I gcás na Ríochta Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh is é an aidhm ba
cheart dóibh a chur rompu "comhaontú uaillmhianach" a thabhairt i
gcrích a éascóidh "comhpháirtíocht dháiríre agus leanúnach" eatarthu
tar éis don Ríocht Aontaithe scor de bheith ina Ballstát den Aontas –
sin é a dúirt toscaireacht ó Choiste Eorpach na Réigiún le polaiteoirí
ó Thuaisceart Éireann an 23 Bealtaine le linn cruinniú a bhí dírithe ar
na himpleachtaí a bheidh ag Brexit ar an bpróiseas síochána, ar chúrsaí
gnó agus ar an gcomhar trasteorann ar oileán na hÉireann.
Le linn an chruinnithe a bhí acu le Cumann Rialtais Áitiúil Thuaisceart
Éireann (NILGA), chuir an tUachtarán agus ionadaithe ó na cúig ghrúpa
pholaitiúla in iúl go tréan gur mhór ba chás le cathracha agus le réigiúin
an Aontais an tsíocháin a choimeád agus an trádáil rianúil a chinntiú ar
oileán na hÉireann. I gcás na dtosaíochtaí eile atá ann i dtaca le
caidreamh an Aontais Eorpaigh leis an Ríocht Aontaithe, d’áitigh siad gur
cheart leanúint den chomhar atá ann cheana féin i réimsí an taighde, na
nuálaíochta, an oideachais, an chultúir agus na slándála. Lá i ndiaidh do
thoscaireacht an Choiste bualadh leis an gcomhchoiste um ghnóthaí an
Aontais Eorpaigh agus le Helen McEntee, Aire Gnóthaí
Eorpacha na hÉireann, i mBaile Átha Cliath is ea a tugadh an chuairt seo ar
an Iúr, agus mar chuid di sin reáchtáladh cruinniú le lucht gnó áitiúil.
Seo a leanas a raibh le rá ag
Karl-Heinz Lambertz
, Uachtarán Choiste na Réigiún, ina thaobh: "I dtaca le Brexit beidh gach
aon taobh thíos leis agus is ag iarraidh srian a chur leis an díobháil a
thiocfaidh as atáimid anois. Thar aon rud eile, fágann sin nach mór a
chinntiú nach gcuirfidh pé socrú a dhéanfar an próiseas síochána i
dTuaisceart Éireann i mbaol. Ba é an chloch ba mhó riamh anall ar phaidrín
rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais ná tacú leis an tsíocháin. Tá
gá le teorainn atá trédhearcach. Rud eile atá de dhíth ná socrú a
fhéachfaidh leis an dlúthchomhar atá ar siúl le blianta fada a chosaint go
fadtéarmach in ionad é a chur ó rath. Is mian linn go gcuirfí tacaíocht AE
ar fáil do réigiúin, pobail, feirmeoirí, iascairí agus gnólachtaí beaga i
bPoblacht na hÉireann ionas go mbeidh ar a gcumas déileáil le Brexit. Ba
chuidiú é sin do Thuaisceart Éireann freisin mar go gcuirfeadh sé srian
leis an díobháil lastall den teorainn."
Is é a dúirt Seán McPeake, Leasuachtarán NILGA: "ar an ábhar nach ann do
Thionól agus Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus go bhfágann sin sinn gan
guth glé againn i bParlaimint Westminster ná i measc fhoireann
idirbheartaíochta shocrú Brexit, is tábhachtaí ná riamh an plé a bhíonn
againn lenár gcomhpháirtithe Eorpacha. Maidir leis an réimse leathan
seirbhísí sibhialta is gá a sholáthar abhus, is iad comhairlí Thuaisceart
Éireann atá i mbun agus i mbarr na hoibre sin anois, agus fúinne atá sé
athruithe reachtacha agus rialála a réamh-mheas agus, anuas air sin, fúinne
atá sé iad a mhúnlú go luath nuair a bheidh siad á gceapadh. Ní ceart gur
mar athsmaoineamh a chaithfí le rialtas áitiúil Thuaisceart Éireann, agus
iad ag dul i ngleic, tar éis an bhirt, lena bhfuil déanta ag daoine eile,
nó nach bhfuil déanta acu, i dtaca le Brexit agus na chéad chéimeanna eile
is gá a thabhairt."
Scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith ina Ballstát den Aontas an 29 Márta
2019. Na socruithe idirthréimhseacha atá dírithe ar tharraingt siar rianúil
a éascú, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu go dtí mí na Nollag 2020 i
gcás ina dtiocfar ar chomhréiteach faoin tarraingt siar. Tá sé ráite ag
rialtas na Ríochta Aontaithe go leagfaidh sé amach tograí le haghaidh
comhshocraíochtaí custaim amach anseo sula reáchtálfar cruinniú mullaigh
cheannairí an Aontais an 28 agus 29 Meitheamh. I mí na Nollag 2017,
d’aontaigh an Ríocht Aontaithe le ‘cúlstop’ lena leagtar amach, mura rud é
agus go dtí go dtiocfar ar réiteach eile, go leanfaidh Tuaisceart Éireann
de bheith go hiomlán i gcomhréir le rialacha an mhargaidh aonair agus an
aontais custaim, rud a chuideodh leis an gcomhar thuaidh-theas, le
geilleagar an oileáin uile agus le Comhaontú Aoine an Chéasta.
Nótaí do na heagarthóirí:
Ina "
rún maidir leis na himpleachtaí a bheidh ann d’údaráis
áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh i ngeall ar
tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas
", a ghlac an Coiste an 17 Bealtaine, leagtar béim ar an ngá atá
ann cláir PEACE agus Interreg a choinneáil ar bun sa Ríocht
Aontaithe. Go luath i mí na Bealtaine, mhol an Coimisiún Eorpach
buiséad fadtéarmach ina bhfuil foráil maidir le leanúint de
thacaíocht a thabhairt do chláir trasteorann a thacaíonn leis an
tsíocháin agus an athmhuintearas i dTuaisceart Éireann agus i
réigiún teorann na hÉireann.
Moltar i
rún
an 17 Bealtaine ón gCoiste go bhféadfadh rialtais áitiúla agus
réigiúnacha na Ríochta Aontaithe páirt a ghlacadh i gcláir chomhair
ar an gcaoi chéanna a nglacann a macasamhla san Iorua agus san
Íoslainn páirt iontu agus go bhféadfaí feidhm a bhaint as na sásraí
AE céanna atá i réim anois amhail
straitéisí macrairéigiúnacha
agus
grúpálacha Eorpacha um chomhar críche
d’fhonn comhar le cathracha agus réigiúin na Ríochta Aontaithe a
éascú. Luaitear ann freisin an chaoi ar "le leas" chathracha agus
réigiúin na 27 mBallstát go mbeadh ar chumas na Ríochta Aontaithe
páirt a ghlacadh i gcuid de na cláir – "go háirithe i réimsí an
oideachais, an chultúir, an taighde agus na nuálaíochta" – agus
comhoibriú le gníomhaireachtaí gaolmhara AE agus gur lena leas
"dlúthchaidreamh i réimsí na slándála, teorainneacha agus
bainistithe imirce a chothú". Díríodh aird faoi leith sa rún ar
roinnt réigiún, go sonrach Giobráltar agus na réigiún AE "is
forimeallaí", a mb’fhéidir gur gá sainbhearta a dhéanamh ina
gcomhair i ngeall ar a "mórspleáchas" ar gheilleagar na Breataine
agus moladh go láidir don Aontas "tús áite a thabhairt do nascacht
daoine agus earraí" agus leagadh béim "go háirithe ar an ról
mórthábhachtach atá ag calafoirt, aerfoirt agus gréasáin bóithre
agus iarnóid chun an nascacht sin a chinntiú".
I rún an 17 Bealtaine 2018 ón gCoiste déantar seasamh tosaigh a
glacadh i
mí an Mhárta 2017
a fhorbairt. I rún 2017 d’áitigh an Coiste "nár cheart gurbh fhearr
aon chomhaontú idir tír nach Ballstát den Aontas é agus an tAontas
Eorpach ná ballraíocht san Aontas féin"; d’éiligh sé go ndéanfaí
"socruithe sealadacha d’fhonn an cur isteach a dhéanfaí ar
thionscadail sheanbhunaithe taighde agus forbartha a laghdú oiread
ab fhéidir", agus "go ndíreofaí aird faoi leith ar shocruithe
féideartha a mhaolódh na hiarmhairtí do na réigiúin agus na
húdaráis áitiúla uile lena mbaineann".
Le 14 mhí anuas, rinne an Coiste roinnt suirbhéanna ar a chuid
comhaltaí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhlachais
áitiúla tráchtála agus choimisiúnaigh sé staidéar faoi na
himpleachtaí a bheidh ag Brexit ar na geilleagair réigiúnacha. Ina
cheann sin, reáchtáil sé díospóireacht dhá uair an chloig an 30
Samhain agus tá comhairliúcháin pholaitiúla lena macasamhla curtha
ar bun aige i Sasana, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus i
dTuaisceart Éireann mar aon le pléití laistigh de na 27 mBallstáit.
Tá idirghrúpa curtha ar bun ag an gCoiste i gcomhair na réigiún is
mó a bheidh thíos le Brexit agus tá áitithe aige gurb é "an Coiste
féin is fearr atá in ann sásraí institúideacha a cheapadh agus a
chur chun feidhme d’fhonn comhairliúchán rialta agus plé rialta
leis an gcóras rialtais áitiúil agus le parlaimintí agus tionóil
chineachta sa Ríocht Aontaithe a chur chun cinn".
Ar na toscairí ó Choiste na Réigiún a thug cuairt ar Bhaile Átha
Cliath agus ar an Iúr bhí:
Karl-Heinz Lambertz
(BE/PES), Uachtarán Choiste na Réigiún;
Karl Vanlouwe
(BE/Comhghuaillíocht Eorpach), comhalta den Pharlaimint
Phléimeannach;
François Decoster
(FR/ALDE), Leas-Uachtarán Chomhairle Réigiúnach
Nord-Pas-de-Calais-Picardie, cathaoirleach ar idirghrúpa Brexit an
Choiste, agus ceann thoscaireacht náisiúnta na Fraince;
Michael Murphy
(IE/EPP), comhairleoir contae de chuid Thiobraid Árann agus ceann
thoscaireacht náisiúnta na hÉireann;
Adam Banaszak
(PL/ECR), Leas-Uachtarán Pharlaimint Réigiúnach Kujawsko-Pomorskie;
Peter Bossman
(SI/PES), méara Piran; agus
Stanisław Szwabski
, comhalta de Chomhairle Chathrach Gdynia.
Teagmháil:
Andrew Gardner
Teil. +32 473 843 981
andrew.gardner@cor.europa.eu