Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an compás i bplean téarnaimh COVID-19 an Aontais  

Ós rud é go bhfuil tionchar an tríú ráig den víreas COVID-19 le sonrú ar gach críoch, beagnach, is é príomhfhócas na gceannairí áitiúla agus réigiúnacha do 2021 téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach, rud a fhágfaidh nach mbeidh aon saoránach ar lár

Chuir an Coimisiún um an gComhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh (ENVE) de Choiste Eorpach na Réigiún (CnaR) a chlár oibre 2021 i láthair inniu. Is é an phríomhthosaíocht ag na ceannairí áitiúla agus réigiúnacha a chinntiú go n-eascróidh tionscadail nithiúla as plean téarnaimh COVID-19, tionscadail ina gcuirfear dlús leis an aistriú i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de agus lena gcruthófar poist agus an chuimsitheacht shóisialta i ngach críoch ag an am céanna. Le linn cruinniú inar cuireadh fáilte roimh Florika Fink-Hooijer , Ard-Stiúrthóir nua Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil sa Choimisiún Eorpach, pléadh an uaillmhian i leith na haeráide, athchóiriú stoc foirgneamh na hEorpa, an bhithéagsúlacht agus an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol. Roinn na Feisirí a dtaithí agus na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19. Tionólfaidh CnaR seisiún iomlánach an 3-5 Feabhra 2021 .

Ag oscailt an chruinnithe dó, dúirt Méara Sevilla, Juan Espadas (ES/PSE) : “ Tá ról lárnach ag cathracha agus ag réigiúin maidir le dul i ngleic le paindéim COVID-19 agus caithfidh siad a bheith i gcroílár aon phlean téarnaimh lenár gcríocha a atógáil agus a fheabhsú. Is é an gníomhú ar son an chomhshaoil agus na haeráide an rud is mó a dhéanfaidh leas don téarnamh, ach ní éireoidh leis sin mura ndéanfar an comhar il-leibhéil a neartú, agus cistiú iomchuí a chur ar fáil chun tacú leis. Ní éireoidh linn cathracha athléimneacha a thógáil a bheidh slán i bhfad na haimsire, cathracha a bhainfidh spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip amach maidir le neodracht aeráide agus cosaint an chomhshaoil ach amháin má bhíonn ról ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le straitéisí téarnaimh inbhuanaithe a cheapadh agus saintréithe geografacha agus sóisialta gach críche a chur san áireamh.” Is é Juan Espadas Cathaoirleach ar Choimisiún ENVE agus ar an meitheal An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil .

“Tuigimid go maith an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun beartais chomhshaoil a chur i gcrích go rathúil ar an leibhéal áitiúil. Agus ní féidir linn é a bhaint amach gan dul i gcomhar le CnaR ”, a dúirt Florika Fink-Hooijer , an tArd-Stiúrthóir nua atá i gceannas ar Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil. “ Tá an Comhaontú Glas don Eoraip fós ina chompás ag plean téarnaimh an Aontais Eorpaigh ”, a dúirt Florika Fink-Hooijer roimh thosaíochtaí comhshaoil an Choimisiúin do 2021 a leagan amach. Áirítear orthu sin an plean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach (tá comhairliúchán ar siúl go dtí an 10 Feabhra 2021), tionscnamh an Choimisiúin maidir le táirgí inbhuanaithe , an straitéis nua foraoise agus dlús a chur leis an uaillmhian i leith na haeráide agus na bithéagsúlachta roimh mhórchruinnithe mullaigh domhanda a bheidh ann in 2021. Mhol Florika Fink-Hooijer go ndéanfadh CnaR ardán nua a óstáil do gheallsealbhóirí le haghaidh plean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach a bheidh ann go luath.

Le linn a chuid cainte, mheabhraigh rapóirtéir na tuairime maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, Andries Gryffroy (BE/EA) , an togra ó Choiste Eorpach na Réigiún scórchlár réigiúnach a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis fáis inbhuanaithe an Aontais ar an leibhéal áitiúil.

Chuir Dimitrios Karnavos (EL/PPE) i láthair príomhphointí a dhréacht-tuairime maidir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC) . Chuir Méara Kallithea i bhfios gur mhéadaigh ráig COVID-19 an gá atá le nasc níos fearr idir an tsláinte agus an comhshaol. I dtuairim an Mhéara Karnavos uirlis chun timpeallacht inbhuanaithe ghnó a chur chun cinn agus infheistíochtaí glasa a chothú atá san 8ú CGC. Sa tuairim a dhréachtaigh an rapóirtéir Karnavos, iarrtar ar an gCoimisiún an tArdán Teicniúil don Chomhshaol a chur sa togra le haghaidh an 8ú CGC atá á chaibidil faoi láthair ar an leibhéal idirinstitiúideach. Tá sé beartaithe an tuairim a ghlacadh ag seisiún iomlánach an Choiste ar an 3-5 Nollaig 2021. Labhair an Feisire Eorpach, Grace O’SULLIVAN (IE/Na Glasaigh) , rapóirtéir Pharlaimint na hEorpa do Chlár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030, agus thug sí le fios go bhfuil an Pharlaimint tiomanta comhoibriú le CnaR chun an clár oibre comhshaoil a chur ar aghaidh.

Ghlac comhaltaí Choimisiún ENVE dréacht-tuairim maidir le “Rabharta Athchóirithe don Eoraip – Glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil” . Dúirt an rapóirtéir Enrico ROSSI (IT/PSE) , iar-uachtarán Réigiún na Toscáine (2010-2020) agus atá anois ina chomhalta de Bhardas Signa (Flórans): “ Is acmhainní neamhghnácha iad na hacmhainní Eorpacha a bheidh ar fáil sna blianta amach romhainn. D'fhéadfaí borradh a chur faoin infheistíocht phoiblí in earnáil na tógála a bhuí leis an bplean téarnaimh. Rialachas il-leibhéil atá uainn, lena n-áirítear maoiniú, go háirithe saoráid cúnaimh theicniúil a mbeidh teacht ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla uile uirthi chun an rabharta athchóirithe a chur chun feidhme, agus níos mó solúbthachta maidir le rialacha buiséadacha do chathracha agus do réigiúin chun tacú lena n-acmhainn infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú foirgneamh. Is deis é an rabharta athchóirithe foirgneamh a chaithfimid a thapú.” Eagraíodh seimineár gréasáin ar mhaoiniú an rabharta athchóirithe an 27 Eanáir seo caite . Glacfar dréacht-tuairim Enrico Rossi an 17-19 Márta 2021.

Roinn na comhaltaí a smaointe faoi na tuairimí seo a leanas:

Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid chun ullmhú do COP26 . Is é méara Autun, Vincent CHAUVET (FR/Renew Europe) , an rapóirtéir. Glacfar an dréacht-tuairim an 26 Márta 2021 agus beidh an vótáil chríochnaitheach ann le linn sheisiún iomlánach CnaR an 30 Meitheamh – 2 Iúil 2021.

Ceimiceáin shábháilte agus inbhuanaithe do chomhshaol atá saor ó thocsainí i gcathracha agus i réigiúin na hEorpa . Is é Uachtarán Réigiún Mazowieckie, Adam STRUZIK (PL/PPE) an rapóirtéir. Glacfar an dréacht-tuairim sin an 26 Márta 2021 agus beidh an vótáil chríochnaitheach ann ag seisiún iomlánach CnaR an 5-7   Bealtaine 2021.

Údaráis áitiúla agus réigiúnacha a chosnaíonn an mhuirthimpeallacht le Emma Nohrèn (SE/Na Glasaigh) , leasmhéara Bhardas Lysekil. Glacfar an dréacht-tuairim an 26 Márta 2021 agus beidh an vótáil chríochnaitheach ann ag seisiún iomlánach CnaR an 5-7 Bealtaine 2021.

Ba dhíol sásaimh do ENVE rannpháirtíocht Joke Schauvliege (BE/PPE) , comhalta den Pharlaimint Phléimeannach agus rapóirtéir na tuairime maidir le “Taithí agus ceachtanna a foghlaimíodh sna réigiúin agus cathracha le linn ghéarchéim COVID-19” . Glacfar an dréacht-tuairim sin le linn sheisiún iomlánach CnaR i mí an Mhárta 2021.

Beidh an chéad chruinniú eile ag Comisiún ENVE an 26 Márta 2021.

Cúlra:

Sa tuarascáil ar staid an chomhshaoil in 2020 , tugann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) rabhadh go bhfuil dúshláin chomhshaoil roimh an Eoraip ar scála agus ar phráinn nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.

Léigh anseo agallamh gréasáin le Dimitrios Karnavos (EL/PPE) maidir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC).

Tuilleadh eolais faoi thionscnamh CnaR “An Comhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil” agus is féidir dea-chleachtais Choiste Eorpach na Réigiún a fheiceáil ar léarscáil ar líne.

Teagmháil:

David Crous

+32 (0) 470 88 10 37

Roinn :
 
Nuacht ghaolmhar

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/LOCAL-LEADERS-URGE-EUROPEAN-COMMISSION-TO-CREATE-VULNERABILITY-SCOREBOARD.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-GREEN-DEAL-COMPASS-EU-COVID-19-RECOVERY-PLAN.ASPX

Resilience: Local leaders urge the European Commission to create a vulnerability scoreboard to be better prepared to cope with crises
Resilience: Local leaders urge the European Commission to create a vulnerability scoreboard to be better prepared to cope with crises
31.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ACTION-PLAN-WITH-ICLEI.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-GREEN-DEAL-COMPASS-EU-COVID-19-RECOVERY-PLAN.ASPX

Action Plan with ICLEI
Action Plan with ICLEI
29.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/GREENING-OF-PEST-MANAGEMENT.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-GREEN-DEAL-COMPASS-EU-COVID-19-RECOVERY-PLAN.ASPX

Local and regional authorities demand a fund for the greening of pest management
Local and regional authorities demand a fund for the greening of pest management
16.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/BOOSTING-GREEN-INVESTMENTS-INCREASING-FUNDS-KEY-PRIORITY.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-GREEN-DEAL-COMPASS-EU-COVID-19-RECOVERY-PLAN.ASPX

Boosting green investments and increasing direct funds for cities and regions remains a key priority for local leaders in 2023
Boosting green investments and increasing direct funds for cities and regions remains a key priority for local leaders in 2023
08.03.2023

1.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/ENVE-14-FEB-2023.ASPX

2.HTTPS://COR.EUROPA.EU/GA/NEWS/PAGES/EUROPEAN-GREEN-DEAL-COMPASS-EU-COVID-19-RECOVERY-PLAN.ASPX

Tackling pollution and the energy crisis amongst EU local leaders 2023 key priorities
Tackling pollution and the energy crisis amongst EU local leaders 2023 key priorities
15.02.2023