Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Todhchaí na hEorpa: tá ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ag tacú leis an achainí go mbunófaí Coinbhinsiún chun Conarthaí an Aontais Eorpaigh a athbhreithniú  

Ach athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí, ba cheart go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh chun go mbeidh Aontas Eorpach níos daonlathaí ann atá níos gaire dá shaoránaigh.

Ghlac ceannairí áitiúla agus réigiúnacha rún maidir le torthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus maidir leis an obair a leanfaidh í ag an seisiún iomlánach a bhí acu. Tá siad á iarraidh go ndéanfaí obair leantach ar na moltaí a rinneadh sa tuarascáil agus go gcuirfí chun feidhme iad go pras chun freagairt ar ionchais na saoránach. Measann siad freisin go bhfuil gá le hathbhreithniú ar na Conarthaí d’fhonn is go ndéanfaí athchóiriú uaillmhianach ar fheidhmiú an Aontais agus é mar aidhm aige sin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach romhainn. Ba cheart páirt a thabhairt do chomhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) i gCoinbhinsiún eile a bheidh ann amach anseo chun ionadaíocht a dhéanamh ar bharúlacha an aon mhilliún polaiteoir a thoghtar go réigiúnach agus go háitiúil san Eoraip, sin agus chun cur leis na gnéithe áitiúla agus réigiúnacha i mbeartais an Aontais chomh maith.

Tar éis bliain de dhíospóireachtaí, tháinig deireadh leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 in Strasbourg. Fuair Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán an Choimisiúin agus Uachtarán na Comhairle tuarascáil chríochnaitheach ó chomhchathaoirligh na Comhdhála ina raibh 49 dtogra fhadréimseacha, uaillmhianacha agus réamhbhreathnaitheacha agus ina sonraíodh os cionn 300 beart. Ó shin i leith, tá institiúidí an Aontais ag féachaint ar an gcaoi le hobair leantach a dhéanamh ar na moltaí sin. Cé go bhfuil an Coimisiún Eorpach faoi réir chun oibriú laistigh de shainchúram Chonarthaí an Aontais agus chun tacú le hathruithe ar na Conarthaí de réir mar is gá, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach sna conclúidí a d’eisigh sí le déanaí go ‘[n-á]iritheoidh na hinstitiúidí go ndéanfaidh siad obair leantach éifeachtach ar an tuarascáil seo, (...) i gcomhréir leis na Conarthaí’.Ag an 150ú seisiún iomlánach dá chuid, ghlac CnaR céim chun cinn san obair leantach, mar a rinne Parlaimint na hEorpa le déanaí, is é sin gur ghlac sé rún lena dtacaítear leis an achainí go mbunófaí Coinbhinsiún chun athbhreithniú a dhéanamh ar Chonarthaí an Aontais Eorpaigh ar mhaithe leis na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun feidhme, go háirithe na moltaí siúd a bhaineann le ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach.

BhíKieran Mc Carthy (IE/EA), Ball de Chomhairle Cathrach Chorcaí, Uachtarán na Comhghuaillíochta Eorpaí i gCoiste Eorpach na Réigiún, ina thoscaire d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ag seisiún iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa: "Dhein an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa athrú mór ar an slí a ndéanann institiúidí an Aontais Eorpach comhairliúcháin le saoránaigh. Tá sé tábhachtach go dtuigimid nach bhfuilimid ach ag tús an phróisis, ní ag deireadh an phróisis ceangal leo siúd sna réigiúin. Tá gá anois níos mó ná riamh le idirphlé leanúnach, struchtúrtha agus institiúidithe leis na saoránaigh ionas go mbraithfidís i ndáiríre go bhfuil guth acu i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartais an Aontais".

Bhí Uachtarán nua CnaR, Vasco Alves Cordeiro (PT/PSE), ina chomhalta den mheitheal um an daonlathas Eorpach ag seisiún iomlánach na Comhdhála.Seo an méid a bhí le rá aige ina thaobh: ‘Tá trí cheacht le foghlaim ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Is gá na saoránaigh a spreagadh chun bheith níos rannpháirtí, an ról gníomhach atá acu a chumhachtú agus a chinntiú go bhfuil cuntasacht ann, maille le hobair leantach dháiríre, chun a léiriú do na saoránaigh na hathruithe nithiúla atá á ndéanamh agus go bhfuil cluas éisteachta á tabhairt dá gcuid achainíocha. Ba cheannródaithe i gcónaí iad na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla sa réimse seo agus tá siad tiomanta fós do bheith mar chuid den díospóireacht ar thodhchaí na hEorpa. Níl faitíos orainn clár oibre uaillmhianach a éileamh le hathruithe a dhéanamh ar na Conarthaí agus táimid ullamh le bheith lánpháirteach sa phróiseas lena mbaineann. San am céanna, táimid chun luí isteach ar an obair chun na hathruithe nithiúla a d’iarr na saoránaigh le linn na Comhdhála a chur i gcrích.

Ba é Apostolos Tzitzikostas (EL/PPE), an Chéad-Leas-Uachtarán ar CnaR agus iar-Uachtarán CnaR, a bhí i gceannas ar thoscaireacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ag seisiún iomlánach na Comhdhála.Bhí an méid seo a leanas le rá aige ina leith: Tá sé de dhualgas orainn anois na 49 moladh ón gComhdháil a chur i gcrích i gcomhpháirt le chéile chun Eoraip níos éifeachtúla agus níos glaise a chothú. Tá na ceannairí réigiúnacha agus áitiúla réidh chun é a ghlacadh orthu féin feabhas a chur ar shaol ár saoránach agus níor cheart do cheannairí agus státseirbhísigh na hEorpa ligean i ndearmad choíche nach dtacóidh an leibhéal rialtais is mó a bhfuil muinín ag na daoine as, mar atá na réigiúin, na cathracha agus na sráidbhailte, riamh le hEoraip atá i bhfad i gcéin agus a ghlacann cur chuige ón mbun aníos: Is mithid ainm nua a thabhairt ar an gCoiste seo, ainm a léiríonn an sainordú polaitiúil agus na hinniúlachtaí dlíthiúla atá aige: Tionól Eorpach na Réigiún agus na mBardas’.

Ghlac Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa Guy Verhofstadt (BE/Renew Europe), duine de na trí chomhchathaoirleach ar an gComhdháil, páirt sa díospóireacht le comhaltaí CnaR le linn an tseisiúin iomlánaigh. Seo mar a labhair sé: D’oibrigh CnaR agus Parlaimint na hEorpa i gcomhar le chéile le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Ní mór leanúint den chomhar sin agus muid i mbun obair leantach. Ní féidir linn a bheith ag roghnú mar is áil linn; is gá na conclúidí ar fad a chur chun feidhme go comhsheasmhach agus b’fhiú go mór tosú leis na cinn is deacra, eadhon na cinn a mbeidh athruithe ar na Conarthaí ag teastáil ina leith chun Eoraip níos follasaí, níos éifeachtaí agus níos daonlathaí a chothú.’

Is iad seo a leanas príomhghnéithe eile den rún ó CnaR:

Go dtacófaí le tograí ón gComhdháil arb é is aidhm dóibh an daonlathas ionadaíoch a chomhlánú trí chur le rannpháirtíocht na saoránach i ndaonlathas na hEorpa ar gach uile leibhéal. Ach buansásra áitbhunaithe a bheith ann i leith idirphlé leis na saoránaigh, arna thacú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’fhéadfaí cumarsáid sa dá bhealach agus idirghníomhú fóinteach idir na saoránaigh agus institiúidí an Aontais a chinntiú agus tuiscint níos fearr a chothú ar an tionchar atá ag beartais AE ar an leibhéal áitiúil agus an leibhéal réigiúnach fud fad an Aontais. Tá idirphlé struchtúrtha leis na saoránaigh á eagrú ag CnaR i bpáirt le Fondúireacht Bertelsmann le dhá bhliain anuas. Agus ciall cheannaithe aige uaidh siúd, is eol dó cad é an dóigh is fearr chun an chéad ghlúin eile den idirphlé leis na saoránaigh a chur chun feidhme (nasc chuig na conclúidí ón ócáid a tionóladh an 27 Meitheamh);

Go mbeadh sineirgí idirinstitiúideacha níos fearr ann chun ról níos mó a thabhairt do CnaR in obair an Choimisiúin Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh i ngeall ar a chumas eolas maith agus tuiscint níos fearr a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an tAontas ar an láthair;

Go dtacófaí leis an togra ón gComhdháil go bhfuil coimhdeacht ghníomhach agus rialachas il-leibhéil ina bprionsabail lárnacha agus ina ngnéithe bunúsacha d’fheidhmiú an Aontais agus don chuntasacht dhaonlathach agus leis an achainí úsáid chórasach a bhaint as sainmhíniú coimhdeachta arna chomhaontú go comhchoiteann ag institiúidí uile an Aontais chun a shoiléiriú ar cén leibhéal a gcaithfear cinntí a dhéanamh: ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil. Leis na tograí sin, ba cheart go gcuideofaí lena shoiléiriú nach é atá i gceist leis an gcoimhdeacht cosc a chur ar bheart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach, ach an leibhéal rialtais ar cheart ról ceannasach a bheith aige maidir le reachtaíocht éifeachtúil a shainaithint;

Go dtacófaí leis an togra ón gComhdháil maidir le líonra de Chomhairleoirí áitiúla um Ghnóthaí AE a chruthú mar bhealach chun institiúidí an Aontais a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. Go deimhin, sheol CnaR Líonra de Chomhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla um Ghnóthaí AE cheana féin i mí na Bealtaine 2021 agus cuirfidh sé le sineirgí a fhorbairt leis an gCoimisiún Eorpach, a sheol an tionscadal An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla an tseachtain seo caite;

- ​Go dtacófaí leis an togra ón gComhdháil maidir le hainmneacha institiúidí an Aontais a athrú chun a bhfeidhmeanna agus a ról faoi seach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais a shoiléiriú do na saoránaigh. Chuige sin, tá sé á mholadh ag CnaR go n-athrófaí a ainm féin d’fhonn freagrachtaí polaitiúla agus dlíthiúla a chomhaltaí a léiriú ar bhealach níos fearr, mar aon leis an ról atá aige mar thionól Eorpach na réigiún agus na mbardas.

Teagmháil:

Marie-Pierre Jouglain

Tel. +32 473 52 41 15

mariepierre.jouglain@cor.europa.eu

Roinn: