Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Staid an Aontais Eorpaigh: ‎ gan cur chuige ón mbun aníos, ní éireoidh leis an Eoraip a gealltanais a chomhlíonadh ná nasc níos gaire a dhéanamh leis an bpobal  

Ráiteas ó Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Apostolos Tzitzikostas

Agus é ag trácht ar aitheasc an lae inniu ar Staid an Aontais Eorpaigh a thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, seo a bhí le rá ag Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Apostolos Tzitzikostas:

‘Rinneadh cur síos cuí san aitheasc ar Staid an Aontais ar neartú na dlúthpháirtíochta san Aontas Eorpach agus ar an gcaoi ar éirigh leis an Aontas dul i ngleic leis an bpaindéim. Ar fud na hEorpa, ba cheart dúinn aitheantas a thabhairt don chomhiarracht mhór atá á déanamh ag rialtais, ag lucht tionscail agus ag seirbhísí poiblí chun vacsaíní a sheachadadh chuig gach réigiún agus gach cathair. Thairis sin, tá tacaíocht iomlán ár gCoiste ag na tosaíochtaí a leagadh síos inniu: mar Aontas ag a bhfuil buiséad agus plean téarnaimh ar scála nach bhfacthas riamh cheana, is gá dúinn infheistiú anois le chéile lena chinntiú go dtiocfaimid as an ngéarchéim seo le chéile, agus luas a chur, ag an am céanna, leis an aistriú go geilleagar glas agus geilleagar digiteach.

Mar sin féin, ní éireoidh linn na spriocanna comhroinnte sin a bhaint amach trí chur chuige ón mbarr anuas a ghlacadh. Caithfidh an tAontas dul i ngleic leis na fíor-riachtanais atá ag daoine sna háiteanna ina gcónaíonn siad, sna háiteanna ina n-oibríonn siad. Is trí chur chuige ón mbun aníos, agus tríd sin amháin, a éireoidh leis an Eoraip agus ar féidir tacaíocht na saoránach, ina gcroí agus ina n-anam, a fháil ar ais. Rinne an phaindéim, agus na tuilte agus na dóiteáin a tharla le déanaí, an-dochar do shaol ár bpobal; ba iad an t-aon mhilliún ceannaire áitiúil agus réigiúnach san Eoraip a bhí i mbrollach an chatha agus iad ag obair i gcomhar leis na seirbhísí poiblí agus éigeandála chun beatha daoine agus ár ngeilleagair a chosaint. Is bagairt do théarnamh na hEorpa gan ról cuí a thabhairt do na gníomhaithe áitiúla – atá freagrach as 70 % de dhlíthe uile an Aontais a chur chun feidhme – i gceapadh agus i gcur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta. Ní dhéanfar an Comhaontú Glas a fhíorú ach amháin má tharlaíonn sé ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus na polaiteoirí áitiúla páirteach ann. Mura dtarlóidh sin, teipfidh air. Tá an baol ann gur baothchomórtas idir institiúidí na Bruiséile a bheidh sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa mura ndéanfar nasc leis na pobail áitiúla uile fud fad na hEorpa.

Deis nár tapaíodh a bhí in aitheasc an lae inniu nuair nár tugadh aitheantas don ról tábhachtach atá ag gníomhaithe an leibhéil áitiúil, agus nuair nár samhlaíodh fís nua rialachais a dhéanfadh an tAontas níos éifeachtaí agus a thabharfadh níos gaire don phobal é. Ní fhéadfaidh an Eoraip leanúint den tionscadal teibí ón mbarr anuas agus ní mór di fíor-chomhpháirtíocht a chruthú leo siúd atá mar bhunchloch i dTeach Eorpach seo an Daonlathais – uachtaráin, gobharnóirí, méaraí agus comhairleoirí atá tofa ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. Sin fírinne nach féidir a cheilt más mian linn todhchaí níos rathúla, níos córa agus níos athléimní a thógáil le chéile dár bpobal. Trí leas a bhaint as an ról a bheidh againn an fómhar seo mar ghuth an rialtais fhonáisiúnta sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, déanfaimid ár seacht ndícheall an chothromaíocht a fháil ar ais.’

An 12 Deireadh Fómhair eiseoidh Coiste Eorpach na Réigiún a athbhreithniú ar staid réigiúin agus chathracha an Aontais Eorpaigh

Déanfaidh Coiste Eorpach na Réigiún Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais a chur i láthair an 12 Deireadh Fómhair 2021, rud a thabharfaidh léargas ar na héifeachtaí éagsúla a bhí ag an bpaindéim ar réigiúin agus ar chathracha an Aontais agus ar na difríochtaí móra atá ann laistigh den Aontas agus laistigh de gach Ballstát. Tabharfar léargas freisin ar an drochéifeacht a bhí ag an bpaindéim ar an airgeadas áitiúil agus réigiúnach, ar an gcaoi a bhfuil ár réigiúin agus ár gcathracha ag déanamh dul chun cinn – nó a mhalairt – de réir mar atá siad ag iarraidh dul i ngleic leis an aistriú glas agus digiteach, ar an gcaoi a bhfuil an dúshlán a bhaineann leis na bearnaí eacnamaíocha agus sóisialta idir na réigiúin a laghdú ag éirí níos casta, agus mar a bhfuil réigiúin agus cathracha ag nuachóiriú an daonlathais áitiúil. Agus tríd an suirbhé is leithne riamh a rinneadh i measc na 1.15 milliún polaiteoir áitiúil agus réigiúnach san Aontas Eorpach, tabharfar léargas ar thuairimí na bpolaiteoirí sin a bhíonn ag cur lenár nAontas gach lá inár bpobail áitiúla.

Teagmháil :

Michele Cercone

Teil. +32 498 982 349

michele.cercone@cor.europa.eu

Roinn :