Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Bliain Eorpach na nIarnród 2021: Glao ar thograí le haghaidh imeachtaí  

Tá tograí le haghaidh imeachtaí á n-iarraidh ag an gCoimisiún Eorpach do chlár oifigiúil Bhliain Eorpach na nIarnród 2021. Is é an 11 Nollaig 2020 an spriocdháta don chéad bhabhta d’iarratais.

A bhuí leis an gComhaontú Glas don Eoraip, cuirtear an inbhuanaitheacht i gcroílár phróiseas ceaptha beartais an Aontais. Is é an t-iompar is cúis le ceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa uile an Aontais agus is léir nach mór ról lárnach a bheith ag an iompar d’iarnród maidir leis an ilrogha modhanna iompair san Aontas amach anseo – do phaisinéirí agus do lasta araon. Is ar an gcúis sin a bhfuil sé molta ag an gCoimisiún 2021 a ainmniú mar Bhliain Eorpach na nIarnród , mar chuid d’iarrachtaí an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Beidh rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara uile ón earnáil iarnróid agus ó earnálacha eile ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar Bhliain Eorpach na nIarnród. Tá an clár oifigiúil imeachtaí á ullmhú faoi láthair ag Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (MOVE) sa Choimisiún Eorpach agus is é an cuspóir atá leis rannpháirtíocht ghníomhach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus geallsealbhóirí réigiúnacha eile a chinntiú agus imeachtaí, comhdhálacha, díospóireachtaí agus taispeántais tionscadal á n-eagrú.

Má tá fonn ort “teacht ar bord na traenach” agus a bheith rannpháirteach trí thionscnamh a phleanáil faoi chuimsiú Bhliain Eorpach na nIarnród, is gá an fhoirm (foirm amháin in aghaidh an tionscnaimh) a líonadh isteach agus a sheoladh chuig AS MOVE ( MOVE-C3-EUROPEAN-YEAR-RAIL-2021@ec.europa.eu ) agus rúnaíocht COTER i gcóip ( COTER@cor.europa.eu ). Is é an 11 Nollaig 2020 an spriocdháta faoina gcaithfear iarratas a dhéanamh chun bheith san áireamh sa chéad bhabhta den chlár oifigiúil.

An bhfuil tuilleadh ceisteanna agat?

Déan teagmháil le MOVE-C3-EUROPEAN-YEAR-RAIL-2021@ec.europa.eu COTER@cor.europa.eu

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ASBESTOS-FREE-EUROPE.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-YEAR-OF-RAIL-2021.ASPX

Local leaders urge stricter rules and more funds to deliver an asbestos-free Europe
Local leaders urge stricter rules and more funds to deliver an asbestos-free Europe
16.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/APPLICATIONS-FOR-EUREGIONSWEEK-2023-ARE-OFFICIALLY-OPEN.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-YEAR-OF-RAIL-2021.ASPX

Applications for the #EURegionsWeek 2023 are officially open!
Applications for the #EURegionsWeek 2023 are officially open!
22.02.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/COTER-16-FEB-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-YEAR-OF-RAIL-2021.ASPX

President Vasco Alves Cordeiro and COTER Chair Emil Boc will lead the work to defend the future of cohesion policy for all European regions
President Vasco Alves Cordeiro and COTER Chair Emil Boc will lead the work to defend the future of cohesion policy for all European regions
16.02.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EP-VOTE-AUTOMOTIVE-REGIONS-ALLIANCE-.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-YEAR-OF-RAIL-2021.ASPX

Vehicle emissions: new EU regulation mobilises the Automotive Regions Alliance to make the industry green transition socially fair
Vehicle emissions: new EU regulation mobilises the Automotive Regions Alliance to make the industry green transition socially fair
14.02.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/NAT-SHORT-TERM-RENTAL.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-YEAR-OF-RAIL-2021.ASPX

Tourism: regions and cities need transparency rules and access to data in order to regulate short-term rentals
Tourism: regions and cities need transparency rules and access to data in order to regulate short-term rentals
31.01.2023