Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Duais an Réigiúin Fiontraíochta Eorpaigh: Eagrán speisialta faoin bhfreagairt ar COVID-19  

Tá glao ar iarratais seolta ag Coiste Eorpach na Réigiún (CnaR) le haghaidh eagrán speisialta de dhuais an Réigiúin Fiontraíochta Eorpaigh (RFE). Faoin teideal “An Fhiontraíocht le haghaidh Téarnamh Inbhuanaithe”, is féidir le lucht na gcathracha, na réigiún agus na mbardas straitéisí a chur isteach maidir leis an gcaoi a mbeartaíonn siad tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) sa dá bhliain atá amach romhainn. Is é an 28 Deireadh Fómhair 2020 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Gach bliain, tugann Coiste Eorpach na Réigiún duais RFE do thrí cinn de chathracha, réigiúin nó bardais a bhfuil straitéisí sármhaithe acu, agus iad dírithe ar an todhchaí, lena dtugtar tacaíocht do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do chuideachtaí atá i mbun fáis. Más Réigiún Fiontraíochta Eorpaigh atá ann, tugtar aitheantas do straitéisí fiontraíochta áitiúla nó réigiúnacha agus tugtar léargas orthu siúd freisin. Tugtar rochtain ar líonra críoch ceannródaíoch atá ag dul i méid agus ina bhfuil na héiceachórais fiontraíochta á neartú go gníomhach agus dea - chleachtais á malartú, agus ina n-oibrítear i gcomhar ar thionscadail Eorpacha.

Le heagrán speisialta na bliana seo, cuirtear le duais leathnaithe RFE, 2021 agus tugtar spreagadh do réigiúin agus cathracha an Aontais le straitéisí a fhorbairt chun borradh a chur faoin bhfiontraíocht agus faoi FBManna lena ndírítear ar thionchar ghéarchéim COVID-19. Tabharfar an duais do suas le sé cinn de réigiúin a mbeidh lipéad RFE acu ar feadh tréimhse dhá bhliain (2021 agus 2022), rud a thabharfaidh deis dóibh straitéisí a phleanáil agus a chur chun feidhme le haghaidh téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch rathúil.

Próiseas fada a bheidh ann chun geilleagar an Aontais a atógáil tar éis ghéarchéim Covid-19 agus beidh iarrachtaí de dhíth ar gach leibhéal chuige sin, is é sin an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Beidh an fhiontraíocht agus an nuálaíocht ag teastáil ar scála mór ónár gcuid geilleagar áitiúil chun an dúshlán sin a shárú, agus lántairbhe á baint as na deiseanna atá ar fáil trí aistriú glas digiteach. Beidh feidhmíocht ár gcuid FBManna ar cheann de na príomhbhealaí chun inneall eacnamaíoch na hEorpa a atosú agus athléimneacht fhadtéarma na hEorpa a neartú. Beidh orainn ár mbeartais, ár bpleananna forbraíochta áitiúla mar aon lenár straitéisí forbraíochta áitiúla a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an staid nua eacnamaíoch agus shóisialta sin a léiriú , a dúirt Michael Murphy , Cathaoirleach Choimisiún CnaR um Beartas Eacnamaíoch (Coimisiún ECON).

Seoladh an t-eagrán speisialta de dhuais RFE go foirmiúil le linn díospóireacht le hionadaithe ón gCoimisiún Eorpach maidir le tionchar eacnamaíoch na paindéime agus maidir le bearta freagartha an Aontais i bhfabhar FBManna agus an tionscail.

Is léir ó Dhuais an Réigiúin Fiontraíochta Eorpaigh go mbeidh luas an téarnaimh eacnamaíoch san Aontas ag brath ar ghníomhaíochtaí cinntitheacha a ghlacfar ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Tacaíonn an Coimisiún Eorpach go hiomlán le tionscnamh RFE trína dtugtar spreagadh do réigiúin agus cathracha an Aontais chun tús áite a thabhairt don fhiontraíocht ina gcuid straitéisí agus pleananna gníomhaíochta , a dúirt Kristin Schreiber , Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (AS GROW) sa Choimisiún Eorpach agus comhalta de ghiúiré dhuais RFE.

Beidh an glao ar iarratais do RFE, 2021-2020 ar oscailt go dtí an 28 Deireadh Fómhair 2020 . Chun iarratas a chur isteach, tabhair cuairt ar leathanach gréasáin RFE .

Teagmháil:

Carmen Schmidle

Teil. +32 (0)494 735787

carmen.schmidle@cor.europa.eu

Roinn :