D’iarr Coiste Eorpach na Réigiún ar an Aontas Eorpach paitinní le haghaidh vacsaíní in aghaidh víreas COVID - 19 a tharscaoileadh go sealadach, chun srian a chur le leathadh tapa na paindéime. D’éiligh sé freisin go méadófaí an táirgeadh san Eoraip agus go gcuirfí dlús leis an bhfeachtas vacsaínithe ar fud na hEorpa.
Is é an Coiste – tionól de rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh – an chéad institiúid san Aontas a d’iarr an tarscaoileadh. Leis an méadú a tháinig ar líon na n-ionfhabhtuithe in ilchríocha eile le déanaí, cuireadh leis an mbrú chun cearta maoine intleachtúla a chur ar fionraí ar mhaithe le táirgeadh na vacsaíní a uasmhéadú agus rochtain chothrom orthu a áirithiú.
Seo mar a labhair Apostolos Tzitzikostas , Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus Gobharnóir na Macadóine Láir: “Is ceart bunúsach é an cúram sláinte bunúsach, agus is é seo an bhagairt is bunúsaí ar an tsláinte dhomhanda leis na glúnta. Ní ghlacfar le náisiúnachas vacsaíne, agus ní mór don Aontas Eorpach leanúint de dhea-shampla a thabhairt, lena dtugtar cosaint dá shaoránaigh uile, gan réigiún, cathair ná críoch ar bith a fhágáil ar lár. Le tacaíocht ó chistí an Aontais, tá obair thar na bearta déanta ag eolaithe, ag lucht tionscail agus ag rialtóirí chun cóireálacha éifeachtacha a fháil chomh tapa sin. Ní mór don Aontas Eorpach a léiriú go bhfuil sé dílis don dlúthpháirtíocht agus dá luachanna, lena n-áirithítear tarscaoileadh sealadach maidir le paitinní vacsaíní COVID-19 agus lena méadaítear táirgeadh vacsaíní chun cabhrú le gach comhphobal ar domhan.”
Bhí Ximo Puig (ES/PSE), Uachtarán Rialtas Réigiúnach Valencia, chun tosaigh ag iarraidh go gcuirfí paitinní ar fionraí. Ag labhairt dó ag seisiún iomlánach CnaR, bhí an méid seo a leanas le rá aige: “Níl an phaindéim curtha dínn go fóill. Cailleadh níos mó daoine dá barr ná mar a maraíodh i gcathanna Verdun agus Stalingrad. Chun deireadh a chur léi, beidh na billiúin vacsaíní de dhíth orainn in aghaidh na bliana do dhaonra iomlán an domhain. Sin an fáth nach mór don Eoraip a chinntiú go gcomhlíonfaidh na cuideachtaí móra cógaisíochta a gcuid gealltanas seachadta. Tá tuilleadh acmhainneachta monaraíochta agus seachadta vacsaíní de dhíth orainn. Chuige sin, molaim roghanna amhail paitinní a chur ar fionraí go sealadach, cúiteamh airgeadais a thabhairt do shaotharlanna má roghnaítear an fhoirmle maidir le ceadúnú éigeantach, nó an gá atá le comhar idir cuideachtaí chun táirgeacht a mhéadú. Ní féidir linn an méid a tharla ar láithreacha catha Stalingrad nó Verdun san am atá caite a athrú, ach tá deis fós ann an tragóid dhaonna seo a mhaolú.”
Tá an togra leagtha amach i rún — ‘on free movement during the COVID-19 pandemic (Digital Green Certificate) and the scaling up of vaccine production’ [‘maidir le saorghluaiseacht le linn phaindéim COVID-19 (Deimhniú Glas Digiteach) agus méadú ar tháirgeadh na vacsaíní’] — a pléadh an 6 Bealtaine agus a glacadh an 7 Bealtaine. Luaitear sa rún “d’fhonn táirgeadh na vacsaíní a mhéadú, d’fhéadfadh an tAontas Eorpach féachaint ar réitigh nua amhail paitinní le haghaidh leigheasanna agus teicneolaíochtaí leighis a úsáidtear chun ionfhabhtuithe COVID-19 a chóireáil nó a chosc, a chur ar fionraí go sealadach”.
Dúirt na Stáit Aontaithe an 5 Bealtaine go gcuirfeadh siad tús le hidirbheartaíocht ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun rialacha maidir le paitinní a theachtann cuideachtaí cógaisíochta a mhaolú. Dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an 6 Bealtaine go bhfuil an tAontas Eorpach “réidh aon togra lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim, a phlé ar bhealach éifeachtach, pragmatach”.
I suirbhé a choimisiúnaigh Coiste Eorpach na Réigiún, fuarthas amach i mí Mheán Fómhair seo caite go bhfuil níos mó muiníne ag muintir na hEorpa as na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ná mar atá acu as an Aontas Eorpach ná as a rialtas náisiúnta féin, agus gurb i réimse na sláinte is mó a theastaíonn uathu go mbeadh tionchar níos mó ag na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ar na cinntí a dhéantar ar leibhéal an Aontais.
Teagmháil:
Andrew Gardner
Teil. +32 473 843 981
andrew.gardner@cor.europa.eu