Bhí díospóireacht ag comhaltaí an Choimisiúin um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha (CIVEX) in CnaR an 22 Meán Fómhair faoin staid pholaitiúil sa Bhealarúis agus bhí Petras Auštrevičius (LT/Renew Europe), an rapóirtéir maidir leis an gcaidreamh leis an mBealarúis i bParlaimint na hEorpa, páirteach sa díospóireacht sin.
An 17 Meán Fómhair , dhiúltaigh formhór fheisirí Pharlaimint na hEorpa do thorthaí oifigiúla an “toghcháin uachtaránachta más fíor” a tionóladh an 9 Lúnasa . Dúirt an tUasal Auštrevičius go bhfuil “dlúthpháirtíocht de dhíth orainn, tacaíocht de dhíth orainn, agus smachtbhannaí de dhíth orainn” sa bheartas atá ag an Aontas i leith na Bealarúise. Tharraing sé aird ar an bhfreagairt “bhrúidiúil” a d’ordaigh Aleksandr Lukashenko, a ceapadh ina uachtarán ar an mBealarúis in 1994, ar agóidí i gcoinne toghchán ar thagair Parlaimint na hEorpa dó mar “thoghchán calaoiseach”. Thug sé cuntas freisin ar an gcruinniú a bhí ag Parlaimint na hEorpa an 21 Meán Fómhair le Sviatlana Tsikhanouskaya, iarrthóir an fhreasúra sa toghchán sin.
An 11 Meán Fómhair , d’eisigh biúró CnaR ráiteas ina gcáintear “gach foréigean, brú faoi chois agus gabháil lucht agóide síochánta”, ráiteas inar iarradh ar “na húdaráis áitiúla sa Bhealarúis ... cuidiú le teacht ar réiteach polaitiúil ar an ngéarchéim”, agus inar spreagadh “cathracha agus réigiúin san Aontas Eorpach chun comhar agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt le cathracha agus réigiúin na Bealarúise”. D’fhéadfaí é sin a chothú laistigh de chreat Chomhdháil na nÚdarás Réigiúnach agus Áitiúil le haghaidh Chomhpháirtíocht an Oirthir (CORLEAP), creat a chuireann bealach cumarsáide institiúideach ar fáil le hionadaithe tofa ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear ón mBealarúis, agus ardán do thionscnaimh áitiúla agus réigiúnacha lena gcuirtear forbairt chríochach inbhuanaithe agus athchóiriú díláraithe chun cinn .
Agus iad ag malartú tuairimí leis an bhFeisire Auštrevičius ag cruinniú CIVEX, leag comhaltaí na ngrúpaí polaitiúla uile in CnaR béim ar thacaíocht leathan a ngrúpaí polaitiúla leis an dearcadh atá ag an Aontas i leith an toghcháin. Dúirt Aleksandra Dulkiewicz (PL/PPE), méara Gdansk, go raibh sé “an-tábhachtach go mbraithfidís [Bealarúisigh ag teacht isteach san Aontas] slán inár bpobail áitiúla, ach é a bheith níos tábhachtaí fós tacú le daoine óga a raibh orthu a dtír a fhágáil chun leanúint dá n-oideachas”. Dúirt Per Bødker Andersen (DK/PSE), Comhalta de Bhardas Kolding, go dtacaíonn sóisialaithe na hEorpa go láidir le cinneadh Pharlaimint na hEorpa seasamh le muintir na Bealarúise agus lena streachailt ar son an daonlathais. Tharraing sé aird ar fheachtas ar líne na Sóisialaithe Eorpacha “ We hear you, Belarus ” . Dúirt Matteo Bianchi (IT/ECR) ó Chomhairle Bhardasach Morazzone go raibh an Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa “i bhfabhar an tacaíocht a thugtar don Bhealarúis a mhéadú, ach ar bhealach nach mbainfidh Aleksandr Lukashenko leas as an maoiniú seo”.