Cuirfidh Apostolos Tzitzikostas, Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, fáilte roimh Angela Merkel, Seansailéir Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, ag seisiún iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) (#CoRplenary) an 13 Deireadh Fómhair. Cuirfidh an Seansailéir Merkel tosaíochtaí Uachtaránacht na Gearmáine ar an Aontas Eorpach i láthair, pléifidh sí ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i dtaca le pleananna téarnaimh an Aontais de agus cuirfidh sí tús le próiseas machnaimh faoi thodhchaí na hEorpa.
Déanfar sruthú gréasáin ar an díospóireacht ar an 13 Deireadh Fómhair ag 14:30 (is féidir féachaint ar an díospóireacht bheo ar leathanach CnaR nó trí EbS ).
Tar éis di a ráiteas a thabhairt uaithi, beidh plé uair an chloig ann le comhaltaí CnaR – ceannairí áitiúla agus réigiúnacha ó Bhallstáit uile an Aontais – ina measc plé faoina thábhachtaí atá an comhtháthú mar bhunluach ar a mbeidh téarnamh na hEorpa bunaithe, agus torthaí an Bharaiméadair Bhliantúil Réigiúnaigh agus Áitiúil á gcur san áireamh. Díreofar sa díospóireacht ar an mbreisluach don Aontas a bhaineann leis an milliún polaiteoir atá tofa ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil agus ar an ról atá le himirt acu i dtaca leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Déanfar plé freisin ar ról na gcathracha agus na réigiún maidir le pobail athléimneacha inbhuanaithe ghlasa a chur chun cinn.
Cúlra:
Tionól d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla gach ceann de 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh is ea Coiste Eorpach na Réigiún . Cruthaíodh é in 1994 i ndiaidh shíniú Chonradh Maastricht, agus is é an misean atá aige páirt a thabhairt d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais agus iad a chur ar an eolas faoi bheartais an Aontais Eorpaigh. Téann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach i gcomhairle leis an gCoiste maidir le réimsí beartais a mbíonn tionchar acu ar na réigiúin agus ar na cathracha. Ionas gur féidir leo suí ar Choiste Eorpach na Réigiún, ní mór sainordú toghchánach a bheith ag gach duine dá 329 gcomhalta agus dá 329 gcomhalta mhalartacha nó ní mór dóibh a bheith freagrach go polaitiúil do thionól tofa ina réigiún nó ina gcathair féin sa bhaile.
Teagmháil:
Michele Cercone
Urlabhraí an Uachtaráin
Teil. +32 (0)498 9823 49
michele.cercone@cor.europa.eu