Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Ní mór don Aontas Eorpach tacú leis na cathracha agus na réigiúin chun éifeachtaí Brexit a shárú  
I ndíospóireacht inar leagadh béim ar na héiginnteachtaí a mbeadh na saoránaigh agus an geilleagar thíos leo i gcónaí, tugadh moladh do Michel Barnier as na hiarrachtaí atá déanta aige chun tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ón Aontas a bhaint amach.

Ar an 6 Nollaig d'áitigh ceannairí réigiúnacha agus áitiúla ar an Aontas Eorpach bearta a dhéanamh chun an tionchar a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe a mhaolú, agus foráil a dhéanamh do bhuiséad an Aontais Eorpaigh a chuirfeadh borradh faoi na geilleagair réigiúnacha. Iarradh an méid sin le linn díospóireacht sa Bhruiséil le Michel Barnier, agus moladh Príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh leis an Ríocht Aontaithe as comhaontú a thabhairt i gcrích lena gcuirtear srian leis na rioscaí le haghaidh an Aontais agus Phoblacht na hÉireann, go háirithe, agus as an obair for-rochtana a rinne sé leis na cathracha agus na réigiúin le linn na gcaibidlíochtaí.

Labhair an tUasal Barnier ag Coiste Eorpach na Réigiún – tionól de rialtais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh – cúpla lá tar éis do chinn stáit agus rialtais na mBallstát an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormhuiniú, a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe mar chéad chéim daingniúcháin ar an 11 Nollaig. Ní mór an comhaontú sin a bheith ann sula ndeanfar pléití ar an gcaidreamh fadtéarmach a bheidh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Dúirt an tUasal Barnier le Coiste Eorpach na Réigiún i mí an Mhárta 2017 nár mhór don chaidreamh sin a bheith 'uaillmhianach' i réimse na trádála, an taighde agus na nuálaíochta, gníomh ar son na haeráide, an chomhair idirnáisiúnta agus na forbraíochta, agus na slándála.

Dúirt an tUasal Barnier, Príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh agus iarchoimisinéir Eorpach um Fhorbairt Réigiúnach, " Is socrú cothrom é, is é an t-aon socrú amháin, agus an ceann is fearr is féidir. Urramaíonn an comhaontú prionsabail an Aontais, agus línte dearga na Ríochta Aontaithe á gcur san áireamh. I gclárthréimhse reatha an Aontais Eorpaigh, 2014-2020, chomhaontaíomar go gcomhlíonfaidh na 28 mBallstát na gealltanais uile a thug na 28, rud a chuirfidh cobhsaíocht airgeadais ar fáil. Cinnteoidh sé iomaíocht chóir agus coimeádfaidh sé deiseanna comhair le cathracha, réigiúin nó ollscoileanna de chuid na Ríochta Aontaithe. Coimeádfaidh sé dinimiceas eacnamaíoch ar siúl inár gcríocha, a bhfuil cuid acu i mbun dlúththrádáil leis an Ríocht Aontaithe. Ach gan daingniú, ní bheidh aon chomhaontú um tharraingt siar ná aon idirthréimse ann. Ní féidir cás 'nach mbeidh socrú ar bith ann' a chur as an áireamh, ar an ábhar sin, ní mór do na réigiúin agus na cathracha a bheith faoi réir le tabhairt faoi".

Dúirt Karl-Heinz Lambertz (BE/PES), Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún agus comhalta de Seanad na Beilge a dhéanann ionadaíocht thar ceann Phobal na Gearmáinise: Is é an Comhaontú um Tharraingt Siar an comhréiteach is fearr i bhfianaise idirbheartaíocht chasta, ach beidh a thionchar le brath mar sin féin sna réigiúin ar fud na 27 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe. I dtaca le Brexit beidh gach aon taobh thíos leis agus ní mór don Aontas Eorpach a sheacht ndícheall a dhéanamh anois chun srian a chur leis an díobháil a thiocfaidh as. Ciallaíonn ullmhacht go mbeidh gach leibhéal rialtais páirteach go gníomhach. Ní mór don Aontas Eorpach buiséad fadtéarmach a chomhaontú a bheidh níos uaillmhianaí agus, d’fhonn an éiginnteacht a laghdú, a chinntiú go mbeidh sé comhaontaithe roimh thoghcháin an Aontais Eorpaigh. Seo cúis eile nach féidir aon chiorruithe a dhéanamh ar chistí forbraíochta réigiúnaí i mBuiséad an Aontais i ndiaidh 2020. Ní mór do gach duine atá rannpháirteach ann éisteacht go cúramach le héileamh na réigiún ar idirbheartaíochtaí níos cuimsithí, go háirithe toisc go mbeidh roinnt parlaimintí réigiúnacha rannpháirteach i gcomhaontú aon socraithe trádála idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sa todhchaí.”

Ón uair ar labhair an tUasal Barnier le Coiste Eorpach na Réigiún i mí an Mhárta 2017, sheol an Coiste cleachtadh mapála chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tarraing siar na Ríochta Aontaithe ar réigiúin agus ar chathracha a fháil amach. Coiste Eorpach na Réigiún, a bhuail le hionadaithe ó údaráis riaracháin chineachta agus rialtais áitiúla na Ríochta Aontaithe. Chomh maith leis sin sheol sé suirbhé eacnamaíoch ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ar chomhlachais áitiúla tráchtála, agus choimisiúnaigh sé staidéar um measúnú ar thionchar Brexit ar réigiúin shonracha (an Bheilg, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Pholainn, agus an Spáinn) agus ar roinnt earnálacha ar fud an Aontais (iompar, innealra, leictreonaic, bia, ceimiceáin, teicstílí agus troscán). I mí na Bealtaine 2018, ghlac Coiste Eorpach na Réigiún rún polaitiúil inar iarradh ar an Aontas Eorpach a chinntiú nach bhfágfaí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina n-aonar chun déileáil leis na dúshláin a thiocfadh as imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

D'iarr Coiste Eorpach na Réigiún go mbeadh buiséad an Aontais in 2021-27 coibhéiseach le 1.3 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais tar éis tharraing siar na Ríochta Aontaithe.

Teagmháil:

Andrew Gardner

Teil.: +32 (0)473 843 981

andrew.gardner@cor.europa.eu

Roinn :