Cliceáil anseo chun leagan meaisínaistrithe den téacs a fháil.
Tá rabhadh tugtha ag Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Apostolos Tzitzikostas, nár cheart don Aontas Eorpach réigiúin ná oileáin túslíne na Bulgáire agus na Gréige a fhágáil san fhaopach le linn na géarchéime imirce nua  
​An ghéarchéim imirce ar chlár oibre iomlánach Choiste Eorpach na Réigiún i mí an Mhárta

Ráiteas ó Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún, Apostolos Tzitzikostas:

Tá ar na mílte imirceach agus dídeanaithe an Tuirc a fhágáil agus tá siad ag teacht chomh fada leis an Eoraip trí theorainneacha Eorpacha na Gréige agus na Bulgáire.

Cé go dtuigimid na cúiseanna daonnúla a fhágann go mbíonn ar na mílte daoine, atá ag éalú ó chogadh agus ag teitheadh ó mhí-úsáid, a mbaile a fhágáil, níor cheart don Aontas réigiúin ná oileáin túslíne na Bulgáire agus na Gréige a fhágáil san fhaopach le linn na géarchéime imirce nua seo.

Maidir le saoránaigh an Aontais ó na pobail sin, atá thíos leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta le blianta beaga anuas, níor cheart go mbraithfidís go bhfuil siad ina n-aonar ná tréigthe, díreach nuair atá an dlúthpháirtíocht Eorpach ag teastáil uathu go géar.

Ní saincheisteanna náisiúnta don Ghréig ná don Bhulgáir iad na rabhartaí nua imirceach sin. Is saincheisteanna don Aontas iad a bhaineann le saoránaigh uile na hEorpa ó gach Ballstát agus ó gach réigiún agus cathair san Eoraip.

Ní mór don Eoraip foghlaim ó na botúin a rinne sí roimhe seo agus gníomhú ar bhealach comhordaithe, tapa agus nithiúil, chun an t-ualach ar na pobail áitiúla a laghdú.

Is díol sásaimh dom go bhfuil ceannaireacht an Aontais i láthair ag teorainneacha seachtracha an Aontais inniu. David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, in éineacht le Príomh-Aire na Gréige, Kyriakos Mitsotakis, tá cuairt á tabhairt acu ar Evros inniu, ar teachtaireacht láidir dlúthpháirtíochta í. Is mithid dúinn gníomhú agus bearta nithiúla a dhéanamh.

Iarraim, dá bhrí sin, ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit idirghabháil a dhéanamh i sé phríomhréimse tosaíochta:

1) Iarraim ar an gCoimisiún Eorpach níos mó baill foirne ó Frontex agus ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn a imscaradh chuig na réigiúin agus na hoileáin túslíne go léir. Ní mór do ghardaí teorann, baill foirne agus saineolaithe an Aontais an brú atá ar údaráis náisiúnta agus réigiúnacha faoi láthair a mhaolú.

2) Iarraim ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit cúnamh airgeadais spriocdhírithe a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna limistéir atá buailte d’fhonn an t-ualach atá ag eascairt as an ngéarchéim imirce a laghdú.

3) Táim ag brath ar na Ballstáit uile freagracht a léiriú agus ualach na géarchéime imirce a chomhroinnt, rud atá ag teastáil anois níos mó ná riamh. Is trí líon na n-iarrthóirí tearmainn agus na ndídeanaithe a chomhroinnt ar gach tír san Aontas, agus tríd sin amháin, is féidir linn freagairt don raic atá á tógáil ag ár bpobal ar son fíor - dhlúthpháirtíocht Eorpach a chothú. Iarraim ar Uachtaránacht reatha na Cróite ar an Aontas agus ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí gníomhú láithreach.

4) Iarraim ar an gCoimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartais maidir le comhaontuithe um athligean isteach le tíortha tionscnaimh na n-imirceach. Ní mór dó gach modh atá ar fáil dó a úsáid, lena n - áirítear coinníollacht maidir le cabhracha forbraíochta agus maidir le caibidlíochtaí faoi chomhaontú trádála, chun a áirithiú go ndéanfar imircigh, nach bhfuil teideal dlíthiúil acu fanacht san Eoraip, a chur ar ais chuig a dtíortha baile.

5) Iarraim ar na hInstitiúidí Eorpacha a áirithiú go ndéanfar an Comhaontú idir an tAontas agus an Tuirc a urramú ina iomláine.

6) Iarraim ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh teacht ar chomhaontú go gasta maidir leis an athchóiriú ar Rialachán Bhaile Átha Cliath, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa cheana.

Mar Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún agus thar ceann údaráis réigiúnacha agus áitiúla uile an Aontais, cuirfidh mé an tsaincheist thar a bheith tromchúiseach seo ar chlár oibre an tseisiúin iomlánaigh a bheidh againn i mí an Mhárta.  

Urlabhraí an Uachtaráin:

Michele Cercone

Teil. +32 (0)498 98 23 49

Michele.Cercone@cor.europa.eu

Roinn :