Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ag dul in oiriúint don athrú aeráide: tá sraith straitéisí nua ar líne anois do chathracha agus do réigiúin  

Tá an chéad Lámhleabhar maidir leis an gComhaontú Glas ina ndírítear ar an oiriúnú don athrú aeráide foilsithe ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR). Sraith straitéisí idirghníomhacha atá sa Lámhleabhar seo ina gcuirtear faisnéis ar fáil i dtaca le cabhair airgeadais agus ionstraimí teicniúla, rud a chabhróidh le bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chur in úsáid bunaithe ar limistéir gheografacha éagsúla agus ar shainiúlachtaí réigiúnacha éagsúla. Is é an cuspóir atá ann sraith uirlisí agus moltaí a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun go bhféadfar oiriúnú ar bhealach níos fearr don athrú aeráide, chun leochaileachtaí a íoslaghdú agus chun athléimneacht a chothú d’fhonn rioscaí tubaiste mar aon le caillteanas agus damáistí a laghdú.Tá lámhleabhar ar fáil do gach Ballstát den Aontas.

Sa Lámhleabhar nua um oiriúnú don athrú aeráide, ar leabhar cruthaitheach idirghníomhach é, tugtar treoir do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an gComhaontú Glas a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Cuirtear cúnamh ar fáil ann maidir leis na bearta is iomchuí le dul i ngleic le guaiseacha an athraithe aeráide agus tugtar treoir ann maidir le cás-staidéir, cabhair airgeadais agus cúnamh teicniúil a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide. Cé go ndírítear sa chéad eagrán seo ar oiriúnú don téamh domhanda, is ar an rabharta athchóiriúcháin agus ar an mbithéagsúlacht a dhíreofar sna lámhleabhair atá le teacht.

Tá an Lámhleabhar maidir le hoiriúnú don athrú aeráide mar chuid den fheachtas ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ de chuid Choiste na Réigiún, arb é is aidhm dó tacú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Ós rud é nach ann d’aon straitéis amháin a oireann do chách maidir le cur chun feidhme áitiúil agus réigiúnach an Chomhaontaithe Ghlais, tugtar treoir céim ar chéim sa Lámhleabhar seo agus é curtha in oiriúint do gach comhthéacs áitiúil (idir limistéir uirbeacha, thuaithe, shléibhtiúla agus chósta, agus limistéir eile nach iad).

Cliceáil anseo chun teacht ar shuíomh gréasáin an Lámhleabhair Cliceáil ar ainm an Bhallstáit thíos chun rochtain dhíreach a fháil ar leagan tírshonrach. I mBéarla amháin atá an Lámhleabhar ar fáil faoi láthair.

An Ostair / An Bheilg / An Bhulgáir / An Chróit / An Chipir / Poblacht na Seice / An Danmhairg / An Eastóin / An Fhionlainn / An Fhrainc / An Ghearmáin / An Ghréig / An Ungáir / Éire / An Iodáil / An Laitvia / An Liotuáin / Lucsamburg / Málta / An Ísiltír / An Pholainn/ An Phortaingéil / An Rómáin / An tSlóvaic / An tSlóivéin / An Spáinn / An tSualainn

Teagmháil: Rúnaíocht an Chomhaontaithe Ghlais ar an Leibhéal Áitiúil: greendeal@cor.europa.eu

Roinn :