Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil: glao ar dhea-chleachtas  

Tá glao ar dhea-chleachtais á sheoladh ag Coiste Eorpach na Réigiún dá chomhaltaí agus do pholaiteoirí tofa óga (YEPanna) chun macasamhlú tionscadal ísealcharbóin a bhailiú, a thaispeáint, a chur chun cinn agus a threisiú ar fud an Aontais Eorpaigh. An bhfuil do chathair nó do réigiún ina chrann taca don inbhuanaitheacht? An bhfuil tú bródúil as na tionscadail atá á gcur chun feidhme agat i do phobal atá nasctha le tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais? Má tá, is ortsa atá an glao seo dírithe, mar sin.

Is gníomhaithe don athrú iad cathracha agus réigiúin ar féidir leo ról lárnach a imirt ó thaobh an Comhaontú Glas a bhaint amach agus an tAontas a stiúradh níos gaire don aeráidneodracht. I gcomhthéacs COVID-19, is tábhachtaí anois ná riamh na sochair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann le tionscnaimh ísealcharbóin a léiriú.

Chun na críche sin, tá glao ar dhea-chleachtais á sheoladh ag Coiste Eorpach na Réigiún dá chomhaltaí agus do pholaiteoirí tofa óga (YEPanna) chun macasamhlú tionscadal ísealcharbóin a bhailiú, a thaispeáint, a chur chun cinn agus a threisiú ar fud an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh tionscadail áitiúla agus réigiúnacha le hardán a thaispeánfaidh conas mar atá tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais á mbaint amach cheana féin ag cathracha agus réigiúin agus ag cur le téarnamh glas chun sochaí níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos athléimní a bhaint amach.

Foilseofar tionscadail ar léarscáil idirghníomhach CnaR agus cuirfear chun cinn iad i dtreo institiúidí an Aontais, páirtithe leasmhara agus an phreasa, go háirithe le linn 18ú Seachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha a bheidh ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2020. Cuirfidh dea-chleachtais le tuarascáil ar an gComhaontú Glas freisin, tuarascáil a chuir Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh de chúram ar Choiste Eorpach na Réigiún a chur i gcrích sa dara leath de 2020.

I bhfianaise buiséad nua an Aontais Eorpaigh a bheith leagtha síos anois, ionstraim téarnaimh an Aontais Eorpaigh dar teideal ‘Next Generation EU’, ar fiú EUR 750 billiún í, agus pleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát atá romhainn amach, léireoidh Coiste Eorpach na Réigiún an fáth nach mór cathracha agus réigiúin a bheith i lár na straitéise téarnaimh agus gurb iad an áit a gcaithfear infheistíochtaí ar bhonn tosaíochta a dhíriú uirthi.

Cé a fhéadann a bheith rannpháirteach?

Comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste Eorpach na Réigiún agus rannpháirtithe Chlár na bPolaiteoirí Tofa Óga de chuid Choiste na Eorpach Réigiún (YEPanna)

Cad iad na tionscadail atá incháilithe?

Iarrtar ar chomhaltaí agus ar Pholaiteoirí Tofa Óga a dtionscadail agus a dtionscnaimh atá curtha i gcrích le déanaí nó atá ar siúl faoi láthair a roinnt, ar tionscadail agus tionscnaimh iad a chuidíonn leis an gComhaontú Glas a bhaint amach agus an Eoraip a bhogadh níos gaire don aeráidneodracht: idir éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh, idir shoghluaisteacht ghlan agus chosaint na bithéagsúlachta nó tionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh. Ní mór do na tionscadail incháilithe rannchuidiú le hastaíochtaí CO2 a laghdú sna hearnálacha atá clúdaithe ag an gComhaontú Glas, straitéis fáis nua an Aontais Eorpaigh chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050:

  • Fuinneamh glan agus éifeachtúlacht fuinnimh (lena n-áirítear fuinnimh in-athnuaite agus athchóiriú foirgneamh)
  • Iompar inbhuanaithe
  • Bithéagsúlacht na hEorpa a chaomhnú
  • Maoiniú inbhuanaithe agus tionscal glas
  • Aistriú chuig geilleagar ciorclach
  • Truailliú nialasach san Eoraip
  • Bia agus talmhaíocht

Conas is féidir liom páirt a ghlacadh ann: Líon isteach an fhoi​rm iarratais ar líne seo a leanas

An bhfuil spriocdháta ann? Cuir isteach d’fhoirm iarratais roimh Dé Luain, an 21 Meán Fómhair 2020.

Teagmháil: enve@cor.europa.eu

Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil: cliceáil anseo chun dul chuig an tairseach agus chuig an meitheal um an gComhaontú Glas faoi chuimsiú CnaR

Roinn :