Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá tuilleadh gníomhaíochta ar leibhéal na hEorpa de dhíth sna réigiúin agus sna cathracha ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo  

Aird tarraingthe ar bheartais maidir le bia, sláinte, sceimhlitheoireacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna ag ceannairí áitiúla agus réigiúnacha agus iad ag smaoineamh ar bhealaí chun athléimneacht a bpobal a mhéadú.

Tháinig an Coimisiún um Acmhainní Nádúrtha (NAT), ceann de choimisiúin Choiste Eorpach na Réigiún, i gceann a chéile den chéad uair tar éis shos an tsamhraidh chun plé a dhéanamh ar an turasóireacht inbhuanaithe agus ar na freagairtí atá de dhíth ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcoróinvíreas agus ar a thionchar siúd ar phobail áitiúla. Ag an gcruinniú a bhí acu an 18 Meán Fómhair, ghlac na comhaltaí tuairimí freisin maidir leis an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc", maidir leis an gclár “EU4Health", maidir le hathbheochan na tuaithe agus maidir le sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, ar beartais iad uile a d'fhéadfadh cabhrú chun pobail athléimneacha a chothú ar fud an Aontais. Roinn comhaltaí an Choimisiúin a ndearcadh le chéile freisin maidir leis an agrai-éiceolaíocht.

Is cúis mhór imní fós an coróinvíreas – COVID-19 – do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha fud fad na hEorpa. Ní hamháin go léiríonn paindéim COVID-19 go glé an breisluach atá i dtalmhaíocht na hEorpa agus sa talmhaíocht áitiúil chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le córas slándála bia atá bunaithe go príomha ar sholáthairtí ó chríocha tuaithe na hEorpa, ach léiríonn sí, anuas air sin, an gá atá le comhar a fheabhsú sa limistéar sláinte agus tríd an sásra um chosaint shibhialta.

Ghlac comhaltaí choimisiún NAT an dá dhréacht-tuairim seo a leanas:

I dtreo na turasóireachta níos inbhuanaithe do chathracha agus réigiúin an Aontais, dréachtaithe ag Manuel Alejandro Cardenete Flores (ES/Renew Europe), Leas-Aire na Turasóireachta, na hAthnuachana, an Dlí agus Cirt, agus an Riaracháin Áitiúil i Rialtas Réigiúnach na hAndalúise: cruthaíonn an turasóireacht poist agus saibhreas ar fud an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aici freisin ar an gcomhshaol nó ar an tsochaí mura ndéantar í a bhainistiú i gceart. I dtaca le géarchéim COVID19, bhí an turasóireacht ar cheann de na hearnálacha eacnamaíocha ba mheasa a buaileadh agus ba mhó ba chaillteach leis na hiarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a lean í, agus is amhlaidh sin di i gcónaí. Sa tuairim seo maidir le “turasóireacht inbhuanaithe", féachtar ar an dá thaobh den díospóireacht agus tugtar chun solais bealaí lenar féidir teacht slán as an ngéarchéim reatha turasóireachta trí chineál turasóireachta a bheidh níos inbhuanaithe agus níos athléimní a chothú. Chuir an rapóirtéir an méid seo a leanas i bhfios go láidir: “Mura dtabharfaidh an Eoraip faoin athrú seo a dhéanamh a chéaduair, ní dhéanfaidh an chuid eile den domhan amhlaidh. Ní mór dúinn creat straitéiseach gníomhaíochta ar son na turasóireachta láidre a chur chun feidhme atá tiomanta don fhorbairt inbhuanaithe." Tá glacadh na tuairime beartaithe i seisiún iomlánach an Choiste ar an 9-10 Nollaig 2020.

Ón bhFeirm go dtí an Forc – an ghné áitiúil agus réigiúnach, curtha i láthair ag Guido Milana (IT/PSE), Comhalta de Chomhairle Bardais Olevano Romano (an Róimh): tá an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc" le haghaidh bia inbhuanaithe ina colún den Chomhaontú Glas don Eoraip (tionscnamh suaitheanta de chuid an Aontais Eorpaigh) agus de phlean téarnaimh an Aontais. Cumhdófar gach lúb den bhiashlabhra sa straitéis sin, ón táirgeadh go dtí an tomhaltas. Dúirt Guido Milana gur léir, de thoradh phaindéim COVID-19, go raibh éislinní móra sa chóras bia seo againne. Beidh tábhacht thar meán ag an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc" má táthar chun athrú a dhéanamh ar an gcóras sin ar bhealach inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, na heacnamaíochta agus na sochaí de. Tá gá le cathracha agus réigiúin a chuimsiú chun gur féidir tacú le táirgeoirí agus le hoibrithe, chun cabhrú leis an líon mór daoine nach bhfuil in acmhainn réimeanna bia folláine a bheith acu, chun an comhshaol a chosaint, chun slabhraí soláthair gairide a chur chun cinn agus chun dáileadh bia níos fearr a spreagadh. Beidh ról nach beag ag na feirmeoirí agus na hiascairí i dtaca leis na spriocanna uaillmhianacha atá leagtha síos againn a bhaint amach agus is gá a chinntiú nach bhfágfar duine ar bith ar gcúl." Tá glacadh na tuairime beartaithe sa seisiún iomlánach ar an 9-10 Nollaig 2020.

An clár “EU4Health" dréachtaithe ag Nathalie Sarrabezolles (FR/PSE), Comhalta de Chomhairle Roinne Finistère: is éard is aidhm don chlár “EU4Health" córais sláinte na hEorpa a neartú i dtreo is gur féidir leo freagairt níos fearr a thabhairt ar mhórghéarchéimeanna trasteorann a bheidh ann amach anseo, amhail paindéim Covid-19. Chomh maith le cosaint níos fearr a thabhairt i gcoinne géarchéimeanna agus bainistiú níos fearr a dhéanamh orthu trí chórais sláinte na mBallstát a neartú agus cúram níos fearr a sholáthar, aidhmeanna eile atá ag an gclár “EU4Health" ná feabhas a chur ar earnáil na sláinte mar aon le nuálaíocht agus infheistíocht inti a chothú. Dar le Nathalie Sarrabezolles gur “mhúin paindéim COVID-19 ceacht soiléir dúinn: a mhéid atá Aontas Sláinte Eorpach níos láidre de dhíth ar phobal na hEorpa. Is cruthúnas é an clár “EU4Health" gur féidir linn tuilleadh a dhéanamh i dtreo is go mbeimid níos ullaimhe chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte amach anseo agus chun na córais sláinte inár gcríocha a atreisiú. Ar an ábhar sin, ní féidir glacadh leis na ciorruithe 82 % a chuir an Chomhairle Eorpach i bhfeidhm ar bhuiséad an chláir “EU4Health". Agus sinn ag déanamh ionadaíocht ar na cathracha agus na réigiúin, iarraimid ar Pharlaimint na hEorpa an tosaíocht sin a chosaint óir is féidir léi difear a dhéanamh do shaol daoine." Glacfar an tuairim sin ag an gcéad seisiún iomlánach eile de Choiste na Réigiún, an 12-14 Deireadh Fómhair 2020.

Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le hathbheochan na tuaithe, dréachtaithe ag an gComhairleoir Enda Stenson (IE/Comhghuaillíocht Eorpach), Comhalta de Chomhairle Contae Liatroma: leis an bpaindéim atá ann faoi láthair, tá doimhneacht agus práinn bhreise curtha leis an iarracht athbheochan na tuaithe a chur i gcrích i réigiúin ar fud an Aontais Eorpaigh. De thoradh na géarchéime sin, tugadh chun solais iarmhairtí roinnt bagairtí seanbhunaithe a bhfuil limistéir thuaithe thíos leo agus ghéaraigh ar na hiarmhairtí sin dá réir. Ar an gcéad dul síos, d'fhág an bánú seanbhunaithe a rinneadh ar na ceantair thuaithe iad ina gceantair thréigthe agus ceapadh gur lig lucht ceaptha beartas an Aontais i ndearmad iad, dar leis an Uasal Enda Stenson. “Ní mór an fhís nua fhadtéarmach do na limistéir thuaithe a iompú ina creat nithiúil beartais. Is éard ba chóir a mholadh leis an gClár Oibre Tuaithe ná sraith de bheartais chomhtháite a chuirfidh ar chumas pobal tuaithe, agus a fhágfaidh iad in acmhainn, dúshláin a chur chun deise dóibh féin. Áirítear ar na dúshláin sin an dícharbónú, an t-athrú aeráide, an digiteáil, athruithe ó ghlúin go glúin, lánpháirtiú imirceach nua agus an nuálaíocht shóisialta. Tá súil agam go ngníomhóidh an Coimisiún Eorpach go han‑tapa agus go gcuirfidh sé chun feidhme na bearta atá leagtha amach againn lena chinntiú go mbeidh daoine in ann maireachtáil, oibriú agus clann a thógáil, agus rochtain acu ar sheirbhísí ábhartha, sna pobail iontacha tuaithe seo againn," a dúirt an rapóirtéir. Tá glacadh na tuairime beartaithe sa seisiún iomlánach ar an 9-10 Nollaig 2020.

Phléigh na comhaltaí tosaíochtaí Uachtaránacht na Gearmáine le Judith Conrad, ó Aireacht Talmhaíochta na Gearmáine, Roinn Forbartha Tuaithe agus le Norbert Lins (DE/PPE), Cathaoirleach Choiste AGRI Pharlaimint na hEorpa.

Sásra Aontais neartaithe um Chosaint Shibhialta, dréachtaithe ag Alberto Cirio (IT/PPE), Uachtarán Réigiún Piedmont: “tá an phaindéim seo tar éis a rian a fhágáil ar an tslí ina gcaithimid an saol agus, ach oiread le haon imeacht míchuibheasach eile, tá aird tarraingthe aici ní hamháin ar bhuanna agus laigí na gcóras sláinte atá againn ach ar a mhéid is acmhainn dúinn aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí ar mhórscála. Dá bhrí sin, tá géarghá le neartú na n-acmhainneachtaí comhordúcháin atá beartaithe leis an modhnú atá molta ar an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, ní hamháin chun idirghabháil a dhéanamh go pras agus go héifeachtach nuair a bheidh géarchéim ar siúl, ach níos mó fós chun éifeachtaí géarchéime a mhaolú gan mhoill. Tá an tuairim seo ó Choiste na Réigiún, ar ábhar mórtais dom a bheith i mo rapóirtéir uirthi, ag luí go mór leis an aidhm sin, mar atá, an ionstraim seo a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos freagrúla do riachtanais na hEorpa, ag tosú le feabhas a chur ar acmhainneacht na gcríoch agus na bpobal áitiúil ina bhfuil sí i bhfeidhm," a dúirt an tUasal Cirio go láidir. Glacfar an tuairim ag an gcéad seisiún iomlánach eile de Choiste na Réigiún, i mí Dheireadh Fómhair 2020.

Roinn na comhaltaí a ndearcadh le chéile faoin tuairim maidir le “Agrai-éiceolaíocht", a dhréachtóidh Guillaume Cros (FR/GLASAIGH), Leas-Uachtarán Chomhairle Réigiúnach Occitanie. Tá an cur chuige agrai-éiceolaíoch ábhartha maidir leis an bhfreagairt ar na dúshláin a bhaineann leis an bpaindéim: laghdaíonn sé lorg carbóin na talmhaíochta, tacaíonn sé leis an mbithéagsúlacht nádúrtha agus talmhaíochta a athbhunú, coinníonn nó athshlánaíonn sé torthúlacht na hithreach, agus méadaíonn sé athléimneacht eacnamaíoch na bhfeirmeacha sin atá i mbéal forbartha, go háirithe trí shlabhraí soláthair gairide a spreagadh.

Cheap coimisiún NAT Joke Schauvliege (BE/PPE), Comhalta den Pharlaimint Phléimeannach, mar rapóirtéir thar a cheann ar “Taithí agus ceachtanna a foghlaimíodh sna réigiúin agus cathracha le linn ghéarchéim COVID-19" agus Paula Fernández Viaña (ES/RenewEurope), Comhalta de Rialtas Cantabria, a bheidh ina rapóirtéir ar "Cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh – Plean gníomhaíochta maidir leis an Atlantach 2.0".

Beidh éifeachtaí COVID-19 ar réigiúin an Aontais Eorpaigh agus na dúshláin atá roimh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dá thoradh sin ina ábhar plé ag an gcéad Bharaiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil, a chuirfidh Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus Gobharnóir na Macadóine Láir, i láthair le linn óráid ag seisiún iomlánach CnaR an 12 Deireadh Fómhair. Baintear leas le haghaidh an Bharaiméadair seo as staidéir a coimisiúnaíodh go speisialta ina chomhair agus as taighde eile chun mionmheasúnú a dhéanamh ar an ngéarchéim agus ar roinnt de na saincheisteanna móra polaitiúla agus beartais a d'eascair aisti.

Doiciméid chruinnithe

Cliceáil anseo chun clárú le Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 2020.

Teagmháil:
Wioletta Wojewodzka
Tel. +32 (0)2 282 2289
Mobile: +32 (0)473 843 986
​wioletta.wojewodzka@cor.europa.eu

Roinn :