Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ceannairí réigiúnacha agus áitiúla: ní mór athmhacnamh a dhéanamh ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh chun freagairt níos fearr don phaindéim  

Milliún polaiteoirí tofa réigiúnacha agus áitiúla le bheith lánpháirteach i bpróiseas chun freagraí a fháil ar na hábhair is imní do dhaoine

An 11 Meán Fómhair, rinne comhaltaí an Bhiúró* de Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) díospóireacht faoi thionchar ghéarchéim COVID-19 ar shráidbhailte, ar chathracha agus ar réigiúin agus faoin ngá atá le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú. Ghlac Céad-Aire Réigiún na Réine Thuaidh-Viostfáile, Armin Laschet, agus an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, páirt san imeacht ar líne freisin.

D’áitigh na rannpháirtithe go bhfuil ceisteanna tagtha chun cinn de bharr phaindéim COVID-19, ní hamháin maidir le hathléimneacht an Aontais, ach freisin maidir le héifeachtacht inniúlachtaí agus nósanna imeachta cinnteoireachta an Aontais chun freagairt do ghéarchéimeanna móra. Ba iad na méaraí, uachtaráin na réigiún agus na comhairleoirí a chosain an Eoraip le linn na paindéime agus beidh siad ina ngníomhaithe ríthábhachtacha chun pleananna téarnaimh AE agus náisiúnta a chur chun feidhme. Deis thráthúil atá sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa** atá ar na bacáin chun plé a dhéanamh le chéile ar na saincheisteanna sin, áit a mbeidh ionchur na n-údarás réigiúnach agus áitiúil riachtanach chun ionchais na saoránach a shásamh.

“Le linn an dara ráig den phaindéim, tá na rialtais láir agus an tAontas ag brath arís ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun seirbhísí a sholáthar, beatha daoine a chosaint agus poist a shábháil. Idir bhainistiú a dhéanamh ar an bhfilleadh ar scoil agus dul i ngleic leis an mbrú atá ar sheirbhísí sláinte, idir phoist a chosaint agus tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), is iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla an chéad líne chosanta le linn na paindéime tragóidí sin” a dúirt Uachtarán CnaR, Apostolos Tzitzikostas. Dúirt sé freisin: “Ní haon réiteach é na teorainneacha a dhúnadh. Ní mór sásraí nithiúla le haghaidh comhar réigiúnach trasteorann maidir le sláinte agus seirbhísí poiblí eile a áireamh i bhfreagairt na hEorpa. Más mian linn gníomhú go héifeachtach ar son ár bpobal agus ár ngnólachtaí, ní mór dúinn bacainní maorlathacha idir dreamanna éagsúla nó ró-lárú a sheachaint agus tuilleadh comhordaithe uile-Eorpaigh a spreagadh. Ócáid mhaith í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun feabhas a chur ar fheidhmiú dhaonlathas an Aontais Eorpaigh. Tá an Coiste réidh chun dul i gcomhar le Länder na Gearmáine chun guth an mhilliúin ionadaithe tofa áitiúla agus réigiúnacha atá san Aontas Eorpach a chloisteáil. Is mithid anois a chinntiú, i dteannta na n-údarás náisiúnta agus údaráis an Aontais, go n-aithnítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla faoi dheireadh mar cheann de na trí ghné atá i dTeach Eorpach an Daonlathais.”

“Chun an coróinvíreas a chomhrac agus chun an todhchaí a mhúnlú tar éis na géarchéime, ní mór dúinn oibriú as lámh a chéile san Eoraip ar gach leibhéal. Tá ról lárnach ag na réigiúin sa mhéid sin. Ní mór dúinn teacht ar réitigh Eorpacha a mbeifear freagrach astu ar an leibhéal réigiúnach. Díreach mar a thrasnaíonn an víreas teorainneacha, ní mór dúinn gníomhú thar theorainneacha freisin chun dul i ngleic leis an víreas” , a dúirt Armin Laschet, Céad-Aire Réigiún na Réine Thuaidh-Viostfáile.

Chuir na rannpháirtithe in iúl go láidir gur chuir an phaindéim brú, brú atá ann fós, ar gach leibhéal rialtais oibriú as lámh a chéile agus gníomhú go héifeachtúil. Is iad an choimhdeacht – an leibhéal is fearr rialtais a aithint chun beartais an Aontais Eorpaigh a cheapadh agus a chur chun feidhme – agus an chomhréireacht – an tionchar airgeadais agus riaracháin a chur san áireamh – an dá cholún atá i gClár Oibre an Choimisiúin Eorpaigh um Rialáil Níos Fearr . Baintear úsáid as an dá cholún sin chun borradh a chur faoin oscailteacht agus faoin trédhearcacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus chun feabhas a chur ar cháilíocht dhlíthe nua an Aontais.

“Cheana féin roimh an bpaindéim, rinne Coimisiún von der Leyen athnuachan ar a thiomantas don Rialáil Níos Fearr agus ar an ngá leanúnach le beartais a cheapadh ar bhonn fianaise. Anois, i ndomhan atá athraithe, tá sé níos tábhachtaí ná riamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach don Choimisiún deiseanna a chur ar fáil do dhaoine chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartas, i ndeimhneacht dhlíthiúil agus in ardchaighdeáin cosanta do dhaoine agus do ghnólachtaí araon. Níl aon leibhéal amháin ann ar ar féidir sin a bhaint amach. Ina ionad sin, ní mór do ghníomhaithe áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha a gcuid iarrachtaí a chur le chéile. Ar an gcaoi sin is féidir linn a chinntiú, ní hé amháin go dtiocfaimid as an ngéarchéim, ach go léimfimid ar aghaidh, chun Eoraip atá glas, digiteach agus cothrom a thógáil. Chuige sin, is mór agam rannchuidiú Choiste na Réigiún leis an gclár oibre maidir le Rialáil Níos Fearr, go háirithe trí Mhoil Réigiúnacha a chruthú agus tríd an tacaíocht a thug sé maidir le comhairliúcháin agus meastóireachtaí roghnaithe” , arsa Maroš Šefčovič , Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, le linn físráitis.

Le linn na díospóireachta, chuir comhaltaí den Bhiúró i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach aiseolas teicniúil a sholáthar go luath maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach chun go n-éireoidh leis, go háirithe le linn phaindéim COVID-19. In 2018, sheol Coiste Eorpach an Réigiún líonra RegHub chun sonraí áitiúla agus réigiúnacha maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais a bhailiú trí chomhairliúcháin spriocdhírithe. Tá sé in ann ionchur fóinteach a thabhairt d’athbhreithnithe agus do mheastóireachtaí ar bheartais an Aontais mar fhreagairt do COVID-19.

Cúlra:

*Is é Biúró CnaR atá i gceannas ar chlár oibre polaitiúil an chomhthionóil a ullmhú. Bíonn beirt chomhaltaí nó triúr comhaltaí ó gach Ballstát ar Bhiúró Choiste Eorpach na Réigiún. Go traidisiúnta, tagann an Biúró le chéile gach seimeastar sa tír a bhfuil Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici. Bhí sé beartaithe cruinniú an Bhiúró a thionól in Dusseldorf ach tionóladh é ar líne mar gheall ar an méadú a tháinig ar líon na gcásanna COVID-19 le déanaí ar fud na hEorpa.

**Táthar ag súil go neartóidh an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa rannpháirtíocht na saoránach i ndaonlathas an Aontais tar éis na dtoghchán agus go gcinnteofar go dtabharfar éisteacht níos fearr dá nguth agus go ndéanfar beart dá réir. Bhí sé beartaithe tús a chur leis an gComhdháil an 9 Bealtaine 2020, Lá na hEorpa, agus go mbeadh sí ar siúl ar feadh dhá bhliain ach cuireadh moill ar na pleananna de dheasca ghéarchéim COVID-19. Tá gealltanas tugtha ag Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach an Chomhdháil a sheoladh a luaithe is féidir.

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)2 282 2366

Fón póca +32 (0)494 735787

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/YOUNG-ELECTED-POLITICIAN-PROGRAMME-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REGIONAL-AND-LOCAL-LEADERS-RETHINK-EU-DECISION-MAKING-TO-BETTER-RESPOND-TO-THE-PANDEMIC.ASPX

Young people entrusted with the responsibilities of elected office in Europe's cities and regions deserve a voice in the policy making process as key players in building European democracy
Young people entrusted with the responsibilities of elected office in Europe's cities and regions deserve a voice in the policy making process as key players in building European democracy
31.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/A-MORE-RESILIENT-INCLUSIVE-AND-DEMOCRATIC-EUROPE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REGIONAL-AND-LOCAL-LEADERS-RETHINK-EU-DECISION-MAKING-TO-BETTER-RESPOND-TO-THE-PANDEMIC.ASPX

A more resilient, more inclusive and more democratic Europe at the centre of a debate with Oliver Röpke, President of the European Economic and Social Committee
A more resilient, more inclusive and more democratic Europe at the centre of a debate with Oliver Röpke, President of the European Economic and Social Committee
26.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ZELENSKYY-PLENARY-MAY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REGIONAL-AND-LOCAL-LEADERS-RETHINK-EU-DECISION-MAKING-TO-BETTER-RESPOND-TO-THE-PANDEMIC.ASPX

President Zelenskyy to EU's cities and regions: "Thank you for your support!"
President Zelenskyy to EU's cities and regions: "Thank you for your support!"
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-POLICIES-FOR-SUSTAINABLE-FOOD-SYSTEMS.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REGIONAL-AND-LOCAL-LEADERS-RETHINK-EU-DECISION-MAKING-TO-BETTER-RESPOND-TO-THE-PANDEMIC.ASPX

Local and regional leaders want a stronger role and more coherence in EU policies for sustainable food systems
Local and regional leaders want a stronger role and more coherence in EU policies for sustainable food systems
25.05.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EU-LONG-TERM-BUDGET-MUST-BE-IMPROVED-TO-TACKLE-CURRENT-AND-FUTURE-CHALLENGES-AND-PROMOTE-COHESION.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/REGIONAL-AND-LOCAL-LEADERS-RETHINK-EU-DECISION-MAKING-TO-BETTER-RESPOND-TO-THE-PANDEMIC.ASPX

EU long-term budget must be improved to tackle current and future challenges and promote cohesion
EU long-term budget must be improved to tackle current and future challenges and promote cohesion
25.05.2023