Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach: roghnaíodh 63 réigiún, 7 gcathair agus 4 Bhallstát i gcomhair Treoirthionscadail  

Inniu d'fhógair an Coimisiún na 63 réigiún, seacht gcathair agus na ceithre Bhallstát a roghnaíodh sa treoirthionscadal i gcomhair Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach, tionscnamh a forbraíodh i gcomhar le Coiste na Réigiún. Bainfear úsáid as mar chuid den Chlár Oibre Nuálaíochta ar son na hEorpa, clár nua lena mbrúitear chun cinn an claochlú le haghaidh inbhuanaitheachta, agus lena nasctar straitéisí áitiúla le tionscnaimh ar leibhéal na hEorpa.

Tá saoirse ag rannpháirtithe sa treoirthionscadal dea-chleachtais a chomhroinnt agus uirlisí a fhorbairt agus a thástáil go comhpháirteach chun foinsí iomadúla maoinithe agus beartas a shlógadh, agus cláir réigiúnacha agus náisiúnta a nascadh le tionscnaimh an Aontais ar son an chlaochlaithe ghlais agus an chlaochlaithe dhigitigh.

Seo mar a labhair an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, Mariya Gabriel: “Ní féidir geilleagair níos láidre agus níos glaine, agus sochaithe níos cothroime, a thógáil ach amháin ach má bhíonn an nuálaíocht ag croílár chlár oibre beartais an Aontais. Ní mór dúinn an nuálaíocht a bheith ann i ngach réigiún agus i ngach tír, iad nasctha lena chéile, má táimid ag iarraidh go n-éireoidh linn sa chlaochlú glas agus sa chlaochlú digiteach. Cuireann na Comhpháirtíochtaí seo ar ár gcumas naisc a chruthú chun sineirgí infheistíochta agus réitigh nuálacha a éascú. Táim ag súil leis na smaointe agus na cineálacha cur chuige nuálacha a mhúnlófar leo a fheiceáil."

Is é a dúirt an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin, Elisa Ferreira: “Is comhábhair ríthábhachtacha iad an comhar agus an nuálaíocht chun rathúnas a bhaint amach. In éineacht leis an speisialú cliste, tabharfaidh siad forbairt inbhuanaithe athléimneach chomh fada le réigiúin an Aontais. Bhí mé sásta a fheiceáil go raibh an oiread sin spéise sa ghlao, rud a léiríonn go bhfuil an fonn ann sna réigiúin agus sna Ballstáit éiceachórais nuálaíochta a fhorbairt. Tá mé ag súil go mór le torthaí an tionscadail a fheiceáil, agus tá mé cinnte go mbeidh eiseamláirí uathu i gcomhair tionscnaimh a bheidh ann amach anseo."

Seo mar a labhair Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Apostolos Tzitzikostas: "XXX."

Mheall an glao ionadaíocht leathan ar éiceachóras nuálaíochta an Aontais, ina measc Ballstáit cosúil leis an tSlóvaic a bheidh ag glacadh páirt ar an leibhéal náisiúnta agus raon leathan de réigiúin an Aontais, an Andalúis, na hAsóir, Hauts-de-France, Ostrobothnia, Podkarpackie, an Mhuir Aeigéach Thuaidh agus Emilia Romagna cuir i gcás, agus go leor eile. Spreag an glao próiseas comhair agus líonraithe ón mbun aníos freisin, lenar tugadh le chéile cheana féin go leor de na rannpháirtithe mar chuid de líonraí ilréigiúin. Orthu sin tá, mar shampla, réigiún Mhuir Bhailt, an sásra Bithréigiún agus Cuibhreannas méadaithe Cathracha 4.0 (Leuven, Bologna Turku) a mbeidh baint ag Eindhoven (NL), Espoo (FI) agus Cluj-Napoca (RO) leis freisin.

Lámhleabhar na gComhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach

Na rannpháirtithe sa treoirthionscadal, déanfaidh siad a meas ar na Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach nua bunaithe ar 'Lámhleabhar na gComhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach', doiciméad treoraíochta tosaigh a d'fhoilsigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde inniu. Tá raon leathan uirlisí agus sásraí rialachais sa Lámhleabhar chun feabhas a chur ar chomhordú na mbeartas nuálaíochta réigiúnach, náisiúnta agus Aontais agus chun claochlú glas agus claochlú digiteach na hEorpa a chur chun feidhme agus chun dul i ngleic leis an deighilt nuálaíochta san Aontas.  Gné lárnach den chur chuige atá beartaithe is ea misin áitiúla a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí a chomhordú faoi loighic chomhleanúnach ó thaobh treo de, rud a fhágfaidh gur féidir scrúdú a dhéanamh ar mheascáin leathana beartais le haghaidh nuálaíocht ar leibhéal an chórais.

Le linn an Treoirthionscadail, déanfaidh na rannpháirtithe na huirlisí beartais sin a thástáil agus cruthóidh siad treoraíocht oibríochtúil go comhpháirteach san am céanna. Leis an Lámhleabhar agus an Treoirthionscadal cuirfear dea-chleachtais chun cinn freisin, éascófar an fhoghlaim trí thástáil a dhéanamh agus tabharfar tacaíocht chun an acmhainneacht cheart a bheith ann laistigh de riaracháin phoiblí agus san éiceachóras níos leithne araon.

Cúlra

Is sa Chlár Oibre Nuálaíochta ar son na hEorpa nua atá ar na bacáin atá na Comhpháirtíochtaí fréamhaithe chun cabhrú le tionscnaimh agus le hinfheistíocht a chomhtháthú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Is iarracht atá ann atá spriocdhírithe chun éiceachórais nuálaíochta a fheabhsú mar aon réimse ríthábhachtach amháin chun feidhmíocht nuálaíochta na hEorpa a fheabhsú. Is é an príomhchuspóir atá ann idirnascadh na n-éiceachóras nuálaíochta réigiúnach agus áitiúil a neartú agus slabhraí luacha inbhuanaithe Eorpacha agus earnálacha domhainteicneolaíochta a threisiú.

Is cur chuige comhlántach atá i gceist leis na Comhpháirtíochtaí, agus iad ag tógáil ar an taithí dhearfach a fuarthas leis na straitéisí um Speisialú Cliste. Is cur chuige bunaithe ar áiteanna é an Speisialú Cliste a eascraíonn as beartas comhtháthaithe an Aontais, agus é d'aidhm aige réimsí straitéiseacha ina bhféadfaí idirghabháil a dhéanamh a shainaithint bunaithe ar dhá rud: anailís ar láidreachtaí agus ar phoitéinseal an gheilleagair agus Próiseas Fionnachtana Fiontraíochta a bhfuil go leor páirtithe leasmhara rannpháirteach ann. Is dírithe ar an nuálaíocht a bhíonn an speisialú cliste agus bíonn ról tábhachtach aige maidir le tacaíocht a thabhairt don taighde agus nuálaíocht chun forbairt inbhuanaithe athléimneach ar réigiúin uile na hEorpa a chinntiú.

Beidh na críocha a roghnaíodh rannpháirteach ar bhonn aonair nó mar chuid de shé líonra éagsúla de réigiúin agus de chathracha an Aontais. San iomlán, tá ionadaíocht ag 23 Bhallstát i measc na rannpháirtithe sa treoirthionscadal. Bhí an glao ar léiriú spéise ar oscailt idir mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2022.

Tuilleadh eolais

Comhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach – An tArdán um Speisialú Cliste

Suíomh gréasáin SEDEC Choiste Eorpach na Réigiún 

Lámhleabhar na gComhpháirtíochtaí le haghaidh Nuálaíocht Réigiúnach

Léarscáileanna de na rannpháirtithe sa ghlao


Roinn :