Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
An Rabharta Athchóirithe a mhaoiniú: borradh a chur faoin bhfostaíocht agus faoi choigilteas fuinnimh san Aontas Eorpach  

Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) agus an Coimisiún Eorpach le hoibriú i gcomhar le chéile chun dlús a chur le hiarfheistiú foirgneamh poiblí agus príobháideach i bpobail áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais

Is den tábhacht athchóiriú a dhéanamh ar stoc foirgneamh an Aontais má táthar chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus chun borradh a chur faoin bhfostaíocht sa téarnamh tar éis COVID-19. Cé go meastar go bhfuil 75 % de na foirgnimh atá ann i láthair na huaire neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, faoi láthair ní dhéantar athchóiriú ach ar 1 % díobh gach bliain. Is ar fhoirgnimh a théann 40 % de thomhaltas fuinnimh na hEorpa agus is iad is cúis le 36 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) na mór-roinne. Meastar go bhféadfar 160 000 post breise a chruthú in earnáil na tógála faoi 2030 de thoradh an Rabharta Athchóirithe. I ngeall ar ghéarchéim sláinte COVID-19, tá gá breise ann feabhas a chur ar ár bhfoirgnimh agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh, rud a dhéanann difear fós do thart ar 40 milliún saoránach san Aontas.

I seisiún dar teideal Maoiniú an Rabharta Athchóirithe , phléigh ionadaithe ón Aontas Eorpach, ceannairí áitiúla agus réigiúnacha, agus saineolaithe ó gach cearn den Aontas na dúshláin agus na deiseanna maoiniúcháin atá ann do na cathracha agus do na réigiúin chun dlús a chur le hiarfheistiú stoc foirgneamh. Is éard is aidhm don Rabharta Athchóirithe deireadh a chur le bacainní ar athchóiriú foirgneamh, amhail bacainní struchtúracha agus bacainní riaracháin, ganntanas infheistíochtaí, clistí margaidh, bacainní rialála agus easpa saineolais.

Agus tús á chur aige leis an díospóireacht, bhí an méid seo a leanas le rá ag Juan Espadas (ES/PSE) , Méara Sevilla agus Cathaoirleach choimisiún ENVE agus na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil in CnaR: "Tá a fhios againn gur cuid nach beag den chomhrac in aghaidh na géarchéime aeráide sa lá atá inniu ann is ea caoi cheart a chur ár stoc foirgneamh. Deis atá sa Rabharta Athchóirithe, ar colún ríthábhachtach den Chomhaontú Glas don Eoraip é, ár bhfoirgnimh phoiblí, mar shampla ár scoileanna agus ospidéil, ar dtithíocht shóisialta, agus ár dtithe féin, a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos glaise agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de Gan dabht, ní bheidh rath ar an réabhlóid fhairsing uirbeach seo mura ndéanfar í a mhaoiniú, ach ní leor sin. Ní mór dúinn díriú ar spriocanna aeráide agus sóisialta in éineacht chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine ná aon chríoch ar gcúl."

Is éard a dúirt iar-Uachtarán Réigiún na Tuscáine (2010-2020), Enrico Rossi (IT/PSE) , Rapóirtéir CnaR maidir leis an Rabharta Athchóirithe ( bileog eolais faoin tuairim ) agus Comhalta de Chomhairle Bardais Signa (Flórans): " Tá 17 % de mhuintir na hEorpa ina gcónaí i dtithe plódaithe agus tá ar a laghad 34 mhilliún saoránach buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh. Leis an Rabharta Athchóirithe, ní mór an dlúthpháirtíocht agus an cuimsiú sóisialta a mhéadú agus an bhochtaineacht a chomhrac trína thuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh i dtithíocht phoiblí agus shóisialta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Tá éifeachtaí na géarchéime sláinte ar an ngeilleagar thar a bheith tromchúiseach. Is den ríthábhacht borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí in earnáil na tógála, rud a chaithfear a dhéanamh bonn ar bhonn leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19."

Glacfar dréacht-tuairim CnaR maidir leis an Rabharta Athchóirithe ag an gcéad chruinniú eile de choimisiún ENVE an 1 Feabhra , agus tá sé beartaithe go nglacfar an téacs deiridh le linn an tseisiúin iomlánaigh i Márta 2021.

Leag Vlasta Krmelj (SI/PPE) , Méara Selnica ob Dravi atá ina leas-uachtarán ar FEDARENE (Cónaidhm Eorpach de Ghníomhaireachtaí agus de Réigiúin maidir le Fuinneamh agus an Comhshaol) agus ina stiúrthóir ar an ngníomhaireacht fuinnimh ENERGAP , béim mhór air "go bhfuil gníomhaireachtaí fuinnimh ar fud na hEorpa réidh chun cláir nithiúla lena ngiaráiltear infheistíochtaí ollmhóra a chur ar bun trí bhíthin an Rabharta Athchóirithe. Tá éascaitheoirí margaidh ann ag a bhfuil sainorduithe poiblí, a chuireann cúnamh teicniúil ar fáil do bhardais, do réigiúin, do chuideachtaí agus do shaoránaigh, agus é de chumas acu geallsealbhóirí agus leibhéil rialachais a nascadh. Tá inniúlacht agus saineolas acu ar fhoirgnimh, teicneolaíocht, slabhraí luacha chomh maith le taithí ar shamhlacha maoiniúchain a bhfuil sruthanna éagsúla cistiúcháin acu, a struchtúrú."

Chuir Mikel Irujo Amezaga (ES/EA) , Ard-Stiúrthóir Gníomhaíochta Seachtraí Rialtas Navarre in iúl go raibh "taithí an-dearfach againn ó bheith páirteach i gcomhpháirtíocht éifeachtúlachta fuinnimh an Chláir Oibre Uirbigh. Cuid de na bearta atá molta againn, cuireadh san áireamh iad sa togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Rabharta Athchóirithe, cuir i gcás an gá atá le "ionad ilfhreastail" a chruthú chun a chur ar a gcumas do shaoránaigh páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú inbhuanaithe fuinnimh."

I measc na n-aoichainteoirí a ghlac páirt sa díospóireacht, bhí comhalta ó Oifig an Choimisinéara um Fhuinneamh Kadri Simson agus ionadaithe ó DG ENER , DG REGIO agus EASME , i measc ionadaithe eile. Mheabhraigh an t-ionadaí ó BEI nár leor infheistíochtaí poiblí chun an bhearna infheistíochta san éifeachtúlacht fuinnimh atá ann cheana a líonadh. An tseachtain seo caite, rinne CnaR agus BEI an comhar eatarthu a athnuachan le Comhphlean Gníomhaíochta do 2021 .

Ní foláir do na Ballstáit uile straitéisí náisiúnta athchóirithe fadtéarmacha a chur ar bun mar chuid lárnach dá b Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (NECPanna) . Tá rath na straitéisí athchóirithe náisiúnta ag brath go mór ar a mhéid a chuideoidh údaráis áitiúla agus réigiúnacha leo: is minic gur úinéirí nó bainisteoirí mórstoc foirgneamh iad na húdaráis sin agus is iad is cúis le trian den chaiteachas poiblí agus le dhá thrian de na hinfheistíochtaí poiblí a dhéantar san Aontas. Ar an drochuair, léirigh comhairliúchán a rinneadh le déanaí (Eanáir 2021) le CnaR agus Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa 'go bhfuil an-chuid de rialtais na mBallstát ag eisiamh réigiúin agus cathracha ó phleananna téarnaimh iar-COVID-19 a ullmhú.'

Cúlra:

Imeacht de chuid na Meithle um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil is ea “Maoiniú an Rabharta Athchóirithe”. Is cuid de thosaíocht CnaR atá dírithe ar 'pobail acmhainneacha a chothú' é an tionscnamh An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil agus é d’aidhm aige na cathracha agus na réigiúin a chur i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Is éard is aidhm dó freisin a chinntiú gur fíorthionscadail do gach limistéar a thiocfaidh as straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais agus as pleananna téarnaimh COVID-19 agus a chinntiú go gcuirfear maoiniú díreach ar fáil do na cathracha agus na réigiúin. Seoladh ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ an 15 Meitheamh 2020 tar éis do CnaR meitheal nua a chur ar bun ina bhfuil 13 chomhalta . D’fhonn gníomhaíocht a spreagadh agus a bhrostú, áirítear mar chuid den tionscnamh ‘An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil’ léarscáil ar líne ar a bhfuil 200 dea-chleachtas.

Seoladh an Rabharta Athchóirithe an 14 Deireadh Fómhair 2020 tríd an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach 'Rabharta athchóirithe don Eoraip: Glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil' . Is colún mórthábhachta é de Threochlár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip .

Tá sé mar aidhm ag an Rabharta Athchóirithe deireadh a chur le bacainní ar athchóiriú foirgneamh. D’aithin an Grúpa Institiúidí Airgeadais um Éifeachtúlacht Fuinnimh ( EEFIG ) sé chineál bacainní: bacainní struchtúracha, bacainní faisnéise, clistí margaidh, easpa saineolais, meascán tosca a fhágann gur deacair tionscadail a chomhiomlánú agus/nó cur chuige ceantair níos éifeachtúla a chur i gcrích, agus bacainní rialála. Déanann na bacainní uile sin difear díreach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus cuireann siad bac ar a n-acmhainneacht chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i dtionscadail atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

Mar aon le dícharbónú na hearnála iompair agus glasú na gcathracha, is príomhthosaíocht don Chomhaontú Glas é stoc foirgneamh an Aontais Eorpaigh a athchóiriú. Ní hamháin mar gheall ar an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith ann tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí CO 2 a laghdú, ach freisin mar spreagadh don fhás inbhuanaithe agus do chruthú post. Is í earnáil na tógála an earnáil ina gcruthaítear an líon is mó post in aghaidh an mhilliúin euro a infheistítear ( IEA 2020 ).

An tseachtain seo, tá sraith imeachtaí á reáchtáil ag grúpa PSE in CnaR faoin teideal 'Tithíocht do Chách: Is mithid don Eoraip beart a dhéanamh de réir a briathair' .

Teagmháil:

David Crous

david.crous@cor.europa.eu

+32 (0) 470 88 10 37

Roinn :