Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An Comhshocrú Aeráide: i gcomhar le chéile ar son na haeráidneodrachta  

Iarrtar ar chomhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún páirt a ghlacadh i líonra nua aeráide an Aontais Eorpaigh mar Ambasadóirí le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide thar ceann CnaR

Inniu sheol an Coimisiún Eorpach an Comhshocrú Aeráide , tionscnamh uile-Eorpach trína dtugtar cuireadh do dhaoine aonair, do phobail agus d’eagraíochtaí páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí ar son na haeráide agus sna hiarrachtaí chun Eoraip níos glaise a chruthú. Mar thionól de chathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh, tá Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) tiomanta rannchuidiú go gníomhach leis an gComhshocrú Aeráide trí, ar an gcéad dul síos, cuspóirí an Chomhshocraithe a chur chun cinn agus rannpháirtíocht ann a chothú, go háirithe i measc údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais. Is ardán rannpháirtíochta é an Comhshocrú Aeráide a thacaíonn leis an g Comhaontú Glas don Eoraip , straitéis fáis nua an Aontais Eorpaigh maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Seoladh an Comhshocrú Aeráide inniu faoi stiúir Frans Timmermans , Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh um Chomhaontú Glas don Eoraip. Agus é ag cur tús leis an seisiún, seo mar a labhair Frans Timmermans: “Is díol sásaimh dom go bhfuil vacsaín ar na bacáin a chabhróidh linn teacht as paindéim COVID-19. Ach níl aon vacsaín ann do ghéarchéimeanna na haeráide agus na bithéagsúlachta. Tabharfaidh an Comhshocrú Aeráide Eorpach gach duine atá toilteanach gníomhú ar son ár bpláinéid le chéile. Leis an gComhshocrú seo, is mian linn cabhrú le gach duine san Eoraip beart a dhéanamh ina saol laethúil, agus deis a thabhairt do chách páirt a ghlacadh san aistriú go geilleagar glas agus spreagadh a thabhairt dá chéile. Maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanaimid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, tá gach duine in ann a mbeart féin a dhéanamh agus rannchuidiú leo”.

Cuirfidh an Comhshocrú Aeráide spás ar fáil do dhaoine as gach cineál cúlra le go bhféadfaidh siad aithne a chur ar a chéile agus réitigh ar an athrú aeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme le chéile, is cuma an beart mór nó beart beag atá i gceist. Is iad an dá phríomhaidhm atá leis an gComhshocrú feasacht a mhúscailt le gur féidir eolas a scaipeadh agus tacú le gníomhaíochtaí aeráide ar fud an Aontais.

Labhair Méara Vársá, Rafał Trzaskowski (PL/PPE) , rapóirtéir na tuairime maidir leis an gComhshocrú Aeráide , le linn an tseolta oifigiúil agus dúirt sé an méid seo: “Ní bhainfear amach sprioc na neodrachta ó thaobh díobháil aeráide de mura mbeidh na cathracha lárnach sna gníomhaíochtaí ar son na haeráide. Ní hamháin toisc gur tomhaltóirí móra fuinnimh iad na cathracha agus gurb iad is cúis le 70 % go 80 % d’astaíochtaí an domhain, ach toisc gur ar leibhéal na cathrach a bhíonn saoránaigh i mbun gníomhaíochtaí ar son na haeráide. Toisc go mbraithimid ciontach leis na hastaíochtaí sin, táimid ag iarraidh a bheith chun tosaigh sa ghníomhú ar son na haeráide. Is deis é an Comhshocrú Aeráide seo chun gluaiseacht uile-Eorpach a bhunú, gluaisteacht a spreagfaidh agus a aithneoidh na héachtaí éagsúla atá déanta ag daoine agus grúpaí aonair ar mhaithe leis an aeráid. Sa bhreis ar thionscadail uile-Eorpacha a chuireann dlús leis na gníomhaíochtaí aeráide ar an leibhéal áitiúil, ní mór do na saoránaigh a bheith páirteach san iarracht ar son na haeráidneodrachta. Ní éireoidh linn an Comhaontú Glas a chur chun feidhme mura mbeidh na saoránaigh agus an leibhéal áitiúil páirteach ann.”

Seo a leanas roinnt de na bealaí praiticiúla inar féidir páirt a ghlacadh sa Chomhshocrú Aeráide:

Chun tacú le líonra na nAmbasadóirí le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide, tá CnaR ag iarraidh ar a chomhaltaí clárú mar Ambasadóirí CnaR le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide agus tá glao ar iarratais seolta aige chuige sin. Is é dhéanfaidh na hambasadóirí gnéithe éagsúla an Chomhaontaithe Ghlais a chur chun cinn go gníomhach ina réigiúin agus ina mbardais féin trína ngníomhaíochtaí polaitiúla, dea-chleachtas a roinnt agus aiseolas tréimhsiúil a thabhairt i dtaobh cé chomh héifeachtach agus atá beartais an Aontais ar an leibhéal áitiúil. Beidh Ambasadóirí CnaR le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide ina gcuid den líonra níos leithne atá seolta ag an gCoimisiún Eorpach. Tríd an tionscadal CoR 4 Climate Pact, cuirfidh CnaR tacaíocht ar fáil d’ Ambasadóirí CnaR le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide trí imeachtaí áitiúla a eagrú i dtaobh na haeráide, imeachtaí a bheidh dírithe ar fheasacht a mhúscailt agus an ghníomhaíocht aeráide a bhrú chun cinn ar an leibhéal áitiúil.

Tá Méara Vársá Rafał Trzaskowski (PL/PPE) ar cheann de na chéad Ambasadóirí le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide in CnaR .

Sa chéad chéim den Chomhshocrú Aeráide tabharfar tosaíocht do na gníomhaíochtaí a leanas: “ Limistéir ghlasa ”, “ Iompar glas ”, “ Foirgnimh ghlasa ” agus “ Scileanna glasa ”. Déanfar an Comhshocrú Aeráide a leathnú amach de réir a chéile go réimsí eile, amhail tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe, cáilíocht na n-ithreacha, bia folláin agus aistí bia inbhuanaithe, na haigéin agus limistéir thuaithe agus chósta. Sainordú oscailte atá sa Chomhshocrú Aeráide agus tiocfaidh athrú ar an raon feidhme i bhfianaise smaointe agus rannchuidiú na ndaoine agus na n-eagraíochtaí a bheidh páirteach ann.

An 9 Nollaig 2020, d’eisigh an Coimisiún Eorpach teachtaireacht maidir leis an gComhshocrú Aeráide .

Eolas cúlra

  • Comhaltaí agus comhaltaí malartacha CnaR atá toilteanach a bheith ina nAmbasadóirí le haghaidh an Chomhshocraithe Aeráide, cliceálaidís anseo (spriocdháta 31 Eanáir 2021)

  • Is féidir suíomh gréasáin an Chomhshocraithe Aeráide a fheiceáil anseo .

  • léarscáil ar líne ag CnaR ar a bhfuil 200 dea-chleachtas a léiríonn an chaoi a bhfuil an Comhaontú Glas á chur chun feidhme go háitiúil ag cathracha agus réigiúin cheana féin.

Teagmháil

David Crous

david.crous@cor.europa.eu

+32 (0) 470 88 10 37

Roinn :