaíonn múnla den sórt sin rochtain ar stadanna na gcóracha iompair phoiblí, e.g. trí líonra spásanna “Páirceála agus Taistil” ar imeall na cathrach.

4. An raibh an tAontas Eorpach uaillmhianach go leor sna cuspóirí beartais iompair a bhí aige roimhe seo? Cad iad na réimsí ina bhféadfadh sé a bheith níos uaillmhianaí anois?

Tá Páipéar Bán 2011 as feidhm anois agus tá an Coimisiún Eorpach ag obair cheana féin ar straitéis le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste – tionscnamh an-mhaith. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún tacaíocht d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun foinsí breise maoinithe a aimsiú. Ní hamháin go dtacóidh cistí an Bheartais Comhtháthaithe agus cistí eile an Aontais le hinfheistíocht nua sa bhonneagar iompair, ach cuirfidh siad freisin le nuachóiriú na gcóras iompair atá ann cheana trí chur le líon na roghanna inbhuanaithe atá ina malairt ar ghluaisteáin phríobháideacha.

Ní mór an tsoghluaisteacht uirbeach agus an beartas iompair phoiblí ina iomláine a bheith mar dhlúthchuid de bheartas sóisialta níos leithne. Tá sé tábhachtach na daoine sin is mó a ndéanann na costais úsáide iompair is airde difear dóibh a chosaint, i dtéarmaí airgid agus i dtéarmaí costais sheachtracha de bharr truailliú torainn, aeir agus ithreach agus díshealbhú maoine ar mhaithe leis an mbonneagar a nuachóiriú.

5. Cén cineál tacaíochta a chaithfidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a fháil ón leibhéal Eorpach chun ullmhú do chomhbheartas iompair?

An straitéis iompair nua a luaigh mé roimhe seo, straitéis ina leagtar amach fís nua-aimseartha maidir leis an iompar i gcathracha agus i réigiúin uirbeacha, is cinnte go dtacóidh sí go mór le cur chuige nua sa réimse seo, cur chuige ina mbeidh an chathair ina hiomláine ag brath ar an gcóras iompair phoiblí.

Ní mór d’éiceachórais chathracha agus cheirtleáin uirbeacha an Aontais Eorpaigh tacaíocht airgeadais a fháil ó fhoinsí seachtracha le go mbeidh na caighdeáin chéanna seirbhísí iompair ar fáil ar fud an Aontais. Tá an iliomad clár, cistí agus ionstraimí ann, agus ba cheart go mbeadh teacht orthu go héasca, mar is minic a bhíonn na réitigh is simplí ar na réitigh is éifeachtaí. Is é sin an t-aon bhealach amháin chun córais iompair phoiblí chomhtháite a fheidhmíonn go maith a chruthú. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cistí AE a leithdháileadh go díreach ar na húdaráis réigiúnacha atá freagrach as na cúraimí sin agus a chuirfidh na bearta faoi na cláir oibríochtúla chun feidhme i gclárthréimhse 2021 - 2027.

Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom béim a leagan ar an ról speisialta atá ag an gCiste um Aistriú Cóir atá ina chuid de Phacáiste an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Tá sé beartaithe leis an gciste sin tacú le réigiúin a bhfuil dúshláin mhóra shocheacnamaíocha rompu maidir le haeráidneodracht a bhaint amach, amhail an t-aistriú go hiompar poiblí saor ó CO 2 i gcathracha agus i réigiúin uirbeacha.

6. Bhí tionchar tubaisteach ag paindéim an choróinvíris ar úsáid na gcóras iompair phoiblí. Conas is féidir muinín na bpaisinéirí a fháil ar ais agus na caillteanais ioncaim a chúiteamh chun ardleibhéal seirbhíse a chinntiú sna blianta amach romhainn?

Toradh soiléir ar phaindéim COVID-19, agus toradh nach raibh aon dúil leis, is ea an titim mhór ar na gnáthriachtanais taistil. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, an méadú ar an gcianobair, na srianta atá i bhfeidhm i mBallstáit áirithe maidir le húsáid spásanna poiblí agus an méadú ar an tuairim nach bhfuil an t-iompar poiblí sábháilte. Slí amháin chun aghaidh a thabhairt ar an gclaonadh sin is ea an coincheap “cathair na ceathrún uaire”.

Beidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha costais bhreise a thabhú chun bearta sláinteachais a chur chun feidhme i bhfeithiclí iompair phoiblí le gur féidir an caillteanas ioncaim de dheasca an laghdaithe ar líon na bpaisinéirí a chúiteamh. D’fhéadfadh feachtas éifeachtach faisnéise tacú leis sin trí dhaoine a spreagadh gan an carr a úsáid chomh minic céanna agus gan taisteal ina n-aonar chun na hoibre chomh minic agus is féidir.

Ní mór go n-áireofaí sa straitéis nua le haghaidh córas comhtháite iompair phoiblí caighdeáin uile-Eorpacha le go bhféadfar bagairtí sonracha, lena n-áirítear paindéimí, a bhrath agus a chosc agus nósanna imeachta a chinnteoidh gluaiseacht shábháilte daoine i gcás géarchéime.

Teagmháil:

PresseCdr@cor.europa.eu

Roinn :